Súil siar ar na cluichí Gaeltachta (le físeán)

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar na cluichí móra a d'imir foirne Gaeltachta ag an deireadh seachtaine.


Craobh Chonnacht Sóisear tugtha leo ag Oileáin Árann

Sa chluiche uile-oileáin seo idir fir Árann agus fir Acla, is é foireann na Gaillimhe a bhí buacach, 0-16 in aghaidh 0-8. Bhí slua ollmhór I láthair dTuaim agus thug an dá fhoireann sárthaispeántas dóibh.

Chuir Oileáin Árann tús iontach leis an gcluiche agus bhí siad trí phointe chun cinn taobh istigh de cheithre nóiméad. Cé go ndearna Acaill teacht aniar áirithe, bhí an bhearna méadaithe ag Árainn ag leath-am, 0-8 in aghaidh 0-4.

Thosaigh fir Mhaigh Eo go maith sa dara leath agus ní raibh ach dhá phointe eatarthu tar éis 38 nóiméad bhí ceannas iomlán ag Oileáin Árann as sin amach.

D’aimsigh seaimpíní na Gaillimhe seacht bpointe as a chéile as sin go deireadh an chluiche agus cé gurb iad Acaill a fuair an pointe deireanach, is iad Árainn a thug leo Corn Mhic Raghnaill agus a thabharfaidh aghaidh ar Na Mistéalaigh as Learpholl i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann.

Ar an bpáirc chéanna a imríodh cluiche ceannais Idirmhéanach Chonnacht idir Cill Annín na Gaillimhe agus Naomh Crón Ros Comáin. D’aimsigh seaimpíní Ros Comáin dhá chúl idir an 40ú agus 45ú nóiméad chun croí na Gaillimhigh a bhriseadh.

Thosaigh an cluiche ar luas lasrach agus ocht bpointe ar chlár na scór sa chéad deich nóiméad. Bhí na foirne ar comhscór, 0-6 an taobh, tar éis 30 nóiméad de pheil den scoth sa chéad leath ach is iad na cúil a d’athraigh an cluiche sa dara leath agus chríochnaigh sé 2-10 in aghaidh 0-11 d’fhir Ros Comáin.

I gcluiche leathcheannais Idirmheánach Uile-Éireann na mBan, fuair mná na Fairche an ceann is fearr ar Chlársaigh Mhuineacháin, 4-12 in aghaidh 2-2. Is cluiche tharr a bheith aontaobhach a bhí anseo agus foireann na Gaillimhe chun cinn 2-7 in aghaidh 1-0 ag leath-am. Ba í Maighréad Seoighe, a d’aimsigh 2-7 san iomlán, laoch na imeartha don Fhairche.

Buaileann an tuirse foirne Dhún na nGall

Kevin Rafferty dejected at the final whistle 16/11/2014
Caoimhín Mac Raifeartaigh (Naomh Adhamhnáin) tar éis cluiche leathcheannais Uladh inné. ©INPHO/Presseye/Lorcan Doherty

Bhí drochlá ag fir Dhún na nGall i gcraobh Uladh inné nuair a bualadh Naomh Adhamhnáin agus Cloch Cheann Fhaola i gcluichí leathcheannais Sinsear agus Idirmhéanach Uladh.

Sa chluiche Sinsear, bhí farasbarr de chúl ag Naomh Éanna Omaigh, 1-8 in aghaidh 0-8 i gcluiche chrua i bPáirc na gCeilteach, Doire. Cé go raibh seaimpíní Dhún na nGall chun deiridh den chuid is mó den chluiche, laghdaigh siad an bhearna go dtí aon phointe amháin gan ach seacht nóiméad fágtha.

Ní raibh scór aimsithe ag Naomh Éanna le os cionn 20 nóiméad ag an tráth seo ach d’aimsigh Conor McMahon, deartháir le himreoirí Thír Eoghan Justin agus Joe, dhá chúilín chun an bua a chinntiú d’fhir Thír Eoghan.

Sa ghrád idirmhéanach, tar éis ocht gcluiche in imeacht sé seachtaine, tháinig deireadh le haistear na bliana seo do Chloich Cheann Fhaola in aghaidh Chumann Pheadair Naofa ón Dún. D’aimsigh Naomh Peadar cúl tar éis 22 soicind agus bhí siad chun tosaigh as sin go deireadh an chluiche.

Bhí cheithre phointe eatarthu ag leath-am, 1-7 in aghaidh 0-6, ach rinne fir An Dúin scrios sa dara leath. Bhí siad 14 phointe chun cinn ag dul isteach in am cúitimh agus cé gur scóráil Cloch Cheann Fhaola cúl leis an gcic deireanach den chluiche, chríochnaigh an cluiche 2-16 in aghaidh 1-8.

Bhí toradh níos fearr ag mná Dhún na nGall nuair a bhuaigh An Tearmann cluiche leathcheannais Sinsear na hÉireann in aghaidh Cill Choirín-Cluain Bheirn na Gaillimhe. D’aimsigh Geraldine Nic Lochlainn 2-4 sa bhua dhá phointe – 3-11 in aghaidh 2-12 – agus imreoidh An Tearmann Mainistir na Móna as Corcaigh sa chluiche ceannais.

 

An bua ag Naomh Abán

Is iad Naomh Abán as Baile Bhuirne seaimpíní craobh Mionúr B Chorcaí tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Achadh Bolg, 2-5 in aghaidh 0-10.

Chuir Naomh Abán tús dochreidte leis an gcluiche nuair a d’aimsigh Conchubhar Ó Murchú cúl agus gan imeartha ach 12 soicind.

Bhí na foirne cothrom ag an mbriseadh, 0-5 in aghaidh 1-2, agus fuair Conchubhar Ó Riordáin cúl eile do bhuachaillí Bhaile Bhuirne i lár an dara leath.

Fuair Achadh Bolg trí phointe as a chéile roimh dheireadh an chluiche rud a d’fhág nach raibh ach an bhearna is lú idir na foirne.

Ach idir cosaint mhaith ó Naomh Abán agus drochiarrachtaí ó Achadh Bolg, thug an fhoireann Ghaeltachta leo an lá.

Tar éis cluiche Naomh Abán, bhí an bua ag Fánaithe na hAighlinne ar Chill na Martra, 2-13 in aghaidh 1-9, i gcluiche ceannais chraobh A. Ar nós an chluiche roimhe, bhí an-tús ag an bhfoireann Gaeltachta agus Cil na Martra cúig phointe chun cinn tar éis ocht nóiméad.

Bhí siad naoi bpointe chun cinn, 1-9 in aghaidh 0-3, gan ach cúig nóimead fágtha sa chéad leath ach d’aimsigh Stiofán Ó Lionaird 1-1 roimh leath-am d’Fhánaithe na hAighlinne chun an bhearna a laghdú.

D’athraigh cluiche as cuimse sa 30 nóiméad deireanach agus níor scóráil Cill na Martra oiread agus pointe amháin sa tréimhse sin.

Bhí na foirne ar comhscór arís tar éis 50 nóiméad agus is ba ó Ó Lionaird a tháinig an buille marfach nuair a fuair sé cúl eile gan ach seacht nóiméad fágtha. Fuair na Fánaithe ceithre scór eile roimh dheireadh an chluiche. Bhí an fhoireann a bhí naoi gcúilín chun deiridh tar éis 25ú nóiméad seacht gcúilín chun cinn ag deireadh an chluiche.

 

Bua éasca ag An Chill in aghaidh An tSeanphobail i bPort Láirge

Tar eis dóibh farasbarr de seacht gcúilín a a ligean le sruth sa chéad chluiche, ní dhearna An Chill an botún céanna agus bhuaigh siad athimirt chluiche ceannais Sóisear Phort Láirge go réidh.

Bhí An Chill 1-3 in aghaidh 0-0 suas tar éis trí nóiméad agus cé gur tháinig An Seanphobal ar ais aimirt de bheagán, bhí ocht gcúilín idir na foirne ag leath-am, 2-6 i gcoinne 0-4.

Cúig nóiméad isteach sa dara leath, ní raibh ach dhá chúl idir na foirne ach rinne An Chill scrios as sin go deireadh an chluiche. D’aimsigh captaen na Cille, Ray Mac Aonghusa, atá 42 bliain d’aois, dhá chúl eile agus scóráil Ben Ó Gallchóir cic éirice sa nóiméad deireanach chun an scór a fhágáil ag 5-10 in aghaidh 0-7.

 

Drochdheireadh seachtaine ag foirne Gaeltachta Chiarraí

Pic3-LiosTré
Buaiteoirí Chraobh Nóibhíseach Chiarraí, Lios Tré, ag ceiliúradh an bhua inné, Dé Domhnaigh, 16 Samhain.

Is é an bhearna is lú a bhí idir Lios Tré agus Lios Póil i gcluiche ceannais Nóibhíseach Chiarraí, 0-15 in aghaidh 1-11. Derry Aherne a d’aimsigh cic saor sa tríú nóiméad d’am cúitimh chun an bua a thabhairt d’fhir Lios Tré.

Beidh díomá ar Lios Póil gur chaill siad an cluiche seo tar éis gur chuir siad tús iontach leis an imirt agus iad sé phointe chun cinn, 1-3 in aghaidh 0-0, tar éis ocht nóiméad. Tháinig Lios Tré ar ais go laidir sa dara cuid den chéad leath le seacht bpointe as a chéile a d’fág chun cinn ag leath-am iad, 0-9 in aghaidh 1-4.

Bhí coimhlint ghéar ann sa dara leath agus sa chéad nóiméad d’am cúitimh, bhí na foirne ar comhscór nuair a fuair fear Lios Póil, Déaglán Ó Súilleabháin pointe. Bhí a ndóthain ama ag Lios Tré chun seans amháin eile a chruthú, áfach, agus ba iad a fuair an scór na cinniúna.

Dé Sathairn, is le haon phointe amháin a chaill Piarsaigh na Dromada cluiche ceannais Sóisear Chiarraí, i gcoinne Brosnach, 0-8 in agaidh 0-7. Bhí drochbhuille faighte ag na Piarsaigh roimh thús an chluiche leis an scéal nach mbeadh imreoir Chiarraí, Déaglán Ó Súilleabhán ar fáil toisc é a bheith gortaithe.

I gcluiche crua, géar, níor tháinig na scóranna go héasca agus bhí na foirne ar comhscór ag leath- am, 0-4 in aghaidh 0-4.

Cé gur thainig Ó Súilleabháin isteach don 15 nóiméad deireanach, ní raibh sé in ann na Piarsaigh a thabhairt slán agus thug Brosnach leo Corn Uí Bhrosnacháin.