Súil siar ar an bPiarsach agus súil soir ar Tagore 70 bliain ó bhain an India neamhspleáchas amach

Tá seachtó bliain slánaithe ag an India mar thír neamhspleách inniu agus is iomaí slí atá Éire agus an India ceangailte

Súil siar ar an bPiarsach agus súil soir ar Tagore 70 bliain ó bhain an India neamhspleáchas amach

Bhí plé ag ócáid an Phiarsaigh i Ros Muc le déanaí ar Scoil Naomh Éanna, an scoil a bhunaigh sé mar chuid dá obair cheannródaíoch san oideachas. Dhealródh, áfach, nach i mBaile Átha Cliath amháin a bhí fís an Phiarsaigh á cur i bhfeidhm, ach thoir san India chomh maith – fís óna bhfuil go leor ceachtanna fós le foghlaim.

Seachtó bliain a bheidh slánaithe ag an India mar thír neamhspleách inniu, an 15 Lúnasa, lá náisiúnta na tíre sin. Anseo in Éirinn, beidh comóradh ar siúl i dTeach Farmleigh, Baile Átha Cliath, Dé Sathairn mar aitheantas ar an chaidreamh Éireannach-Indiach.

Is iomaí slí atá Éire agus an India ceangailte. Dhá thír a chaith tamall maith de bhlianta mar chuid d’impireacht na Breataine agus a bhain neamhspleáchas amach ag tús an chéid seo caite – 1922 i gcás na hÉireann, agus 1947 i gcás na hIndia.

Tá an chuma ar an scéal go mbeidh aird níos mó againn ar an gceangal seo sna blianta atá romhainn. Mar is eol dúinn go maith, as Mumbai san India d’athair an Taoisigh. Go deimhin, dhealródh gur soir go dtí Rashtrapati Bhavan, áras an uachtaráin i nDeilí seachas siar go dtí an Teach Bán a thabharfaidh Leo Varadkar a chéad thuras lasmuigh den Eoraip mar Thaoiseach – Eanáir 2018, ar a dhéanaí, agus roinnt seachtainí roimh Lá ’le Pádraig.

Ach ag féachaint siar, i measc na slite éagsúla ina bhfuil an dá thír ceangailte, tá cosúlacht mhór le tabhairt faoi deara idir Pádraig Mac Piarais agus Rabindranath Tagore, beirt oideachasóirí a léirigh fís oideachais den chineál céanna – i mbriathar agus i ngníomh. Ar shlí, ní ró-ionadh é a leithéid de chosúlacht sa mhéid is go raibh siad beirt ag feidhmiú i gcomhthéacs córas oideachais a bunaíodh mar chuid den impireacht chéanna sa naoú haois déag.

Ar aon dul leis an bPiarsach, náisiúnaí, file, agus scríbhneoir a bhí i Tagore. Buaiteoir Nobel sa litríocht a bhí ann a bhain cáil dhomhanda amach as feabhas a chuid litríochta, litríocht ina bhfuil a spioradáltacht agus a fhealsúnacht féin i leith an tsaoil go tréan inti. Ní foláir go raibh cur amach ag an bPiarsach ar shaothar Tagore dá bharr.

Ach chomh maith leis sin, bhí teagmhálacha éagsúla idir an India agus Éire ag tús an chéid. Mar shampla, chaith VV Giri trí bliana i mBaile Átha Cliath idir 1913 agus 1916 mar mhac léinn. Díbríodh as an tír é de bharr an cheangail a bhí aige le ceannairí an éirí amach. Ceapadh ina uachtarán ar an India é níos déanaí.

Is eol dúinn go cinnte go raibh aithne maith ag WB Yeats orthu beirt. I 1913 d’áitigh Mac Piarais ar Yeats dráma éigin a chur ar stáitse in Amharclann na Mainistreach mar chuid dá fheachtas bailithe airgid do Scoil Naomh Éanna. Dhá dhráma a cuireadh ar stáitse – dráma le Tagore darbh ainm The Post Office, aistrithe ag Yeats ón mBeangáilis, agus dráma de chuid an Phiarsaigh féin, An Rí.

Ach díol suntais is ea an chaoi ar bhunaigh siad araon scoil dá gcuid féin chun an fhealsúnacht a bhí acu a chur i gcrích. Tagore is túisce a bhunaigh a scoil, i Santiniketan, sa Bheangál in oirthear na hIndia i 1901. ‘Naomh Éanna na hIndia’ a thug Yeats ar an scoil chéanna i 1908, agus é ag tagairt do scoil an Phiarsaigh i Raghnallach a bhog ina dhiaidh sin go Ráth Fearnáin.

Agus ní raibh aon dul amú ar Yeats ach an oiread mar is díol suntais iad na prionsabail oideachais a bhí mar bhunchloch don dá thogra. Dhírigh Tagore ar thrí chaidreamh a bhí le forbairt ag an bpáiste san oideachas: leis an dúlra nó an nádúr, le daoine eile, agus leis an bhfírinne – nó an Ard-Fhírinne mar a thug sé uirthi. D’áitigh sé gur sórt monarchan a bhí sa chóras oideachais a bhunaigh an Impireacht a bhí tiomanta ar smachtú an dalta agus mhaígh sé nach raibh aon aird ag an gcóras ar an bpáiste mar dhuine ann féin ná ar a chultúr dúchais. Aoibhneas na foghlama a theastaigh uaidh féin a chur chun cinn, agus leag sé béim ar na healaíona agus ar an bhforbairt mhothúchánach.

Is léir nach mbeadh aon chuid den fhealsúnacht sin as áit sa Murder Machine de chuid an Phiarsaigh, saothar inar sé cháin daorsmacht an chórais oideachais, mar ab fhacthas dó féin é. Theastaigh ón bPiarsach go speisialta go mbeadh saoirse agus solúbthacht ag an scoil agus an múinteoir curaclam a chur ar fáil a d’oirfeadh níos fearr do chultúr agus do bhuanna indibhidiúla an dalta, i dtreo is gur duine saor a bheadh ann seachas ‘sine den slabhra’.

Go deimhin, dea-chomhairle a bheadh sa mhéid sin do na daltaí scoile a bheidh ag fáil a dtorthaí Ardteiste amárach. Pé cinneadh nó roghnú a dhéanfaidh siad sna seachtainí atá romhainn, b’fhearr an rud dá ndíreoidís ar an timpeallacht oibre nó an cúrsa léinn is fearr a d’oirfeadh do bhláthú na mbuanna agus na spéise saoil atá acu féin. Ba í sin an chomhairle a chuir an Piarsach ar an bhfear a bhí buartha de bharr nach raibh suim ag a mhac sna leabhair ná san obair ach amháin sa bhfeadóg stáin. ‘Ceannaigh feadóg stáin dó mar sin,’ a mhol sé.

Mhínigh Leo Varadkar san agallamh leis a foilsíodh san iris Time le déanaí gurbh í fís an rialtais ná Éire a chur i lár an domhain. Fiú mura gcuirtear an fhís sin i gcrích go hiomlán, is léir go mbeidh méadú ar an teagmháil idir an tír seo agus tíortha thoir san Áise, an India san áireamh.  Ná dearmadaimis mar sin na ceangail stairiúla atá mar bhonn leis an chaidreamh leis an India. Agus taobh istigh den chaidreamh sin, is gá spás a chruthú ina mbíonn tarraingt agus tógáil ar an bhfís a roinn an bheirt oideachasóirí seo linn ag tús an chéid seo caite. Súil siar agus súil soir in éineacht. 

Fág freagra ar 'Súil siar ar an bPiarsach agus súil soir ar Tagore 70 bliain ó bhain an India neamhspleáchas amach'