Súil Siar ar 2016 le…Áine Ní Ghlinn

Labhair Tuairisc.ie leis an scríbhneoir aitheanta, a bhuaigh Gradam Réics Carlo don dara huair as a chéile i mbliana, faoina cuimhní ar 2016

Súil Siar ar 2016 le…Áine Ní Ghlinn

Céard é an chuimhne is mó atá agat ar 2016?

Cúpla cuimhne a sheasann amach dom:
D’fhreastail mé ar go leor de na himeachtaí a bhain le comóradh céad bliain 1916 agus chuaigh cuid acu i bhfeidhm go mór orm. Chaith mé seal ag siúl thart ar Mhusaem an Phiarsaigh i bPáirc Naomh Éanna, i Ráth Fearnáin i mBaile Átha Cliath agus ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar a bheith ag breathnú ar na cupáin as ar ól Pádraig Mar Piarais agus a dheartháir Willie an súimín deireanach tae sular fhág siad slán ag a máthair agus iad ag dul amach an doras don uair dheireanach Domhnach Cásca 1916. Choinnigh an mháthair na cupáin agus chaith mé féin tamall fada i mo sheasamh ansin ag féachaint orthu. Spreag na cupáin chéanna mé le dul i mbun pinn agus scríobh mé dán fúthu (a foilsíodh in eagrán 1916 de Comhar). Mórchuimhne phearsanta eile atá agam ná a bheith ag barr Fhoirgneamh an Empire State i Nua-Eabhrac i mí Iúil 2016 le mo thriúr mac agus muid ag breathnú anuas ar an gcathair. Radharc iontach thíos fúinn agus an comhluadar is fearr ar domhan thart orm!

An bhfuil aon chúis aiféala agat maidir le 2016?

Tá plean agam le tamall anuas úrscéal a bhunú ar shaol mo sheanmháthar – Protastúnach & Sasanach a bhí inti a raibh páiste aici tuairim is 1912/1913. Ní raibh sí pósta ach choinnigh sí an leanbh – rud an-chróga os cionn céad bliain ó shin. Níor bhuaileas féin léi ach uair nó dhó i mo shaol ach le cúnamh ón gComhairle Ealaíon, chaith mé cúpla seachtain i Sasana i mbliana ag taisteal thart agus ag déanamh taighde ar a saol.
Bhí plean agam tabhairt faoin úrscéal a scríobh (ficsean a bheidh ann ach é bunaithe ar shaol mo Mhamó). Faraor, bhí orm díriú ar obair a thugann airgead isteach agus a íocann na billí agus an chúis aiféala is mó atá agam ná nach raibh am agam i mbliana níos mó ná cúpla caibidil a scríobh… An bhliain seo chugainn b’fhéidir!

Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort i 2016?

Chuir sé lúcháir orm gur bronnadh Gradam Réics Carló ar leabhar de mo chuid – Hata Zú Mhamó. Rinne Cois Life an-obair go deo ar an leabhar seo, rinne Olivia Golden clúdach iontach a dhearadh agus bhíomar ar fad an-bhródúil as an leabhar agus as an ngradam.

Céard é an scéal is mó a chuir brón ort in 2016?

Cúpla scéal a chuir brón orm:
Bás Leonard Cohen – bhíodh na comharsana cráite againn agus Suzanne, Marianne agus The Sisters of Mercy á gcasadh againn ag a trí a chlog ar maidin in árasáin bhrocacha, lofa i Raghnallach agus mé i mo mhac léinn ollscoile! Scéal eile a chuir brón orm ná gur dúnadh Coláiste Oideachais Eaglais na hÉireann i mbliana. Bhínnse ag léachtóireacht ann ar bhonn páirtaimseartha agus coláiste den scoth a bhí ann. Anois táimid inár gcuid de DCU agus airím uaim na buanna agus na buntáistí a bhaineann le coláiste beag.

Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú ó thús deireadh na bliana 2016?

D’fhoghlaim mé nach bhfuil muintir Mheiriceá chomh ciallmhar agus a shíl mé! Féach ar an bhfear a toghadh ina uachtarán ar Mheiriceá. Níorbh é go raibh aon mheas rómhór agam ar Hilary Clinton mar iarrthóir ach cuireann sé díomá agus uafás orm Donald Trump – fear ciníoch, fear nach bhfuil meas madra aige ar mhná – a bheith i gceannas ar na Stáit Aontaithe.

Ar éirigh leat déanamh de réir aon rúin a bhí agat ag tús na bliana 2016?

Bhí sé de rún agam dhá leabhar a chríochnú agus a thabhairt ar an saol agus bhí sé de rún agam cuid mhaith den leabhar faoi mo sheanmháthair a bheith scríofa agam roimh dheireadh 2016. A bhuíochas le Cois Life, foilsíodh agus seoladh Hata Zú Mhamó agus a bhuíochas le LeabhairCOMHAR, foilsíodh Hata Oisín. Táim ag obair ar dhá leabhar eile faoi láthair – ceann do pháistí óga agus ceann d’fhoghlaimeoirí. Caithfidh mé leabhar mo sheanmháthar a bheith mar rún agam arís an bhliain seo chugainn, áfach!