Súil siar ar 2015 le…Tadhg Mac Dhonnagáin

Labhair Tuairisc.ie leis an scríbhneoir agus foilsitheoir Tadhg Mac Dhonnagáin faoi na cuimhní is mó atá aige ar 2015

Tadhg-Mac-dhonnagain-770x3851-770x385

Céard é an chuimhne is mó atá agat ar 2015?

Garchlann mháthair mo chéile, mo cheathrar féin ina measc, a fheiceáil ar fad le chéile an lá ar cuireadh a Mamó i mí an Mhárta. Bhí sí an-bhródúil astu.

An bhfuil aon chúis aiféala ort maidir le 2015?

Cúis díomá níos mó ná cúis aiféala leis an Rialtas – cé gur éirigh leo, cuid mhaith, an tír a stiúrú trí fharraigí cáite na géarchéime eacnamaíochta, shílfeá in amanna gur dream iad a thuigeann praghas gach aon rud ach nach n-aithníonn luach rud ar bith, go mórmhór gné an chultúir de shaol na tíre.

Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort i 2015?

An conradh a síníodh i bPáras a chuir tús, tá súil agam, le déileáil i ndáiríre leis an athrú aeráide.

Céard é an scéal is mó a chuir brón ort i 2015?

Na daoine óga a rinne sléacht ar dhaoine óga eile i bPáras agus áiteacha eile agus iad ag maíomh gur ar mhaithe le creideamh a chur chun cinn a rinne siad é.

Céard é an rud is mo a d’fhoghlaim tú ó thús deireadh na bliana 2015?

Is féidir an t-uafás ama a chur amú ar na meáin shóisialta. Ach bhí a fhios agam é sin faoi dheireadh na bliana 2014.

Ar éirigh leat déanamh de réir aon rúin a bhí agat ag tús na bliana 2015?

D’éirigh liom díriú ar bhonn níos rialta agus níos eagraithe ar an scríbhneoireacht – in ainneoin na meán sóisialta…

 

Fág freagra ar 'Súil siar ar 2015 le…Tadhg Mac Dhonnagáin'