Súil leis ‘na mílte’ ag an ‘Lá Dearg’ i mBéal Feirste amárach

Tá súil ag lucht a eagraithe go bhfreastalóidh cainteoirí Gaeilge agus lucht tacaíochta na teanga “as gach cearn den tír” ar an mórshiúl ó Chultúrlann McAdam Ó Fiaich go Halla na Cathrach i lár Bhéal Feirste

Súil leis ‘na mílte’ ag an ‘Lá Dearg’ i mBéal Feirste amárach

Tá An Dream Dearg ag súil leis ‘na mílte’ ag an Lá Dearg i mBéal Feirste an deireadh seachtaine seo. Tá mórshiúl beartaithe don Satharn beag seo ag an ngrúpa feachtais, i gcomhar le heagraíochtaí eile teanga ar fud na hÉireann, mar chuid den fheachtas atá ar bun le fada an lá ar mhaithe le hAcht Gaeilge a thabhairt isteach ó thuaidh.

Tá an t-iarchoimisinéir teanga Seán Ó Cuirreáin ar dhuine acu siúd atá ag tacú leis an Lá Dearg.

Ba é cinneadh Uí Chuirreáin éirí as a phost mar Choimisinéir Teanga mar agóid i gcoinne fhaillí an Rialtais ó dheas i leith na Gaeilge a spreag na hagóidí ‘dearg le fearg’ i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste in 2014.

Dúirt Ó Cuirreáin inné gur “maitheas seachas dochar a dhéanann achtanna teanga ar fud na cruinne” agus gur “mar sciath chosanta seachas mar chlaíomh” a fheidhmíonn an reachtaíocht teanga.

“Tá tábhacht an-mhór go deo le reachtaíocht teanga le cosaint a thabhairt do theangacha mionlaigh agus do theangacha atá faoi bhrú i ndlínsí éagsúla ar fud an domhain mhóir.

“Thar aon rud eile, tá sé ríthábhachtach nuair a thugtar cosaint reachtúil d’aon teanga go gcuirtear forálacha na reachtaíochta sin i bhfeidhm go cuí agus go hiomlán,” a dúirt Ó Cuirreáin.

Tá súil ag lucht eagraithe mhórshiúl an lae amárach go bhfreastalóidh cainteoirí Gaeilge agus lucht tacaíochta na teanga “as gach cearn den tír” ar an mórshiúl ó Chultúrlann McAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál go dtí Halla na Cathrach i lár Bhéal Feirste.

Tá an Lá Dearg á eagrú mar chuid de shraith agóidí agus gníomhaíochtaí eile ó thuaidh le hAcht Teanga, a gealladh i gComhaontú Aoine an Chéasta beagnach 20 bliain ó shin agus a gealladh arís i gComhaontú Chill Rímhinn os cionn deich mbliana ó shin, a thabhairt isteach.

Bhí agóidí eile ar siúl ar fud an Tuaiscirt le cúpla mí anuas, go mór mór ó d’fhógair an t-iarAire Pobail Paul Givan go gcuirfí deireadh leis an sparánacht Gaeltachta ‘Líofa’ faoi Nollaig seo caite. Chuir Givan an cinneadh sin ar ceal go luath san athbhliain, ach luaitear é i measc na gcúiseanna le titim Stormont i mbliana.

Bhí ‘Lá Dearg’ eile ar siúl i mBéal Feirste tuairim is trí bliana ó shin, i ndiaidh ‘Lá Mór na Gaeilge’ i mBaile Átha Cliath, a eagraíodh mar léiriú ar mhíshásamh phobal na Gaeilge le polasaí an Stáit i leith na teanga.

Tiocfaidh lucht agóide na bliana seo le chéile ag 12in ag an gCultúrlann agus siúlfar i dtreo Halla na Cathrach ó 1in. Táthar ag súil go mbainfear an Halla amach ag thart ar 2in, áit a mbeidh óráidí á dtabhairt agus ceol á chasadh ag JJ Ó Dochartaigh agus Gráinne Holland.

Is iad na cainteoirí a bheidh ar ardán an Lae Dheirg: Ruairí Ó Mianáin, déagóir as Doire a tógadh le Gaeilge; Bláithín Mhic Cana, máthair agus múinteoir Gaelscoile as Ard Mhacha atá ag tógáil clainne le Gaeilge faoi láthair; Katy Rose Meade, cailín óg ar luaigh an colúnaí Ruth Dudley Edwards í ar an Belfast Telegraph agus í ag cur síos ar dhaltaí óga atá brainwashed ag an nGaeloideachas; Colm Mac Giolla Easpaig, fear óg Gaeltachta as Tír Chonaill; agus Ciarán Mac Giolla Bhéin, urlabhraí ó ‘An Dream Dearg’.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin go bhfuil “tacaíocht leathan ón phobal don Acht Gaeilge” agus don fheachtas atá ar bun ag An Dream Dearg.

“Dé Sathairn beidh deis ag daoine an tacaíocht sin a léiriú ar bhonn soiléir, dearfach agus láidir. Tá cuireadh ann d’achan duine a chreideann san éagsúlacht, i gcearta Teanga agus cearta daonna a bheith linn nuair a éileoidh muid go mbogfadh an stát maidir leis an cheist seo, breis is 10 mbliana ó tugadh gealltanais shoiléire dúinn i leith Acht Gaeilge de.

Níl aon amhras ach go bhfuil ceist na Gaeilge i gcroílár na géarchéime polaitiúla is déanaí ó thuaidh agus tá An Dream Dearg ag rá go soiléir nach féidir an feidhmeannas a chur ar ais go dtí go bhfuil Acht Gaeilge ceartbhunaithe ann. Tá 50 duine as 90 de na baill nuathofa sa tionól ag tacú linn, mar atá na Náisiúin Aontaithe, Comhairle na hEorpa agus sciar leathan den phobal,” a dúirt Mac Giolla Bhéin.

Idir an dá linn, tá iarrtha ag an Seanadóir de chuid Shinn Féin, Niall Ó Donnghaile, iarMhéara Bhéal Feirste, ar bhaill thofa Thithe an Oireachtas teacht aneas go Béal Feirste Dé Sathairn lena dtacaíocht a léiriú d’Acht Teanga ó thuaidh.

Thug an Seanadóir cuireadh dá chomhghleacaithe sa Seanad an tseachtain seo a bheith i measc “na mílte duine” a bheidh i láthair ag an agóid.

“Tá a fhios agam go bhfuil cion ag mo chomhghleacaithe ar an Ghaeilge agus ba mhian leo go mbeadh sí faoi bhláth ó thuaidh. Tá súil agam go bhfeicfidh mé iad ar Bhóthar na bhFál an Satharn beag seo,” a dúirt sé.