Súil le tacaíocht ó Rialtas na hÉireann d’éileamh go mbeadh airm núicléacha ‘mídhleathach’

Beidh Searmanas Cuimhneacháin bliantúil Bhuamáil Hiroshima ar siúl i gCearnóg Mhuirfean ag 2 a chlog Dé Sathairn, cothrom an lae bliain is seachtó ó shin ó phléasc an chéad bhuama núicléach i gcathair Hiroshima sa tSeapáin

Súil le tacaíocht ó Rialtas na hÉireann d’éileamh go mbeadh airm núicléacha ‘mídhleathach’

Tá súil ag an bhFeachtas um Dhí-Armáil Núicléach (CND) go dtapóidh an Rialtas an deis brú a chur ar thíortha a bhfuil airm núicléacha acu dí-armáil nuair a eiseoidh na Náisiúin Aontaithe a dtuarascáil ar an ábhar ag deireadh na míosa seo.

Dúirt Dáithí de hÉagar, CND na hÉireann le Tuairisc.ie gur “ceist mhór” do rialtas na hÉireann í an éileodh siad go gcuirfeadh na Náisiúin Aontaithe cruinnithe ar bun “lena dhéanamh soiléir” go bhfuil airm núicléacha mídhleathach.

Bhí de hÉagar ag caint le Tuairisc.ie roimh Shearmanas Cuimhneacháin bliantúil Bhuamáil Hiroshima atá á reáchtáil ag an bhFeachtas um Dhí-Armáil Núicléach i gCearnóg Mhuirfean Dé Sathairn seo chugainn

“Tá coinbhinsiúin ann cheana féin in aghaidh airm cheimiceacha ach níl tada ann a deir go bhfuil airm núicléacha in aghaidh an dlí. Níl na tíortha a bhfuil na hairm sin acu sásta dul chuig cainteanna faoi sin, ach is faoi thíortha amhail na hÉireann, nach bhfuil airm acu, brú a chur orthu.

“Ba bhreá linn dá dtabharfadh Éire tacaíocht do chainteanna mar sin an mhí seo chugainn nuair a fhoilseoidh na NA a dtuarascáil,” a dúirt sé.

Foilsíodh dréacht den tuarascáil ag deireadh na míosa seo caite ach beidh an leagan críochnaithe ar fáil i mí Mheán Fómhair. Dúradh sa dréacht, áfach, go bhfuil an fhéidearthacht ann go gcuirfeadh na Náisiúin Aontaithe a leithéid de chruinniú ar bun.

Beidh Searmanas Cuimhneacháin bliantúil Bhuamáil Hiroshima ar siúl i gCearnóg Mhuirfean ag 2 a chlog Dé Sathairn, cothrom an lae bliain is seachtó ó shin ó phléasc an chéad bhuama núicléach i gcathair Hiroshima sa tSeapáin.

Beidh óráidí á dtabhairt ag Mari Miyoshi, Ambasadóir na Seapáine in Éirinn, an Canónach Patrick Comerford, Uachtarán an CND agus an Comhairleoir Cathrach Mary Freehill, a bheidh i láthair thar ceann an Ardmhéara.

Beidh ceol traidisiúnta ón dá thír á chasadh agus leagfar bláthfhleasc ag crann silíní a cuireadh sa bhliain 1980 mar “leacht cuimhneacháin beo” ar an 80,000 a maraíodh nuair a phléasc an buama agus an 140,000 a fuair bás de bharr a ngortuithe, chomh maith le híospartaigh eile na buamála.

Fág freagra ar 'Súil le tacaíocht ó Rialtas na hÉireann d’éileamh go mbeadh airm núicléacha ‘mídhleathach’'