Súil le suas le £500,000 ar phictiúr d’fhear as Carna i gceant i Londain amárach

Jack B Yeats a rinne an pictiúr den saor báid breis agus 100 bliain ó shin agus t-ealaíontóir ar thuras go Conamara i dteannta J M Synge

Yeats Carna
‘The Boat Builder’ le Jack B Yeats agus an sceits ar a bunaíodh an saothar

Tá súil le idir £300,000 agus £500,000 a fháil ar phictiúr de shaor báid as Carna, Conamara, atá le cur ar ceant i Londain tráthnóna amárach.

An t-ealaíontóir cáiliúil Jack B. Yeats a rinne an saothar ealaíne dar teideal ‘The Boat Builder’ sa bhliain 1913 agus é bunaithe ar sceitse a tharraing sé ocht mbliana roimhe sin le linn cuairte a thug sé ar Chonamara i dteannta an scríbhneora J M Synge.

Is mar chuid den ‘Modern British and Irish Art Evening Auction’ a chuirfear an pictiúr ar díol ag an gcomhlacht ceantálaithe Christie’s i Londain. Tá tuairimíocht ann go bhféadfadh gur leis an iarbhilliúnaí Tony O’Reilly an saothar, ach níl ráite ag na ceantálaithe ach gur ó ‘important private Irish collection’ a thagann sé.

Tháinig Jack B Yeats agus J M Synge go hiarthar na hÉireann i dtús an tsamhraidh sa bhliain 1905 agus iad fostaithe ag an Guardian chun sraith alt agus pictiúr a sholáthar don nuachtán sin faoi shaol mhuintir Chonamara agus faoi obair Bhord na gCeantar Cúng a bhí ag fóirithint ar an bpobal ag an am. I measc na n-áiteanna ar a dtugadar cuairt, bhí An Spidéal, An Cheathrú Rua, ceantar na n-Oileán agus Carna.

Le linn na cuairte ar Chonamara, dhein Yeats sceitsí de dhaoine a casadh orthu agus de thírdhreach an cheantair agus foilsíodh i dteannta a shaothair tráchtaireacht ó Synge ar a dturas.

Níor luadh san alt faoina gcuairt ar Charna ainm an tsaoir báid a casadh orthu, ach thug an fear céanna léargas do Synge ar an obair a bhí ar bun aige agus ar an mbail a bhí ar mhuintir na háite an uair sin.

 

Jack-Butler-Yeats-007
Jack B Yeats

Foilsíodh an líníocht den fhear a rinne Yeats i dteannta ailt ó pheann Synge ar an Guardian ar an 28 Meitheamh 1905.

“The old man himself was rather remarkable in appearance, with strong features, and an extraordinarily hairy chest showing through his open necked shirt,” a scríobh Synge faoi fhear Charna.

Ag obair ar bhád 15 troigh a bhí an saor báid nuair a cuireadh faoi agallamh é.

“I get eight pounds for a boat when I buy the timber myself and fit her out ready for the sea. But I am working for poor men, and it is often three years before I will be paid the full price of a boat I am after making,” a thug sé le fios don scríbhneoir.

Ocht mbliana i ndiaidh an turais go Conamara, i 1913, d’fhill Jack B. Yeats ar an sceitse sin a bhí déanta i gCarna aige agus chruthaigh sé pictiúr ola den saor báid. Is é an pictiúr beag sin – 14” x 9” – atá anois ar díol ag Chritie’s agus iad ag súil go ndíolfar suas le leathmhilliún punt sterling (beagnach €700,000) air.

Deir na ceantálaithe gurb é atá sa phictiúr ná “a local character standing beside a clinker-built fishing boat, with another at sail in the bay beyond”.

Cuireadh an pictiúr ar taispeáint i dtús aimsire i mBaile Átha Cliath, i mBéal Feiste agus i Londain sa bhliain 1914. Tá sé deimhnithe ag na ceantálaithe go raibh an saothar i seilbh Sir Peter Scott – laoch de chuid na Breataine ón Dara Cogadh Domhanda agus mac leis an taiscéalaí cáiliúil, Captain Scott of the Antarctic – ar feadh blianta fada. Bhí an pictiúr i seilbh Scott go dtí gur bhásaigh sé.

Díoladh ‘The Boat Builder’ ar £95,000 leis an té ar leis anois é, ag ceant i Christie’s ar an 21 Samhain 1995, fiche bliain ó shin díreach.

Is cosúil go raibh an fiontraí idirnáisiúnta Tony O’Reilly – a fógraíodh a bheith bancbhriste i gcúirt sna Bahamas an tseachtain seo – ag cur lena chnuasach de shaothair ealaíne le Jack B Yeats timpeall an ama sin agus deirtear gur ag an bhfear gnó a bhí an bailiúchán is mó de phictiúir Yeats, cé is moite de Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann.

Tuairiscíodh ar an Sunday Times anuraidh gur léirigh iarratas a rinne an nuachtán sin faoin Acht um Shaoráil Faisnéise gur thug an Stát ceadúnas do O’Reilly chun 20 pictiúir de chuid Yeats a easpórtáil go Londain idir na blianta 2010-2012. Cé nach bhfuil aon deimhniú oifigiúil ar an scéal, is as sin a thagann an tuairimíocht go bhféadfadh gur i seilbh O’Reilly a bhí an pictiúr de shaor báid Charna le scor blianta anuas.

Fág freagra ar 'Súil le suas le £500,000 ar phictiúr d’fhear as Carna i gceant i Londain amárach'

  • C.O Ceoinin

    Dioladh pictiur eile a rinne Jack B.. Yeats i gCarna cupla bliain o shoin i gCanada. Bhi alt liom faoi sin in iris de chuid Chumann Hucaeiri na Gaillimhe.
    Catherine O Ceoinin

  • Pól Réamonn

    @Tá súil le idir £300,000 agus £500,000 a fháil ar phictiúr de shaor báid as Carna – Tá daoine áirithe ann agus tá airgead na hairí acu.