Súil le ráiteas ón Taoiseach tráthnóna faoi cheist a cheannaireachta

Is é a mheastar anois ná go ndéarfaidh an Taoiseach tráthnóna go bhfuil sé i gceist aige fógra cuimsitheach a thabhairt maidir lena imeacht nuair a fhillfidh sé óna chuairt ar Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá

Súil le ráiteas ón Taoiseach tráthnóna faoi cheist a cheannaireachta

An Taoiseach Enda Kenny. Pictiúr: RollingNews.ie

Meastar go bhfógróidh an Taoiseach ag cruinniú de chuid pháirtí parlaiminte Fhine Gael anocht cad é atá i gceist aige a dhéanamh maidir le héirí as.

Is é a mheastar anois ná go ndéarfaidh an Taoiseach tráthnóna go bhfuil sé i gceist aige fógra cuimsitheach a thabhairt maidir lena imeacht nuair a fhillfidh sé óna chuairt ar Stáit Aontaithe Mheiriceá agus ar an Uachtarán Donald Trump an mhí seo chugainn. Beidh an Taoiseach sa Teach Bán ar an 16 Márta agus tabharfaidh sé dhá lá i Nua-Eabhrac ina dhiaidh sin.

Tá ráite ag Teachtaí Dála de chuid Fhine Gael a bhagair rún mímhuiníne sa Taoiseach a chur faoi bhráid na Dála, go sásódh a leithéid de ráiteas ó Enda Kenny anocht iad.

Bhagair Pat Deering an tseachtain seo caite go gcuirfeadh sé rún mímhuiníne faoi bhráid na Dála sa chás nach dtabharfadh an Taoiseach soiléiriú ag cruinniú na hoíche anocht den pháirtí parlaiminte faoi cén uair a bheidh sé ag éirí as.

Dúirt an Teachta Dála do Cheatharlach-Cill Chainnigh inné, áfach, nach mbacfadh sé lena rún mímhuiníne sa chás go dtabharfadh an Taoiseach le fios anocht go ndéanfaidh sé fógra soiléir ar fhilleadh abhaile ó Mheiriceá dó an mhí seo chugainn.

Agus an brú ag méadú air eolas a thabhairt faoi cathain a bhfuil sé i gceist aige seasamh ar leataobh, dhiúltaigh an Taoiseach aon leid a thabhairt sa Dáil inné faoi cad atá ar intinn aige a dhéanamh.

Tuairiscíodh chomh maith nár thug an Taoiseach aon eolas faoina bhfuil ar intinn aige a dhéanamh dá chomhghleacaithe ag cruinniú an lae inné de bhord an Rialtais.

Agus an chaint tosaithe cheana féin faoi cé a thiocfaidh i gcomharbacht ar Kenny, cuireadh i leith an Taoisigh sa Dáil inné go raibh a pháirtí agus an Rialtas féin in aimhréidh agus gan a fhios ag aon duine cé a bhí ar an stiúir.

Dúirt ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin gur chóir don Taoiseach soiléiriú a thabhairt sa Dáil faoi cad a bhí i gceist aige a dhéanamh agus faoi cé acu an raibh nó nach raibh athruithe i ndán don Rialtas.

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt an Taoiseach nach raibh aon cheist ann faoi cé a bhí i bhfeighil na tíre.

Maidir leis an mbeirt is mó atá á lua mar iarrthóirí ar phost Kenny, d’fhéadfadh gurbh fhearr a d’oirfeadh aon mhoilleadóireacht bhreise maidir le héirí as an Taoisigh do Simon Coveney ná do Leo Varadkar. Tá Varadkar mar rogha na coitiantachta láidir go fóill don phost, agus meastar dá fhaide a bhíonn an tréimhse ‘idir-ríochta’ is ea is mó an deis a bheidh ag Coveney breith air. Timpeall 20 lá a thógfaidh sé toghchán ceannaireachta Fhine Gael a reáchtáil.