Súil le ‘léargas’ inniu faoi dhearcadh an Rialtais agus na Roinne Caiteachais Phoiblí ar reachtaíocht teanga

Déanfar ‘grinnscrúdú réamhreachtach’ i dTithe an Oireachtais tráthnóna ar cheannteidil an bhille chun Acht na dTeangacha Oifigiúla a leasú

Súil le ‘léargas’ inniu faoi dhearcadh an Rialtais agus na Roinne Caiteachais Phoiblí ar reachtaíocht teanga

Beifear ag súil le “léargas” inniu ar mheon an Rialtais i leith na reachtaíochta nua teanga agus scrúdú le déanamh tráthnóna i dtithe an Oireachtais ar cheannteidil an bhille chun Acht na dTeangacha Oifigiúla a leasú.

Déanfaidh Comhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán “grinnscrúdú réamhreachtach” ar an dréachtreachtaíocht inniu ag cruinniú ag a mbeidh feidhmeannaigh ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta i láthair.

Dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, ball den choiste, le Tuairisc.ie tráthnóna inné go bhfuiltear ag súil le dearbhú a fháil ó fheidhmeannaigh na Roinne go bhfuil an Rialtas nua “chomh diongbháilte céanna i gcónaí” faoin dréachtreachtaíocht nua agus go bhfuil siad “chun seasamh le héilimh an Choimisinéara Teanga agus an phobail”.

Dúirt Ó Clochartaigh go mbeifí ag lorg soiléirithe chomh maith faoi mheon na Roinne Caiteachais Phoiblí faoin reachtaíocht nua.

Luaigh Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh go sonrach cheana an plé atá le déanamh leis an Roinn Caiteachais Phoiblí faoi cheist na Gaeilge i gcúrsaí earcaíochta sa státseirbhís, agus thug an tAire le fios gur plé “deacair” a bheadh ansin.

Dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh go mbeifí ag súil tráthnóna le tuairisc faoin bplé sin i bhfianaise a “thábhachtaí” is atá an Roinn Caiteachais Phoiblí don reachtaíocht nua agus dá cur i bhfeidhm.

“Roimhe seo ba léir go raibh neamhaird iomlán á déanamh ag an Roinn seo dá fhreagracht maidir le cearta teanga agus cúrsaí earcaíochta go háirithe. Mura bhfuil athrú meoin ann agus comhthoil nua ann, is ag snámh in aghaidh easa a bheimid leis an reachtaíocht nua. Tá sé in am don Rialtas cos a chur i dtaca agus treoir a thabhairt don Roinn Caiteachais Phoiblí seachas a mhalairt a bheith ag tarlú,” a dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh.

Dúirt an Seanadóir go mbeifí ag lorg eolais ó fheidhmeannaigh na Roinne Gaeltachta faoin bplé leis an Roinn Caiteachais Phoiblí maidir leis an gcuspóir i gceannteidil an bhille go mbeadh 20% d’earcaigh nua na státseirbhíse ina gcainteoirí líofa Gaeilge.

Dúirt Cathaoireach an Choiste, an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly, go dtabharfadh cruinniú an lae inniu deis do bhaill an choiste Oireachtais a lorg a fhágáil ar an reachtaíocht nua. “I mí an Mheithimh, d’fhoilsigh an Rialtas Dréacht-Cheannteidil Bille chun Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 a leasú. Amárach, beidh deis ag an gCoiste na Dréacht-Cheannteidil a mheas agus ionchur a bheith acu i mbille teanga láidir agus éifeachtach a dhréachtú chun an Ghaeilge a chur chun cinn, bille a rachaidh chun tairbhe phobail Ghaeltachta,” a dúirt Catherine Connolly.

Tá sé bliana ann ó cuireadh próiseas comhairliúcháin poiblí ar bun maidir le leasuithe a dhéanamh ar Acht na dTeangacha agus, idir an dá linn, gealladh go minic go bhfoilseofaí an reachtaíocht.

Ghlac an Rialtas i mí na Bealtaine le ceannteidil an Bhille a bhfuil sé mar “chuspóir” aige go mbeadh 20% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge agus go mbeadh “gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa nGaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge”. De réir na gceannteideal, chuirfí deireadh freisin le córas na scéimeanna teanga agus chuirfí córas nua ar bun maidir le hearcú daoine le Gaeilge sa státseirbhís.

Foilsíodh ceannteidil leasaithe eile in 2014 le linn do Dinny McGinley a bheith ina Aire Stáit Gaeltachta ach cuireadh go leataobh an dréachtreachtaíocht sin nuair a mhaígh an Coimisinéir Teanga, eagraíochtaí teanga agus polaiteoirí an fhreasúra gur bheag a dhéanfadh sí chun cearta teanga an tsaoránaigh a láidriú.

Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill i mí Bealtaine go raibh “céim mhór chun cinn” i gceist leis na ceannteidil nua “le hais na gcinn a foilsíodh in 2014” agus chuir idir eagraíochtaí teanga agus pholaiteoirí an fhreasúra fáilte roimh an dréachtreachtaíocht.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh i mí Mheán Fómhair go raibh súil aige go bhfoilseofaí an Bille chun Acht na dTeangacha Oifigiúla a leasú i dtús na bliana seo chugainn.

Dúirt McHugh go raibh gá le tréimhse chomhairliúcháin le ranna rialtais faoina bhfuil beartaithe sa Bhille agus faoi na dualgais a leagfar ar chomhlachtaí poiblí. Thug McHugh le fios chomh maith go raibh na moltaí reachtaíochta le plé chomh maith ag dhá choiste rialtais idir seo agus deireadh na bliana.

Suas le trí mhí a mhairfidh an tréimhse chomhairliúcháin leis na ranna rialtais eile, a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Súil le ‘léargas’ inniu faoi dhearcadh an Rialtais agus na Roinne Caiteachais Phoiblí ar reachtaíocht teanga'