Súil le hEapsag nua i ndeoise Gaeltachta i nDún na nGall inniu

Tiocfaidh an tEaspag úr i gcomharbacht ar Philip Ó Buidhe (Boyce) atá ina easpag ar dheoise Ráth Bhoth le 22 bliain

Súil le hEapsag nua i ndeoise Gaeltachta i nDún na nGall inniu

Táthar ag dréim go mbeidh Easpag úr ar Dheoise Ráth Bhoth i nDún na nGall á chur in aithne don phobal ag Aifreann inniu in ArdEaglais Naomh Adhamhnáin i Leitir Ceanainn.

Tiocfaidh an tEaspag úr i gcomharbacht ar Philip Ó Buidhe (Boyce) atá ina easpag ar an deoise le 22 bliain.  Tá ceantair Ghaeltachta i nDún na nGall i nDeoise Ráth Bhoth. Is de bhunadh na Gaeltachta, as na Dúnaibh, an Dr Ó Buidhe, atá 77 bliain d’aois.

Caithfidh easpag éirí as nuair a bhíonn siad 75 bliain d’aois, de réir dlíthe na hEaglaise .

Tá go leor ainmneacha luaite leis an bhfolúntas seo, ina measc sagairt as Dún na nGall, as Deoise Dhoire, sagairt atá lonnaithe i mBéal Feirste, Meiriceá agus san Róimh.

Deanfar fogra oifigiúil i ndiaidh Aifreann in ómós do Naomh Cholmcille, naomh a raibh baint mhór aige le Dún na nGall, agus an  tEaspag Ó Buidhe a bhéas ag ceiliúradh an aifrinn sin.

Fág freagra ar 'Súil le hEapsag nua i ndeoise Gaeltachta i nDún na nGall inniu'