Súil le duine gan Ghaeilge a ainmniú do Bhord Údarás na Gaeltachta

Tá Fianna Fáil ag iarraidh beirt ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe a ainmniú do Bhord Údarás na Gaeltachta, agus níl Gaeilge ach ag duine den bheirt

Súil le duine gan Ghaeilge a ainmniú do Bhord Údarás na Gaeltachta

Tá iarracht ar bun duine gan Ghaeilge a chur chun cinn do Bhord Údarás na Gaeltachta agus Fianna Fáil ag fiosrú na bhféidearthachtaí beirt a chur chun tosaigh don aon fholúntas amháin ar Bhord Údarás na Gaeltachta i gContae na Gaillimhe.

Tá Gaeilge ag duine amháin den bheirt atá á gcur chun cinn don ról ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Séamus Breathnach as Uachtar Ard, ach ní bheadh dóthain Gaeilge ag an gcomhairleoir eile, Noel Thomas as Maigh Cuilinn, le plé le gnóthaí an Bhoird i nGaeilge.

Tá Thomas ina chónaí i gceantar oifigiúil Gaeltachta, murab ionann agus a leathbhádóir Breathnach, agus chaith sé seal ar bhord na bunscoile Gaeltachta i Maigh Cuilinn. Dúirt sé le Tuairisc.ie aréir go bhfuil sé i gceist aige “barr feabhais” a chur ar a scileanna teanga amach anseo, fiú mura n-éiríonn leis an iarracht é a chur ar Bhord an Údaráis.

Bhí raic ann ag cruinniú de chuid Chomhairle Chontae na Gaillimhe Dé Luain nuair a mhol Fine Gael an comhairleoir Seán Ó Tuairisg, ó Fhianna Fáil, don fholúntas ar Bhord Údarás na Gaeltachta. Ní mó ná sásta an bhí baill Fhianna Fáil leis an moladh ó tharla nach raibh aon socrú déanta roimh ré ag an dá pháirtí le chéile maidir le cén duine a chuirfí chun cinn do Bhord an Údaráis.

Bheartaigh Fianna Fáil an bheirt eile, Thomas agus Breathnach, a chur chun cinn in áit Uí Thuairisg.

Cé nach léir an mbeadh cead ag an mbeirt Chomhairleoirí an ról a roinnt tá na féidearthachtaí maidir lena leithéid de chur chuige á bhfiosrú i láthair na huaire ag Fianna Fáil. Tá an tAcht Gaeltachta an-soiléir faoi na coinníollacha teanga a bhaineann le duine a cheapfaí ar Bhord an Údaráis. Ní mór do chomhaltaí boird a bheith in ann gnóthaí an Bhoird a phlé i nGaeilge amháin, rud nach mbeadh Noel Thomas ábalta a dhéanamh faoi láthair.

“Bheadh orm barr feabhais a chur ar  mo scileanna teanga sula mbeadh mé in ann plé le gnóthaí an Údaráis i nGaeilge. Tá an cúpla focal agam ach theastódh tuilleadh foghlama. Tá sé i gceist agam cur le mo chuid Gaeilge beag beann ar a bheith ar Bhord an Údaráis, agus tá go leor obair mhaith á déanamh i Maigh Cuilinn i láthair na huaire ar son na Gaeilge,” a dúirt Thomas le Tuairisc.ie.

Tuigtear do Tuairisc.ie gur mhaith le Fianna Fáil go malartófaí an post idir an bheirt fhear ach sa chás nach n-éireodh leo é sin a dhéanamh gurb é fear na Gaeilge, Séamus Breathnach, a bheadh ar Bhord an Údaráis.

Dúirt urlabhraí de chuid na Roinne Gaeltachta le Tuairisc.ie aréir nach bhféadfaí “trácht a dhéanamh ar ‘chur i gcás’”, ach gurbh í an treoir a tugadh don Chomhairle Contae gur gá duine le Gaeilge a chur chun cinn don ról.

Dúirt an t-urlabhraí, áfach, gur faoin Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh, a bheadh sé an té a mholfaidh an Chomhairle Contae a cheapadh ina bhall de Bhord Údarás na Gaeltachta. Tharraing ceapachán McHugh féin go leor airde trí bliana ó shin toisc nach raibh Gaeilge aige nuair a ceapadh ina Aire Stáit Gaeltachta é.

Faoi Acht na Gaeltachta 2012, laghdaíodh líon na gcomhaltaí ar Bhord an Údaráis ó 20 go 12 comhalta. Faoin Acht, ceapann Aire na Gaeltachta seachtar comhaltaí, an cathaoirleach san áireamh, ar bhord an Údaráis agus ainmníonn na comhairlí contae, a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse, cúigear comhaltaí.

Beidh tréimhse cúig bliana an bhoird reatha istigh ar an 20 Samhain i mbliana.

Fág freagra ar 'Súil le duine gan Ghaeilge a ainmniú do Bhord Údarás na Gaeltachta'

  • Jamie Ó Tuama

    ASNC??

  • Cráite

    Seafóid, maslach, lofa ó Fhianna Fáil.

  • Ó Tuairisg

    Níl anseo ach cleasaíocht ó Fhianna Fáil chun praiseach a dhéanamh don phroiséas ainmniúcháin. Is cuma leo faoin Ghaeltacht agus faoin Ghaeilge. Mo náire iad agus Noel Thomas atá ag tacú leis an tseafóid maslach seo. Níor cheart vóta amháin fhéin a thabhairt don fhear arís go brách más seo an mheas atá aige do mhuintir na Gaeltachta agus príomh eagraíocht mhuintir na Gaeltachta, ag iarraidh ceap magadh a dhéanamh dhó.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Acht na Gaeltachta 2012 is cúis le ainmniúchán ar Bhord an Údaráis a fhágáil faoi na comhairleoirí contae. Ní leas na Gaeltachta ná leas na Gaeilge a bhíonn i gceist acu. Agus FG ina mionlach sa Dáil, tá deis pholaitiúl anois ann Acht na Gaeltachta a leasú agus toghcháin a bheith ann le ionadaithe an phobail a chur ar Bord an Údaráis. B’fhearr liom féin dá ndéanfaí an tAcht a aisghairm ar fad. Droch phíosa reachtaíochta atá ann ó thús go deireadh.

    Tá próiséas ceapacháin Noel Thomas, gan Ghaeilge, agus Séamas Breathnach as Uachtar Ard, thar a bheith lofa. Ach b’fhéidir go dtiocfaidh maitheas as, mar is soiléir anois go bhfuil gá deireadh a chur le roghnú baill ar Bhord an Údaráis a fhagáil faoi comhairleoirí contae.