Súil ‘ionad forbartha’ le ‘tábhacht náisiúnta’ a dhéanamh de sheanospidéal an Daingin – Aire Stáit na Gaeltachta

Táthar ag súil le plean forbartha agus infheistíochta Mol Teic d’fhorbairt an ospidéil faoi Mhárta na bliana seo chugainn

Súil ‘ionad forbartha’ le ‘tábhacht náisiúnta’ a dhéanamh de sheanospidéal an Daingin – Aire Stáit na Gaeltachta

Táthar ag súil go mbeidh plean forbartha chun Mol Teicneolaíochta a dhéanamh de sheanospidéal an Daingin réidh faoi Mhárta na bliana seo chugainn.

Dúirt an tAire Stáit Joe McHugh go bhfuiltear ag súil ag an tráth seo go bhfágfaidh an fhorbairt atá beartaithe do láthair an ospidéil gur ionad forbartha a bheidh ann amach anseo a mbeidh “tábhacht áitiúil agus náisiúnta” ag baint leis.

Tá cainteanna ar siúl le roinnt míonna anuas idir an grúpa forbartha Mol Teic agus an HSE maidir leis an seanfhoirgneamh sa Daingean a fhorbairt agus tá aontaithe ag an dá dhream go n-ullmhódh Mol Teic plean forbartha agus infheistíochta.

Tá Mol Teic ag lorg maoinithe faoi láthair ó Údarás na Gaeltachta chun tabhairt faoi phleanáil agus taighde don togra.

Is le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte seanospidéal an Daingin atá díomhaoin le roinnt mhaith blianta. 2,500 méadar cearnach atá san fhoirgneamh atá ar shuíomh 21.53 acra. Tá fógra caomhnaithe ar an bhfoirgneamh.

Thug Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh le fios an tseachtain seo go bhfuil grúpa oibre bunaithe chomh maith chun féachaint i ndiaidh an togra, grúpa ar a bhfuil Mol Teic agus eagraíochtaí forbartha an cheantair.

Fág freagra ar 'Súil ‘ionad forbartha’ le ‘tábhacht náisiúnta’ a dhéanamh de sheanospidéal an Daingin – Aire Stáit na Gaeltachta'