Súil chun cinn ar na scéalta Gaeilge agus Gaeltachta is mó in 2017…

Céard iad na scéalta móra Gaeilge agus Gaeltachta a bheidh ann in 2017?

Pictiúr: Laura Hutton/Photocall Ireland

An dtabharfaidh an polasaí nua oideachais an Ghaeilge slán i scoileanna Gaeltachta?

Seoladh an polasaí oideachais Gaeltachta i mí Dheireadh Fómhair 2016. De réir an pholasaí, beidh ar scoileanna na Gaeltachta iarratas a chur le chéile le haitheantas a fháil mar scoil oifigiúil Ghaeltachta. Beidh ar bhunscoileanna staonadh ó theagasc an Bhéarla ar feadh an chéad dá bhliain scolaíochta agus polasaí lán-tumoideachas a chur i bhfeidhm.

Is í 2017 an chéad bhliain den pholasaí cúig bliana a seoladh i mbliana. Tá €1 milliún curtha ar leataobh ag an Roinn Oideachais leis an bpolasaí a chur i bhfeidhm an bhliain seo chugainn agus beidh na scoileanna sin ar mhaith leo stádas oifigiúil Gaeltachta a bhaint amach ar a ndícheall é sin a dhéanamh i gcaitheamh na bliana.

Táthar ag fanacht le fada ar an bpolasaí seo, a thugann aitheantas stáit, den chéad uair, don chainteoir dúchais. Feicfimid anois an gcuirfear i bhfeidhm ina iomlán é, agus cén tionchar a bheidh aige ar staid na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Súil Treo eile?

Tá athruithe móra beartaithe ag Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir nua TG4, don stáisiún Gaeilge in 2017. Ceapadh Esslemont, a tháinig i gcomharbacht ar Phól Ó Gallchóir, i mí Dheireadh Fómhair 2016. Nocht sé cuid dá phlean do Pháidí Ó Lionáird ar an gclár 7 Lá go gairid i ndiaidh a cheapacháin, nuair a dúirt sé go mbeadh ar TG4 freastal ar ‘dhá lucht féachana’, an croíphobal cainteoirí Gaeilge, agus “mórphobal lucht féachana na tíre”.  Tháinig sé chun solais an mhí seo go bhfuil leasuithe suntasacha eile le déanamh ag Esslemont agus cuid mhór de na cláir a léirítear i mBaile na hAbhann faoi láthair le soláthar feasta ag comhlachtaí neamhspleácha seachas ag TG4 féin. Cé go bhfuil imní i measc léiritheoirí faoin tionchar a bheidh ag an gcur chuige nua seo ar chomhlachtaí beaga léiriúcháin, tá dóchas ann freisin faoin mborradh a d’fhéadfadh a theacht faoin earnáil Ghaeltachta. Tá caint ann chomh maith faoi bhéim nua a chur ar chúrsaí reatha sa stáisiún agus gá lena leithéid, shílfeá.

Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne

Ardú ar líon na gcainteoirí Gaeilge?

De réir an eolais is deireanaí atá againn, ó Dhaonáireamh 2011, tá Gaeilge de chineál éigin ag 41% de dhaonra an stáit, agus labhraíonn 77,185 duine ar bhonn laethúil í taobh amuigh den chóras oideachais.

Thug 66,238 duine Gaeltachta le fios sa Daonáireamh céanna go bhfuil Gaeilge acu agus labhraíonn 17,955 ar bhonn laethúil taobh amuigh den chóras oideachais í.

Foilseofar na figiúirí a bhaineann le líon na gcainteoirí Gaeilge i mí an Mhárta nó mí Aibreáin na bliana seo. Tá an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge i bhfeidhm le sé bliana anuas, agus mhaígh an tAire Stáit Gaeltachta Seán Kyne anuraidh go raibh sé “fós réadúil” a bheith ag caint ar 250,000 cainteoir laethúil faoin mbliain 2030.

Beidh sé spéisiúil a fheiceáil cén sórt méadú (nó laghdú) a bheidh ar na figiúirí i mbliana — go háirithe ó rinneadh an daonáireamh cothrom an lae céad bliain ó shin ar fhógair duine de Ghaeil mhóra an chéid seo caite, Pádraig Mac Piarais, Poblacht na hÉireann. 

Cás Cúirte an Chonartha

D’fhógair Conradh na Gaeilge i mí Aibreáin 2016 go raibh an eagraíocht ag glacadh cás cúirte i gcoinne an Fheidhmeannais ó thuaidh. Maíonn an Conradh nach bhfuil a ndualgais i leith na teanga á gcomhlíonadh ag an bhFeidhmeannas.

Cuirfear tús leis an gcás cúirte sin, arb é an chéad chás cúirte riamh ag an eagraíocht in aghaidh rialtais, ar an 8 Feabhra 2017.

Tá an cás beartaithe ag an eagraíocht toisc nár ghlac an Feidhmeannas go fóill le Straitéis na Gaeilge 2015-2035. Deir an Conradh gur sárú atá sa mhéid sin ar dhualgais reachtúla an Fheidhmeannais de réir Chomhaontú Chill Rímhinn 2006 agus de réir a gClár Rialtas 2011-2015.

Ardú ar bhuiséad na Gaeilge?

‘Léiríonn sé go bhfuil deireadh tagtha anois leis an slad seasta a bhí á dhéanamh ar mhaoiniú Fhoras na Gaeilge agus go bhfuil tús á chur le próiseas chun na ciorruithe móra déanta le tamall de bhlianta a aisiompú agus an maoiniú riachtanach a chur ar fáil do phobal na Gaeilge chun an teanga a neartú sa phobal.’

Sin an méid a bhí le rá ag Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Cóilín Ó Cearbhaill, faoin milliún breise a d’fhógair an tAire Stáit Seán Kyne d’Fhoras na Gaeilge an mhí seo caite.

B’údar díomá é Buiséad 2017 do chainteoirí Gaeilge agus cuireadh i leith an Rialtais gur bhris siad a ngealltanas maidir leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht i mbuiséad a bhí “maslach” agus “náireach”.

D’éiligh Conradh na Gaeilge, thar ceann 80 eagraíocht Ghaeilge ar fud na tíre, go gcuirfí maoiniú breise ar fáil d’Údarás na Gaeltachta agus d’Fhoras na Gaeilge. Laghdú 9%, áfach, a fógraíodh do bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta i mBuiséad 2017, ó €51,026 milliún in 2016 go dtí €46,736 milliún.

Beidh súil, ní hamháin ag Uachtarán Chonradh na Gaeilge, ach ag gach dream a bhíonn ag plé leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht le hardú ar bhuiséad na teanga nuair a fhógrófar Buiséad 2018 san fhómhar.

Tá airgead geallta cheana féin do chur i bhfeidhm an pholasaí oideachais Gaeltachta don dá bhliain amach romhainn. Shéan an tAire Stáit Seán Kyne ag cruinniú de chuid an Choiste Ealaíon, Oidhreachta, Forbartha Réigiúnaí, Tuaithe agus Gaeltachta an mhí seo caite gurb í earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta is mó a bhí thíos leis na ciorruithe le hocht mbliana anuas, ach dúirt go n-aithníonn sé go bhfuil ganntanas airgid ann agus go bhfuil sé ag déanamh a dhíchill tuilleadh maoinithe a fháil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

Mar sin féin, ó tharla gur ar Kyne agus airsean amháin atá freagracht na Gaeilge agus na Gaeltachta leagtha ag an Aire Sinsearach, Heather Humphreys, agus gan aird ar bith aici féin ar chás na teanga, is deacair a shamhlú go ngabhfadh achainí Aire sóisir i bhfeidhm go mór ar an Rialtas.