Súil chun cinn ar na ceisteanna móra roimh chluiche cinniúnach na hÉireann anocht…

Rachaidh foireann na hÉireann chun páirce i gcoinne na Danmhairge anocht agus fios acu go gcaithfidh siad an cluiche a bhuachan chun áit a bhaint amach ag Corn an Domhain an bhliain seo chugainn

Súil chun cinn ar na ceisteanna móra roimh chluiche cinniúnach na hÉireann anocht…

Foireann agus lucht tacaíochta na hÉireann. Pictiúr: INPHO/James Crombie

A dtiocfaidh O’Neill aniar aduaidh orainn?

Tá sé nach mór dodhéanta an fhoireann a roghnóidh Martin O’Neill a thuar. Is beag duine a cheap go mbeadh Callum O’Dowda ag tosú in aghaidh na Danmhairge Dé Sathairn agus níorbh í sin an chéad uair ag O’Neill teacht aniar aduaidh orainn.

Agus bua ag teastáil anocht, tá roghanna ag an mbainisteoir. Tá David Meyler ar fáil arís agus seans maith go dtosóidh fear Chorcaí. Cheapfá gurbhs é O’Dowda is mó a bheadh i mbaol mar sin ach bíonn cleas éigin i gcónaí ag O’Neill. D’fhéadfadh sé Wes Hoolahan a thosú ach is mó seans go bhfeicfidh muid é ag teacht isteach mar ionadaí, mar a tharla nuair a thug foireann O’Neill an lá leo i gcoinne na Gearmáine agus na hIodáile.

Tá seans ann chomh maith go mbainfidh O’Neill úsáid as Shane Long agus Daryl Murphy chun luas agus neart a chur sa líne thosaigh. Dá dtarlódh sé sin, bheadh ar an mbainisteoir ar a laghad duine amháin acu seo a fhágáil ar an mbinse – Meyler, Harry Arter, Jeff Hendrick, James McClean nó Robbie Brady. Déarfá nach mbeadh mórán fonn air é sin a dhéanamh.

Cé a ghlacfaidh ceannas ar an gcluiche?

Cé go bhfuil foireann na hÉireann ag imirt sa bhaile, ní féidir glacadh leis gurb í foireann Martin O’Neill a ghlacfaidh ceannas ar an gcluiche agus a choinneoidh seilbh na liathróide. Tá an fhoireann seo níos compordaí gan seilbh na liathróide a bheith acu, ach seans go mbeidh na Danmhargaigh sásta seilbh a ghéilleadh chomh maith d’fhonn dul ar an bhfrith-ionsaí.

I gCóbanhávan an deireadh seachtaine seo caite, chúlaigh foireann na hÉireann siar chun a chinntiú nach raibh mbeadh spás ná am ag Christian Eriksen, rud a d’fhág nach raibh mórán tionchair aige ar an gcluiche. Caithfidh Éire cúl a scóráil anocht, áfach, agus dá bharr sin beidh foireann na Danmhairge ag súil go mbeidh a gcéilí comhraic níos scaoilte agus go mbeidh níos mó spáis ag leithéidí Eriksen dul i bhfeidhm ar an imirt.

D’fhéadfadh go bhfeilfeadh sé don dá fhoireann anocht titim siar beagáinín agus ligean dá gcéilí comhraic an liathróid a bheith acu. Ach más fúthu ciceanna pionóis a sheachaint, beidh ar cheann de na foirne seo iarracht a dhéanamh smacht a fháil ar an imirt agus luas an chluiche a stiúradh.

Bainisteoir na hÉireann, Martin O’Neill. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

An dtiocfaidh Éire slán arís nuair a bheidh an crú ar an tairne?

An rud is suntasaí faoi ré Martin O’Neill mar bhainisteoir ar fhoireann na hÉireann ná go n-éiríonn leis, níos minice ná a mhalairt, cluichí a bhuachan nuair is mó atá gá leis sin. D’fhéadfadh siad rudaí a dhéanamh níos éasca dóibh féin, ach nuair a thagann an crú ar an tairne, déanann siad an beart.

Tá an beart déanta ar bhealaí difriúla acu chomh maith. In aghaidh na Gearmáine agus na Breataine Bige, is taispeántais chosantacha a thug siad uathu ach d’éirigh leo ceann den fhíorbheagán deiseanna a chruthaigh siad a thapú sa dá chás.

I gcoinne na hIodáile ag EURO 2016 áfach, agus, níos tráthúla, in aghaidh na Boisnia agus na Heirseagaivéine sa bhabhta cáilithe den chomórtas sin, ba iad na hÉireannaigh ba mhó a chruthaigh na deiseanna.

Sa bhua 2-0 sin san Aviva in 2015, chuaigh Éire ar an ionsaí ón tús agus fuair siad cúl tar éis 24 nóiméad. Spreag sé sin slua agus ba bhreá an rud é dá gcuirfidís tús le cluiche na hoíche anocht ar an gcaoi chéanna.

An buntáiste ag na Danmhargaigh má bhíonn am breise ann

Mura bhfeicfidh muid aon chúl anocht, agus seans maith nach bhfeicfidh más aon eiseamláir é cluiche an tSathairn seo caite, is ag na Danmhargaigh a bheidh an buntáiste. Beidh riail na gcúl as baile fós i bhfeidhm i rith am breise, rud a fhágann go mbeidh 30 nóiméad breise acu chun an cúl tábhachtach sin a fháil as baile.

Dá n-éireodh leis an Danmhairg an beart a dhéanamh in am breise agus cúl a scóráil, bheadh ar Éirinn dhá cheann a aimsiú chun an cluiche a bhuachan. Is beag seans go mbeadh foireann seo na hÉireann in ann sin a dhéanamh. Sna cluichí móra uile atá buaite ag Éirinn faoi cheannas O’Neill – in aghaidh na Gearmáine, na hIodáile agus na Breataine Bige – aon chúl amháin a fuair siad.

Fág freagra ar 'Súil chun cinn ar na ceisteanna móra roimh chluiche cinniúnach na hÉireann anocht…'