Súil chun cinn ar chluichí ceannais na sraithe peile

Beidh deireadh seachtaine gnóthach ann i bPáirc an Chrócaigh le cluichí ceannais Roinn 3 agus Roinn 4 inniu ann agus cluichí ceannais Roinn 1 agus 2 ar siúl ar an Domhnach

ames Loughrey (Corcaigh) agus Kevin McManamon san iomaíocht sa chluiche sraithe níos luaithe sa bhliain. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer
ames Loughrey (Corcaigh) agus Kevin McManamon san iomaíocht sa chluiche sraithe níos luaithe sa bhliain. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Cluiche Ceannais Roinn 1 – Baile Átha Cliath v Corcaigh

feiliúnach gurb iad Baile Átha Cliath agus Corcaigh, an dá fhoireann is fearr sa tsraith i 2015, a chasfaidh lena chéile sa chluiche seo. Is iad Corcaigh a bhí buacach nuair a thug siad aghaidh ar a chéile sa chéad bhabhta i mbliana nuair a fuair foireann Brian Cuthbert an ceann is fearr ar a gcéilí comhraic sna nóiméid dheireanacha chun bua dhá phointe a ghnóthú, 1-15 in aghaidh 0-16.

Murab ionann is Jim Gavin, tá an tsraith úsáidte ag Cuthbert chun a fhoireann don Chraobh a réiteach. Ar an mórgóir, is iad na himreoirí a fheicfidh muid i ngeansaithe Chorcaí sa chraobh atá feicthe againn i rith an earraigh seo agus tá Cuthbert ag iarraidh an córas imeartha atá in úsáid aige ó mhí Iúil anuraidh, mar a dtéann beirt tosaithe siar, a fháil i gceart.

Gan ach beirt sa líne lántosach, tá dualgas níos mó ar Colm O’Neill agus Brian Hurley na scóir a aimsiú do Chorcaigh ach níor theip orthu go dtí seo agus iad ar bheirt de na tosaithe is fearr sa tsraith i 2015. Tá a rian fágtha ag O’Neill agus Hurley ar na cluichí is déanaí a d’imir siad i gcoinne Bhaile Átha Cliath agus beidh siad ag iarraidh cur leis an méid sin ar an Domhnach.

Mar a dúradh cheana, is iad na himreoirí céanna atá curtha chun páirce ag Brian Cuthbert sna cluichí go dtí seo ach tá an deis tapaithe ag Jim Gavin súil a chaitheamh ar chuid mhór imreoirí i rith na sraithe. Dealraíonn sé go bhfuil slám mór imreoirí óga, cumasacha ar fáil i gcónaí ag Gavin sa phríomhchathair.

Is sa chosaint is mó a bhí laigí ag Baile Átha Cliath anuraidh ach is cosúil go bhfuil siad á ceartú sin anois, gan ach dhá chúl tugtha uathu sa tsraith go dtí seo. Is é John Small ceann de na himreoirí óga sin a tháinig isteach agus a bhreathnaíonn ar a chompord in aonad cosanta na príomhchathrach.

Chas na foirne seo ar a chéile sa bhabhta leathcheannais anuraidh i gcluiche inar bhuaigh Baile Átha Cliath, 2-20 in aghaidh 2-13, cé go raibh siad ocht bpointe chun deiridh ag leath ama. Bhí foireann láidir acu ar an lá sin agus beidh sé suimiúil an gceapfaidh Jim Gavin go mbeidh a chuid imreoirí mór le rá ag teastáil uaidh arís chun na Muimhnigh a shárú.

Rogha Tuairisc.ie: Baile Átha Cliath

Bainisteoir Ros Comáin, John Evans, a bheidh ag iarraidh an dara ardú céime as a chéile a bhaint amach le Ros Comáin. Pictiúr: INPHO/Lorraine O'Sullivan
Bainisteoir Ros Comáin, John Evans, a bheidh ag iarraidh an dara ardú céime as a chéile a bhaint amach le Ros Comáin. Pictiúr: INPHO/Lorraine O’Sullivan

Cluiche Ceannais Roinn 2 – An Dún v Ros Comáin

I Roinn 2, casfaidh dhá fhoireann ar a chéile atá i mbéal a bhforbartha ach nach mar a chéile a ndul chun cinn go baileach. I Ros Comáin, tá John Evans ina thríú bliain mar bhainisteoir agus é ag baint úsáide i gcónaí as na himreoirí óga atá ag teacht ar barra.

Chaill foireann Faoi-21 Ros Comáin cluiche leathcheannais na hÉireann an Satharn seo caite agus cé go mbeidh díomá orthu deis ar Chraobh na hÉireann a chailleadh, beidh imreoirí a bhí ar an bhfoireann sin a bheidh ag imirt ar an Domhnach agus a bheidh ag iarraidh an chailliúint sin a chúiteamh ag an deireadh seachtaine.

Ar an taobh eile, níl Jim McCorry ach sa chéad bhliain mar bhainisteoir ar an Dún. Chomh maith leis sin, nuair a d’fhág James McCartan anuraidh, d’fhág go leor imreoirí leis, fir a raibh taithí acu ar nós Benny Coulter, Ambrose Rogers agus Brendan McVeigh. Tá na deacrachtaí sin sáraithe ag McCorry, áfach, agus níor chaill siad ach dhá chluiche sa tsraith, ceann in aghaidh na Mí agus ceann in aghaidh chéilí comhraic an Domhnaigh, Ros Comáin.

Bhí bua maith as baile ag na Connachtaigh an lá sin, 1-15 in aghaidh 1-11, ach seans go mbeidh an cluiche ar an Domhnach níos déine. Ní féidir leis na geallghlacadóirí na foirne seo a scaradh ach mar gheall go raibh an bua acu cheana i mbliana, agus de bhrí go bhfuil scoth na n-imreoirí óga acu, seans go mbeidh an lámh in uachtar ag Ros Comáin.

Rogha Tuairisc.ie: Ros Comáin

Shane Doyle (An Longfort) agus David Hanlon (Uíbh Fhailí) san iomaíocht lena chéile. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne
Shane Doyle (An Longfort) agus David Hanlon (Uíbh Fhailí) san iomaíocht lena chéile. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Cluichí Ceannais Roinn 3 agus Roinn 4 – Ard Mhacha v Fear Manach agus An Longfort v Uíbh Fhailí

Is inniu a imreofar na cluichí ceannais i Roinn 3 agus Roinn 4. Sa choimhlint uile-Ultach, níorbh fhéidir Ard Mhacha agus Fear Manach a scaradh sa tsraith. Chríochnaigh siad cothrom ar phointí sa tábla agus is comhscór a bhí sa chluiche eatarthu. Meastar, áfach, go mbeidh foireann Kieran McGeeney rómhaith d’Fhear Manach nuair a thiocfaidh an crú ar an tairne.

Beidh Uíbh Fhailí agus Longfort ar ais i Roinn 3 an bhliain seo chugainn. Díbríodh an dá fhoireann as an roinn sin anuraidh ach d’éirigh leo iad féin a tharraingt amach as Roinn 4 i mbliana. Cé nach raibh mórán eatarthu sa tsraith, is mó seans gurb iad Longfort a bheidh ag ceiliúradh i bPáirc an Chrócaigh inniu, fiú gan Paul Barden, a d’éirigh as ag tús an earraigh.

Rogha Tuairisc.ie: Ard Mhacha agus An Longfort

Dé Sathairn, 25 Aibreán

Sraith Peile Allianz – Cluiche Ceannais Roinn 4

An Longfort v Uíbh Fhailí, Páirc an Chrócaigh, 5.15i.n.

Sraith Peile Allianz – Cluiche Ceannais Roinn 3

Ard Mhacha v Fear Manach, Páirc an Chrócaigh, 7.15i.n.

Dé Domhnaigh, 26 Aibreán

Sraith Peile Allianz – Cluiche Ceannais Roinn 2

An Dún v Ros Comáin, Páirc an Chrócaigh, 2i.n.

Sraith Peile Allianz – Cluiche Ceannais Roinn 1

Baile Átha Cliath v Corcaigh, Páirc an Chrócaigh, 4i.n.

Fág freagra ar 'Súil chun cinn ar chluichí ceannais na sraithe peile'

  • Concubhar Ó Liatháin

    Buiochas le Dia gur roghnaigh Tuairisc.ie, Átha Cliath mar a rogha – tá seans níos fearr ag Corcaigh mar sin!