Súil chun cinn ar an bPríomhroinn 2017-2018…

Agus tús á chur le Príomhroinn Shasana anocht, caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar na foirne a bheidh ag barr agus ag bun an tábla ag deireadh an tséasúir

Súil chun cinn ar an bPríomhroinn 2017-2018…

Cé a thabharfaidh leo an tsraith? – Manchester City

Ba í an chosaint ba mhó a chlis ar Pep Guardiola agus Manchester City anuraidh agus tá iarracht déanta acu an fhadhb sin a réiteach i rith an tsamhraidh agus neart imreoirí tugtha isteach acu. Ar dtús, d’íoc siad an méid is mó a caitheadh ar chúl báire riamh nuair a cheannaigh siad Ederson ó Benfica (£35m). Ansin, sháraigh siad an churiarracht don chosantóir is costasaí, faoi dhó, nuair a cheannaigh siad Benjamin Mendy (£52m) agus Kyle Walker (£53m). Sin gan trácht a dhéanamh ar chosantóir eile, Danilo, ar íoc siad £26m air.

Is í an fhadhb atá acu ná go bhfuil níos mó clú ar Mendy, Walker agus Danilo as a gcumas agus iad ar an ionsaí seachas a gcumas agus iad i mbun cosanta. Níl tada déanta ag Manchester City ach an oiread chun lár an aonaid chosanta a neartú. Cuir san áireamh na fadhbanna a bhí ag Vincent Kompany ó thaobh gortuithe le cúpla bliain anuas agus na drochthaispeántais a thug John Stones agus Nicolas Otamendi uathu anuraidh, agus tá údar imní ag Guardiola.

É sin ráite, tá slua imreoirí den scoth ag City ó thaobh tosaithe de. Idir Sergio Aguero, Gabriel Jesus, Raheem Sterling, Kevin de Bruyne, David Silva, Leroy Sané agus an fear nua, Bernard Silva, ní bheidh aon fhadhb ag City cúil a aimsiú.

Cé gur sa tríú háit a chríochnaigh siad anuraidh, ní raibh ar an dá fhoireann a chríochnaigh os a gcionn, Chelsea agus Tottenham, cluichí i Sraith na gCuradh a imirt, dualgas breise a bheidh orthu i mbliana.

Bhí an scuad ba láidre ag City anuraidh agus is amhlaidh atá curtha acu leis sin an samhradh seo. Beidh sé deacair iad a stopadh.

Cé is mó a bheidh san iomaíocht leo? – Manchester United

Cé go mbíonn an chuma ar José Mourinho i gcónaí nach bhfuil sé sásta leis an méid airgid atá á chaitheamh ag pé club a mbíonn sé fostaithe aige, chaithfeadh go bhfuil sé sásta leis an méid atá déanta ag United go dtí seo.

Is breá le Mourinho imreoirí móra láidre agus tá triúr dá leithéid tugtha isteach aige, Victor Lindelof, Nemanja Matic agus Romelu Lukaku. Caitheadh £75m Lukaku is é an Beilgeach is mó a tharraing aird an phobail. D’fhéadfadh, áfach, go mbeadh teacht Matic chomh tábhachtach céanna.

Níor éirigh le Mourinho ná United luach a gcuid airgid a fháil as Paul Pogba anuraidh ach anois, agus Matic agus Ander Herrera taobh thiar de, chun obair na gcapall a dhéanamh, shílfeá go mbeadh deis níos fearr ag Pogba a lorg a fhágáil ar an imirt.

Sa dara séasúr aige i gceannas ar Porto, Chelsea (faoi dhó), Inter Milan agus Real Madrid, d’éirigh le José Mourinho an tsraith a bhuachan. Anois agus é ag tabhairt aghaidh ar a dhara séasúr mar bhainisteoir ar Manchester United, ní chuirfinn thairis é ach go ndéanfadh sé an gaisce sin arís.

Alvaro Morata

Cé eile a bhainfidh áit amach i Sraith na gCuradh? – Chelsea agus Tottenham

Tar éis dóibh an tsraith a bhuachan in 2010 agus in 2015, theip ar Chelsea an gaisce a dhéanamh arís agus cé nach bhfuil foireann Antonio Conte tada níos laige thar mar a bhí siad anuraidh, beidh sé deacair acu an corn a thabhairt leo arís.

Drochsheans go bhfeicfidh muid Diego Costa i ngeansaí Chelsea arís agus cé gur imreoir maith é an fear atá tugtha isteach ina áit, Alvaro Morata, d’fhéadfadh go dtógfadh sé tamall air dul i dtaithí ar an tsraith. Mar bharr air sin, tá gortuithe ag cur as don fhear nua eile Tiemoué Bakayoko agus do Eden Hazard faoi láthair.

An méid a dhéanfaidh Tottenham, Liverpool agus Arsenal idir seo agus deireadh na míosa seo chugainn a shocróidh cé acu a bhainfidh an ceathrú háit amach.

Tá iarracht déanta ag Liverpool airgead a chaitheamh ach tá teipthe orthu go dtí seo leithéidí Naby Keita agus Virgil van Dijk a thabhairt isteach. Is imreoirí maithe iad Mohamed Salah agus Andy Robertson ach chlis ar Liverpool i lár an tséasúir seo caite mar nach raibh a ndóthain imreoirí acu agus ní raibh feachtas Eorpach féin ag cur isteach orthu ag an am.

Níl pingin caite ag Tottenham go dtí seo agus cé go mbeidh dúshlán breise roimh Spurs an séasúr seo agus iad ag imirt i Wembley in áit White Hart Lane, fós tá foireann sách láidir acu chun an ceann is fearr a fháil ar an bpéire eile agus áit a bhaint amach i bpríomhchomórtas na hEorpa arís.

Jose Izquierdo

Cé dó is dóichí an dícháiliú? – Brighton, Huddersfield agus Swansea City

Go dtí cúpla lá ó shin, bhí an chuma ar Brighton nach raibh siad ach ag réiteach don séasúr seo chugainn sa dara roinn seachas iarracht cheart a dhéanamh fanacht sa Phríomhroinn. Ní raibh mórán airgid caite acu ar imreoirí ach le cúpla lá anuas tá £12 milliún caite acu ar Davy Propper agus £13 milliún ar Jose Izquierdo. Faraor, drochsheans go ndéanfaidh sé mórán maitheasa dóibh agus is é an scéal céanna é ag Huddersfield, a bhfuil go leor imreoirí tugtha isteach nach fios go fóill cé chomh maith is atá siad.

Breathnaíonn sé gurb iad Swansea City agus Burnley is mó atá i mbaol taobh amuigh den dá fhoireann sin. Má fhágann Gylfi Sigurdsson Swansea as seo go ceann cúpla seachtain, agus chuile chosúlacht ar an scéal go bhfágfaidh, is buille marfach a bheidh ann dóibh.

Fág freagra ar 'Súil chun cinn ar an bPríomhroinn 2017-2018…'