Súil chun cinn ar 2016 le…Máire Treasa Ní Cheallaigh

Labhair Tuairisc.ie le iriseoir TG4 Máire Treasa Ní Cheallaigh faoin mbliain atá amach romhainn

An bhfuil aon rún agat don bhliain 2016?

Na rúin chéanna a bhíonn agam gach bliain beo. Níos mó aclaíochta, níos lú sceallóga, níos mó glasraí, níos lú supermac’s. Cliseann orm gach bliain taobh istigh de choicís, ach b’fhéidir go mbeadh rudaí níos fearr an uair seo!

Céard é an rud is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2016?

Go dtabharfar Craobh Iomána Uile-Éireann trasna na Sionainne go Gaillimh. Tarlóidh sé!

Céard é an rud is mó nach bhfuil tú ag súil leis in 2016?

An tOlltoghchán. Bhuel, is breá liom olltoghcháin ach beidh sé luath go maith sa mbliain, rud a chiallaíonn go mbeidh canbhasáil ar bun i lár an gheimhridh dheirg. Beidh fuacht faighte againn, ach is dóigh nach bhfuil mórán daoine a léifidh é seo a bheas ag déanamh trua d’iriseoirí do pholaiteoirí fliuch báite.

Céard é an t-imeacht is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2016?

Cúpla rud… Na craobhchomórtaisí Eorpacha agus dhá fhoireann as Éirinn i gceist, na Cluichí Oilimpeacha agus Comóradh 2016.

Cén chúis dóchais is mó atá agat don bhliain 2016?

Táimid ag comóradh an chéid. Is tírín óg fós muid, agus tá cúpla bliain an-chrua go deo curtha isteach ag go leor. Tá comharthaí dóchais le feiceáil arís; tá poist ag an gcuid is mo de mo chairde arís, tá daoine ag pleanáil don todhchaí arís. Tugann sé dóchas dom gur i bhfeabhas atá cúrsaí ag gabháil sa tír seo, in ainneoin na gconstaicí ar fad a cuireadh romhainn.

Céard é an rud is mó ba mhaith leat a bhaint amach in 2016?

Líofacht Fraincise. De réir a chéile a thógtar na caisleáin a deirtear liom, ach tá an caisleán seo á thógáil le fada.

Dá bhféadfá rud amháin a athrú faoi shaol na hÉireann in 2016, céard a d’athrófá?

An t-éadóchas atá ionainn a laghdú ar bhealach éigin. Is beagnach go bhfuil sé ionainn ón lá a dtagann muid ar an saol, agus cé nach féidir leis an ngloine a bheith leath lán i gcónaí, creidim go gcuidíonn dearcadh dearfach leis an saol, agus go dtarlaíonn rudaí dearfacha dá bharr.

Fág freagra ar 'Súil chun cinn ar 2016 le…Máire Treasa Ní Cheallaigh'