Súil siar ar 2014 le…Darach Mac Con Iomaire

Labhair Tuairisc.ie le Darach Mac Con Iomaire, scríbhneoir agus stiúrthóir an chláir Corp + Anam, faoin mbliain 2014

Ceistneoir-Darach Mac An Iomaire

Céard é an chuimhne is mó atá agat ar 2014? Céard iad na buaicphointí?

Cé gur maith an rud é a bheith gnóthach agus tú ag obair duit féin, bhí brú ar leith i 2014 mar go raibh mé tar éis an iomarca oibre a thógáil orm féin agus ní raibh ag éirí liom spriocanna a bhaint amach dá réir.

An chuimhne is mó atá agam ar 2014 ná an faoiseamh a d’airigh mé nuair a fuair mé ríomhphost i mí Bealtaine ag rá nach mbeadh ceann de na tograí a raibh mé ag obair air ag dul ar aghaidh – ba gheall le leac á hardú ó m’anam an nuacht sin a fháil – faoiseamh domhain a cheallaigh pé díomá a bhain leis an scéala céanna.

Buaicphointe na bliana ná nuair a taispeánadh an tsraith iomlán de Corp + Anam don chliar agus don chriú den chéad uair i mí na Samhna – bhí draíocht leis an ócáid – an fhoireann uilig tagtha le chéile ag déanamh ceiliúradh ar an obair. Bhí fuinneamh ar leith sa seomra – sceitimíní neirbhíse orm ag féachaint ar an tsraith i measc lucht féachana den chéad uair. Níor bhuaicphointe an mhaidin dar gcionn..!

Céard é an leabhar is fearr atá léite agat i 2014? Céard é an scannán is fearr atá feicthe agat i 2014?

The God Squad le Paddy Doyle, Breaking The Silence le Martin Ridge agus Story le Robert McKee. Bíonn Story le m’ais seasta.

Taobh amuigh de chúrsaí taighde de, níor léigh mé leabhar ó bhí mé ar mhí na meala i 2009. Sin é a rinne an pósadh orm! Le triúr páistí sa mbaile, cibé faoi am a fháil leabhar a léamh, is beag seans éalú chuig an bpictiúrlann. Tá Netflix an-úsáideach agus seó den scoth é House of Cards. Tá muid i ré órga na teilifíse gan dabht.

An bhfuil aon chúis aiféala agat maidir le 2014?

Tá aiféala orm gur lig mé síos an dream a bhí ag brath orm an togra a cuireadh ar ceal a sholáthar – ciall ceannaithe gan an iomarca a thógáil ar bord i 2015!

Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort i 2014?

Ceapachán Heather Humphreys ina hAire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta. Is léir ó eachtra John McNulty agus toghchán an tSeanaid, gur ar son na hEalaíona agus an Chultúir agus na Gaeltachta agus na fírinne go deimhin atá sí féin agus an Taoiseach agus nach ar mhaithe leo féin. Chuir ionracas na beirte seo go háirithe, an-áthas orm i 2014.

Céard é an scéal is mó a chuir brón ort i 2014?

Bás Chiaráin Mhic Con Iomaire, col ceathrar liom agus bás Éanna Uí Ghriallais, iománaí óg ó Chumann Micheál Breathnach.

Tá géarchéim sa tír seo agus an méid daoine atá ag cur lámh ina mbás féin. Nuair a chuireann tú an iarracht a dhéanann an Stát i leith sábháilteacht bóthair i gcomparáid leis an tacaíocht a chuirtear ar fáil do sheirbhísí éigeandála comhairleoireachta, tá sé soiléir go bhfuil faillí mhór á déanamh ag an Rialtas maidir leis an gceist seo.

Caithfear labhairt go hoscailte faoin bhféinmharú, dar liom, chun go mbeidh muid in ann, mar shochaí, aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim. Tá beirt ar a laghad á marú féin sa tír seo gach lá. Sin go leor crá croí ó cheann ceann na bliana. Tá an Rialtas freagrach, creidim, de bharr a gcuid faillí i seirbhísí cuí cabhrach a chur ar fáil don phobal agus straitéis éifeachtach a chur i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt air seo.

Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú ó thús deireadh na bliana 2014?

Foghlaim cén chaoi diúltú d’obair bhreise. Nuair nach bhfuil cinnteacht ar bith le cúrsaí ioncaim, bíonn sé deacair ach má tá an iomarca le déanamh, ní bhíonn rath ar thada!

Ar éirigh leat déanamh de réir aon rúin a bhí agat ag tús na bliana 2014 (i.e. cloí leis)?

Ní fear mór rúin mé – meabhraíonn siad cruinnithe coistí dom. Idir chúrsaí CLG agus Amharclainne, tá mo sháith faighte agam de choistí!

Fág freagra ar 'Súil siar ar 2014 le…Darach Mac Con Iomaire'