Club Leabhar 1916: Súil ar ‘Dé Luain’ le hEoghan Ó Tuairisc

Bhí an-tuiscint ag Eoghan Ó Tuairisc ar chastacht, ar íoróin agus ar mhianach tragóideach Éirí Amach 1916. Is é mórbhua Dé Luain mar úrscéal staire ná nach ndéantar laochra ná naoimh, gealta ná deamhain de cheannairí an Éirí Amach

Club Leabhar

Úrscéal nuálach nua-aoiseach é Dé Luain, a scríobhadh i gcomhair chomóradh caoga bliain an Éirí Amach sa bhliain 1966 ach ar ábhar inspéise i gcónaí é a léargas cruinn mionchúrsach ar imeachtaí corraitheacha an lae sin, Luan Cásca 24 Aibreán 1916.

Ríomhann an t-úrscéal gníomhaíochtaí na bpríomh-rannpháirtithe san Éirí Amach i mBaile Átha Cliath ó mheánoíche Dé Domhnaigh 23 Aibreán go dtí lár an lae dár gcionn nuair a léigh Pádraig Mac Piarais an forógra os comhair Ard-Oifig an Phoist. Is é an Piarsach carachtar lárnach an úrscéil, agus an t-aon duine a chuirtear i láthair sa chéad phearsa ann. Feictear é mar dhuine atá cráite ag mórualach na freagrachta agus é á chruachan féin dá pháirt sa dráma atá le gníomhú ar shráideanna na cathrach. Is é an rud is mó a luíonn ar a choinsias ná an smaoineamh go bhfuil feall á dhéanamh ar idéil chultúrtha de hÍde agus Mhic Néill:

‘Mac Néill, de hÍde, ba iad siúd na réabhlóidithe. Agus rinneamar an feall orthu. Orthu beirt. Guth breá tíriúil de hÍde. Cá bhfuil mo thriall. Ag glaoch is ag gairm ar an gcroí seo i mo lár’ (47). 

Ba chuimsitheach agus b’éachtach an buntaighde a rinne Ó Tuairisc don leabhar seo, a dhéanann grinnscrúdú ar cheannairí na réabhlóide agus a ríomhann na snáitheanna éagsúla cultúir, polaitíochta agus aicme a bhí taobh thiar den Éirí Amach. Tugtar an-aitheantas don pháirt a ghlac gluaiseacht an lucht oibre agus an tArm Cathartha san Éirí Amach. Dírítear aird ar an ngné Ultach den scéal, ar ról Chumann na mBan agus ar an dearcadh idirnáisiúnta iltíreach a bhí i réim i measc na gceannairí. Aithnítear na castachtaí a bhain le féiniúlachtaí náisiúnta ghlúin na réabhlóide, go háirithe ina gcás siúd, ar nós Mhic Dhonncha, de Valera agus an Phiarsaigh, a raibh cúlra measctha iontu. Ag an am céanna, luaitear patfhuaire na n-aicmí Éireannacha sin nach raibh ‘d’aidhm acu ach go mbaineadh a gclann Scoláireacht an Rí amach nó scrúdú státseirbhíse ionas go mbeadh post suí síos acu in Oifig an Phoist i Londain, agus pinsean’ (21), agus déantar go leor tagairtí do rannpháirtíocht na nÉireannach in arm na Breataine. 

Cuirtear suntas in oidhreacht ailtireachta na cathrach, agus is féidir caisleán aircitíopach Kafka a aithint ar chúl an léirithe ar Chaisleán Bhaile Átha Cliath: ‘Ní áit í an Caisleán, ach íomhá a leanann dínn’ (144). Trí earraíocht a bhaint as teicníc inste an tsainchomhaid oifigiúil, lonnaítear scéal an Éirí Amach taobh istigh de chóras faisnéise impireachta, agus meabhraíonn tagairtí do thrinsí na Fraince comhthéacs idirnáisiúnta na míleatachta agus na híobartha fola ar tháinig glúin na réabhlóide faoina anáil.

Bhí an-tuiscint ag Eoghan Ó Tuairisc ar chastacht, ar íoróin agus ar mhianach tragóideach Éirí Amach 1916. Is é mórbhua Dé Luain mar úrscéal staire ná nach ndéantar laochra ná naoimh, gealta ná deamhain de cheannairí an Éirí Amach. Tugtar le fios ag deireadh an leabhair gur thuig Mac Piarais, agus an forógra á léamh amach aige, gur ar an tsráid a bhí lom na fírinne agus go raibh an réabhlóid le cur i gcrích go fóill in aigne agus i gcroí na ndaoine: ‘Agaibhse ar an tsráid atá lom na fírinne, labhraimidne as an uaigh….An Phoblacht a phoiblímid, ní dhéanfar í a shaolú gan an faobhar Éireannach a ghormú agus an grá a chur i gcrích’ (222).

Anois agus na céadta leabhar de gach uile chineál foilsithe faoin Éirí Amach, is deacair fós an t-úrscéal seo a shárú mar léiriú ealaíonta ar iléirim an dreama a bhí páirteach san Éirí Amach, ar chastachtaí na n-idéal a spreag iad agus ar dhúshláin na saoirse a d’fhógair siad.

Is féidir sliocht as Dé Luain le hEoghan Ó Tuairisc anseo agus an leabhar féin a cheannach anseo

Fág freagra ar 'Club Leabhar 1916: Súil ar ‘Dé Luain’ le hEoghan Ó Tuairisc'