Súil an phobail ar an gCorn Domhanda ach cluichí spéisiúla romhainn sa Pro 12 freisin

Seans maith go mbeidh tionchar ollmhór ag an líon daoine atá ag cuir suime i gcluichí an Choirn Dhomhanda ar an líon lucht freastail ag cluichí an Pro 12 go dtí deireadh na míosa

Bainisteoir Chonnacht, Pat Lam. Pictiúr: INPHO/Ken Sutton
Bainisteoir Chonnacht, Pat Lam. Pictiúr: INPHO/Ken Sutton

Tá an Pro 12 linn arís an deireadh seachtaine seo. Bhí sos coicíse acu le deis a thabhairt don Chorn Domhanda socrú síos agus lucht féachana a mhealladh, rud a déanadh gan mórán stró. Is cinnte gur chuidigh cluichí ar nós an chluiche idir an tSeapáin agus an Afraic Theas agus an Bhreatain Bheag i gcoinne Shasana go mór leis an tsuim dhomhanda atá sa gcomórtas faoi láthair.

Go deimhin, seans maith go mbeidh tionchar ollmhór ag an líon daoine atá ag cuir suime i gcluichí an Choirn Dhomhanda ar an líon lucht freastail ag cluichí an Pro 12 go dtí deireadh na míosa. Beidh sé sách deacair lucht féachana a mhealladh le breathnú ar chluichí an Pro 12 ar an teilifís, gan trácht ar an dúshlán iad a mhealladh amach chuig na cluichí. Ach feicfidh muid linn.

Sa mbaile i Luimneach a bheas na Muimhnigh an Aoine seo. Tosóidh sé luath, ag 6 i.n le slí a dhéanamh do chluiche an Choirn Dhomhanda, atá á imirt ag 8 an tráthnóna céanna. Is iad Glaschú curaidh an Pro 12 a bheas mar fhreasúra ag Cúige Mumhan, in athimirt den chraobhchluiche deiridh nuair a bhí an bua gan stró ag fir na hAlban (31 -13).

Níl na Muimhnigh gan dóchas mar sin féin; ní hamháin go bhfuil buntáiste an bhaile acu ach níl ach leath an oiread imreoirí ar iarraidh uathu le hais an scóir as Glaschú atá ar dualgas ag an gCorn Domhanda. Is fiú a lua go bhfuil na Muimhnigh sa dara háit ar an tábla sa 9ú háit atá Glaschú. Chaill Glaschú a gcéad chluiche i gcoinne Scarlets in ainneoin a bheith ag imirt sa mbaile. Tá na curaidh faoi bhrú fiú más luath féin sa séasúr nua é.

Tá buntáiste an bhaile ag na hUltaigh, foireann atá sa 6ú háit ar an tábla, iad i gcoinne Treviso atá sa 10ú háit. Tá lear mór imreoirí atá ag an gCorn Domhanda in easnamh ar an dá fhoireann seo freisin. Mar sin féin, seans gur ag na hUltaigh atá an buntáiste is mó. Ní féidir le foirne cluiche baile a chailliúint ag an tráth seo den chomórtas. Ní dóigh go ndéanfaidh na hUltaigh an dearmad sin an Aoine seo.

Ní minic a bhíonn na Laighnigh sa 8ú háit ar thábla an Pro 12 ach sin mar atá cúrsaí agus iad sa mbaile san RDS an Satharn seo i gcoinne Dragons na Breataine Bige, foireann atá áit amháin chun cinn orthu sa 7ú háit.

Mar aon le go leor foirne eile sa bPro 12, tá an t-uafás imreoirí ar iarraidh ón dá fhoireann seo, ach is iad na Laighnigh an rogha don chluiche seo. Má theipeann orthu, beidh Leo Cullen i dtrioblóid agus gan é i gceannas ach le trí chluiche anuas.

Thiar i nGaillimh beidh chuile dhuine ag súil go mbeidh fir Phat Lam ag imirt mar a rinne siad sa dara leath i nGlaschú trí seachtaine ó shin. Cé gurb theip ar na Connachtaigh an lámh in uachtar a fháil ar Ghlaschú (33 – 32), léirigh siad sprid agus teacht aniar sa dara leath go háirithe agus iad as baile, rud a spreagfadh misneach don séasúr nua seo.

Blues Caerdydd atá sa 5ú háit ar an tábla a bheas mar fhreasúra ag Cúige Chonnacht tráthnóna Dé Sathairn. Níl na Connachtaigh ach áit amháin chun cinn ar na Blues ach sílim go mbeidh siad róláidir do na cuairteoirí, go háirithe nuair nach bhfuil ach beirt imreoirí ón iarthar ag an gCorn Domhanda.

Fág freagra ar 'Súil an phobail ar an gCorn Domhanda ach cluichí spéisiúla romhainn sa Pro 12 freisin'