Súil ag Údarás na Gaeltachta go mbeidh iniúchadh ar Mhuintearas Teo déanta roimh dheireadh na bliana

Is iad na hiniúchóirí Gilroy Gannon atá fostaithe ag Bord Mhuintearas Teo le  ‘hathbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar straitéis, struchtúr agus chlár oibre’ na heagraíochta Gaeltachta

Súil ag Údarás na Gaeltachta go mbeidh iniúchadh ar Mhuintearas Teo déanta roimh dheireadh na bliana

Tá súil ag Údarás na Gaeltachta go mbeidh an t-iniúchadh atá á dhéanamh ar struchtúir agus feidhmeanna na heagraíochtaí Gaeltachta, Muintearas Teo, curtha i gcrích “roimh dheireadh na bliana seo”.

Agus deontas breise riaracháin á fhógairt aige do Mhuintearas Teo an tseachtain seo caite, thug  Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne le fios go raibh an maoiniú breise á cheadú aige ar an tuiscint go raibh tús á chur “láithreach” ag an Údarás le mion-iniúchadh ar “fheidhmeanna, maoiniú agus struchtúir” Mhuintearas. Bhain an maoiniú breise sin le Scéim na gCúntóirí Teanga a bhíonn á reáchtáil ag Muintearas, fochomhlacht de chuid an Údaráis.

Thug urlabharaí ó Údarás na Gaeltachta le fios do Tuairisc.ie gurb é Gilroy Gannon, comhlacht cuntasóirí cairte agus iniúchóirí, atá fostaithe ag Bord Mhuintearas Teo le  “hathbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar straitéis, struchtúr agus chlár oibre Mhuintearas Teo, ag tabhairt san áireamh na hathruithe atá tagtha ar réimsí áirithe dá chlár oibre le cúpla bliain anuas.”

Dúirt urlabhraí an Údaráis gur “gnáthphróiseas oibre rialachas corparáideach” é “athbhreithniú ar straitéis agus pleananna oibre comhlachtaí gach cúpla bliain”.

Fág freagra ar 'Súil ag Údarás na Gaeltachta go mbeidh iniúchadh ar Mhuintearas Teo déanta roimh dheireadh na bliana'