Súil ag údar ‘The Diary of a Wimpy Kid’ casadh le léitheoirí óga na Gaeilge i mBaile Átha Cliath

Tá trí leabhar de chuid an sraithe le Jeff Kinney curtha ar fáil do léitheoirí Gaeilge ag Futa Fata le blianta beaga anuas

Súil ag údar ‘The Diary of a Wimpy Kid’ casadh le léitheoirí óga na Gaeilge i mBaile Átha Cliath

Tá údar na sraithe leabhar The Diary of a Wimpy Kid, Jeff Kinney, le teacht go hÉirinn ag tús na míosa seo chugainn agus é ráite ag an scríbhneoir cáiliúil go bhfuil spéis ar leith aige casadh le léitheoirí óga a léigh a shaothar i nGaeilge.

Tá trí leabhar de chuid an sraithe curtha ar fáil do léitheoirí Gaeilge ag Futa Fata le blianta beaga anuas agus é ar intinn ag an bhfoilsitheoir Gaeltachta tuilleadh leabhar sa tsraith a fhoilsiú sna blianta amach romhainn.

Beidh Kinney ag teacht go siopa leabhar Eason ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath ar an 2 Nollaig, áit a mbeidh sé ag síniú leabhar do lucht leanta na sraithe. Tá an t-údar ar camchuairt dhomhanda faoi láthair le poiblíocht a dhéanamh ar an dara leabhar déag sa tsraith, The Getaway.

Chas Tadhg Mac Dhonnagáin, stiúrthóir Futa Fata, a d’fhoilsigh an chéad trí leabhar sa tsraith i nGaeilge faoin teideal Dialann Dúramáin, le Kinney agus é ag Aonach Leabhar Bologna i mí Aibreáin na bliana seo.

“Nuair a bhuail mé le Jeff, chuir sé an-suim sna leaganacha Gaeilge. Is as Éirinn a tháinig a shinsir agus tá taighde déanta ag a athair ar stair a mhuintire. Bhí an-fhonn ar Jeff teacht go hÉirinn agus casadh le gasúir atá ag léamh a chuid scéalta i nGaeilge,” a dúirt Mac Dhonnagáin le Tuairisc.ie.

Seoladh an leagan Gaeilge den tríú leabhar ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne ag an deireadh seachtaine. Tá fáil anois ag léitheoirí óga na Gaeilge ar  Dialann Dúradáin, Roderick Abú agus Barr ar an Donas. Thug urlabhraí de chuid Futa Fata le fios do Tuairisc.ie inniu go bhfuil cainteanna ar bun faoi láthair maidir leis an gcéad leabhar eile sa tsraith Dog Days a chur i nGaeilge.

Ba í Aisling Ní Fhlatharta as Tír an Fhia i gConamara a chum teideal Gaeilge an leabhair i gcomórtas a reáchtáladh le linn Sheachtain na Gaeilge 2016. Roghnaíodh an teideal a mhol Aisling mar gheall ar a ghonta is a bhí sé agus toisc go raibh “rithim agus fuaim cheolmhar” ann, a dúirt Futa Fata.

Dírithe ar ghasúir idir 8 agus 12 bliain d’aois atá an leabhar agus insítear an scéal mar chineál dialainne. Tá pictiúir ar bheagnach gach uile leathanach. Tugtar le fios gurb é Greg Heffley féin, príomhcharachtar na sraithe, atá ag tarraingt na bpictiúr.

D’fhoilsigh Jeff Kinney Diary of a Wimpy Kid ar líne ar dtús nuair nár éirigh leis foilsitheoir a aimsiú dó. Sé bliana a chaith sé ag obair ar an saothar sular chroch sé ar líne an chéad lá é, ach ó shin i leith tá 80 milliún cuairt tugtha ar an leagan ar líne agus é á léamh ag os cionn 70,000 gasúr in aghaidh an lae.

Cuireadh an leabhar i gcló sa bhliain 2007 agus bhí an-rath air ó shin. Tháinig leagan scannáin den scéal amach sa bhliain 2010, agus tá an ceathrú scannán sa tsraith sin á dhéanamh i láthair na huaire.

Fág freagra ar 'Súil ag údar ‘The Diary of a Wimpy Kid’ casadh le léitheoirí óga na Gaeilge i mBaile Átha Cliath'