Súil ag Joxer na linne seo ar an bhFrainc agus bliain mhór spóirt romhainn amach…

Agus biaiste spóirt romhainn amach, ba cheart go mbeadh tóineanna leathana acu siúd gur ghnách leo a bheith ag brath ar an teilifís agus pócaí folmha ag an dream a thaistealaíonn

UEFA-2016-European-Championship-Play-Off-2nd-Leg-Aviva-Stadium-Dublin-16112015-Republic-of-Ireland-vs-Bosnia-Herzegovina-Republic-of-Irelands-Jonathan-Walters-scores-his-second-goal-Mandatory-Credit-©INPHOCathal-Noonan

Faoin am seo arís agus an bhliain spóirt 2016 ag drannadh chun críche, ba cheart go mbeadh tóineanna leathana acu siúd gur ghnách leo a bheith ag brath ar an teilifís agus pócaí folmha ag an dream a thaistealaíonn. Mar chomh maith leis na mórchomórtais a thagann an bealach chuile bhliain, tabharfaidh an séasúr seo ag teacht Craobhacha Sacair na hEorpa agus na Cluichí Oilimpeacha leo freisin.

Níl seachtain ar bith anois ann nach gcasann buíon ógánach dom atá meáite ar aithris a dhéanamh ar laoch an amhráin a chasann Christy Moore agus a dhéanann cur síos ar éachtaí ‘Joxer’ agus é ar chamchuairt na Gearmáine nuair a d’imir Éirinn sna craobhacha sin den chéad uair i 1988.

Bhí Stuttgart ar cheann de na háiteacha inar chaith sé cúpla oíche. Tá daoine ann a bheadh eolach ar na hiarsmarlanna cáiliúla agus ar an gceolfhoireann atá ansiúd. D’inseodh daoine eile duit gurb ann a thóg Karl Benz an chéad ghluaisteán Mercedes, a bhfuil a gceannáras sa gcathair i gconaí. Ach is í an cháil a bheadh ag Joxer agus ag mórán chuile Éireannach ar an áit go mba inti a scóráil Ray Houghton an cúl a thug an bua dóibh ar Shasana ar an 12 Meitheamh 1988.

An Fhrainc a thaistealós ‘Joxers 2016’, iad i mbun staidéir faoi láthair ar na fógraí beaga i DoneDeal agus i BuyAndSell ag súil sean-Transit nó veain champála a fháil ar €500. Ar Pháras, Bordeaux agus Lyons a bheas triall na Joxers agus aghaidh á tabhairt ag a bhfoireann ar fhoirne na Sualainne, na Beilge agus na hIodáile sná réamhbhabhtaí. Grúpa a mbeidh sé deacair teacht slán as, ach gan amhras bainfear an oiread céanna sásaimh as a dturas agus a bhain laoch Christy Moore.

Mairfidh Euro 2016 ón 10 Meitheamh go dtí an 10 Iúil agus beidh cead ansin na cuirtíní a oscailt agus beagán de sholas an lae a scaoileadh isteach sa seomra suite (nó sos a ghlacadh ó theach an óil) go dtiocfaidh an 5 Lúnasa, nuair a thosós na Cluichí Oilimpeacha i Rio de Janeiro.

Beidh deis go ceann cúpla mí eile ag lúthchleasaithe cáilíocht a bhaint amach do na comórtais ansiúd – mar a dhéanfaidh Katie Taylor agus í sa Tuirc i mí Aibreán. Ach cheana féin tá a bpaisinéireacht in áirithe ag seachtar agus fiche Éireannach agus ag cúig fhoireann. Is fiú iad siúd a lua.

Mark English (800m); Thomas Barr (Cliathrás 400m); Kevin Seaward, Sergiu Ciobanu, Mick Clohissey, Paul Pollock, (Maratón)*; Alex Wright (Siúl 20km); Brendan Boyce, Rob Heffernan (Siúl 50km); Kerry O’ Flaherty, Sara Treacy, Michelle Finn (léimrás 3000m); Breege Connolly, Lizzie Lee, Fionnuala Britton (Maratón na mBan); Tori Penna (léim chuaille); na dornálaithe Paddy Barnes, Steven Donnelly, Michael Conlon agus Joe Ward; Arthur Lanigan-O’ Keefe (nua phentatlan); na seoltóirí James Espey, Matt McGovern, Ryan Seaton agus Annalise Murphy; agus an snámhaí Fiona Doyle. Chomh maith leo sin ar fad, tá foirne de chuid na hÉireann cáilithe sa hacaí (fir); galf, céaslaí dúbailte (fir agus mná) agus seómharcaíocht. Beidh deis ag na foirne rugbaí seachtar an taobh sin a dhéanamh i mí an Mheithimh.

De réir mar a bheas iompú á dhéanamh ar leathanaigh an fhéilire, beidh dlús ag teacht faoin iomaíocht agus níl idir muid féin agus an Superbowl agus tús Chraoibhe na Sé Náisiún ach cúpla seachtain.

Beidh Féile Rásaíochta Cheltenham agus Cluichí Ceannais na gClubanna Sinsireacha sa mullach orainn faoi Fhéile Pádraig, agus an Augusta Masters agus an Grand National i dtús an Aibreáin. Beidh Cluiche Ceannais Choirn Rugbaí na Seaimpíní i lár mhí Bealtaine againn ach, de réir cosúlachta, is fada roimhe sin a chaillfidh foirne na hÉireann suim ann.

Tabharfaidh an mhí sin tús Chraobhchomórtais Chumann Lúthchleas Gael léi freisin agus sula mbeidh de thriail agat d’anáil a tharraing, beifear ag caint ar an ‘gCúldoras’, ar Chluichí Ceannais na gCúigí, ar Chorn Mhic Cárthaigh agus ar Chorn Mhig Uidhir.

Beidh Comórtas Choirn Ryder ar siúl freisin ar ndóigh i 2016 – i Chaska Minnesota, bruachbhaile de chuid Minneapolis. Ba ansiúd a bhuaigh Tony Jacklin Craobh Oscailte Gailf na Stát Aontaithe i 1970. Ní raibh sin déanta ag aon Eorpach le 84 bliain agus ní dhearna aon nduine acu arís é go dtáinig Graeme McDowell go Pebble Beach i 2010.

I Hazeltine freisin a bhuaigh Rich Beem Comórtas an PGA i 2002. Tá oiread aithne ar Beem as an leabhar Bud, Sweat and Tees agus atá air mar gheall ar a chuid gailf. Cuntas atá ann ar an saol drabhlásach a chaith Beem agus a ghiolla, Steve Duplantis, tar éis dó an chraobh sin a bhuachan. Bhí maidin amháin ann ag comórtas eile nuair a bhain an giolla ceann cúrsa amach i tacsaí nóiméid roimh thús na himeartha agus gan folach ar a chraiceann ach tuáille ó óstán ina raibh oíche ragairneach caite aige le spéirbhean a chas dó.

Is ar éigean a bhainfeas Joxer Chaska, Minnesota amach, ach is mór í mo bharúil go mbainfeadh sé féin, Rich Beem agus Steve Duplantis an-cheart dá chéile.

Fág freagra ar 'Súil ag Joxer na linne seo ar an bhFrainc agus bliain mhór spóirt romhainn amach…'