Súil ag Gaelchultúr Matthew McConaughey a chlárú do chúrsa Gaeilge ar líne

Tá an comhlacht oideachais ag iarraidh teagmháil a dhéanamh leis an aisteoir Matthew McConaughey, a deir go mba mhaith leis cúrsa Gaeilge a dhéanamh agus a leanaí a chur ag foghlaim na teanga sa Ghaeltacht amach anseo

Súil ag Gaelchultúr Matthew McConaughey a chlárú do chúrsa Gaeilge ar líne

Deir Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir, go bhfuil an comhlacht ag iarraidh teagmháil a dhéanamh leis an aisteoir Matthew McConaughey, trína ghníomhaire, de bhrí gur mian leo é a chlárú do chúrsa ar líne dá gcuid – Gaeilge gan Stró! – Beginners Level.

In agallamh a foilsíodh ar an Irish Sun inné, dúirt an t-aisteoir mór le rá, arb as an gCabhán agus Muineachán do mhuintir a mháthar, go raibh sé an-mhórtasach as a dhúchas Éireannach agus go mba mhaith leis go mbeadh tuiscint ag a chlann féin ar an dúchas sin.

“When they’re older, I want to send them to that Irish language summer camp you guys do, it’s like a rite of passage for you guys, isn’t it? When you’re teenagers. I want them fluent — which means I gotta do a crash course too,” a dúirt McConaughey.

Scaipeadh an scéal faoi shuim an aisteora sa Ghaeilge ar fud an bhaill inné, agus tá súil ag Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir McConaughey a chlárú le cúrsa ar líne agus cóip de leabhar d’fhoghlaimeoirí a bhronnadh air.

“Tá an cúrsa áirithe sin dírithe ar dhaoine fásta agus tá páistí McConaughey ró-óg go fóill le húsáid a bhaint as ábhar dá leithéid. Táimid ag súil, áfach, go spreagfaidh an cúrsa seo ar líne níos mó spéise sa Ghaeilge in McConaughey féin agus go mbeidh sé toilteanach roinnt den teanga a fhoghlaim agus a mhúineadh dá chlann.

“Tá ábhar an chúrsa ar líne le fáil i bhfoirm leabhair fosta agus táimid ag brath cóip den fhoilseachán sin a chur ar aghaidh chuig an aisteoir má éiríonn linn teacht ar na sonraí cuí.”

Deir Ó Dónaill gur mhór an spreagadh don teanga a bheadh ann dá gcromfadh McConaughey ar an nGaeilge a fhoghlaim.

“Ba mhór an spreagadh a thabharfadh sé do lucht na Gaeilge dá dtosódh aisteoir a bhfuil oiread measa air ar fhoghlaim na teanga. Is cinnte go dtarraingeodh a leithéid cuid mhór airde ar an teanga agus go ngríosódh sé neart daoine in Éirinn agus sna Stáit Aontaithe le hí a fhoghlaim,” a deir Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir.

Idir an dá linn, tá cuireadh go dtí an Ghaeltacht tugtha cheana féin ag coláistí samhraidh do chlann McConaughey.

Dúirt urlabhraí ó Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne go raibh “míle fáilte” roimh McConaughey féin clárú le ceann de chúrsaí an Chomharchumainn do dhaoine fásta, agus go gcuirfí an fháilte chéanna amach anseo roimh a leanaí – Levi (8), Vida (6) and Livingston (4) – má bhíonn fonn orthu freastal ar chúrsa samhraidh i gCiarraí.

“Tá míle fáilte roimh mhuintir McConaughey teacht anseo chugainn chun blaiseadh a fháil den dteanga bheo agus dá hoidhreacht shaibhir i nGaeltacht álainn Chorca Dhuibhne.

“Bíonn cúrsaí againn i gcaitheamh na bliana chomh maith a d’oirfeadh do Mhatthew féin agus is minic go mbíonn eachtrannaigh ag foghlaim linn,” a dúirt urlabhraí ó Chomharchumann Chorca Dhuibhne.

Chuirfí fáilte mhór roimh mhuintir McConaughey i gConamara chomh maith más faoin aisteoir, a bhfuil duais Oscar buaite aige, beart a dhéanamh de réir a bhriathair agus a chlann a chur ag foghlaim na teanga sa Ghaeltacht.

Dúirt urlabhraí ó Choláiste Chiaráin ar an gCeathrú Rua go bhfuil an t-aisteoir le moladh as an meas atá léirithe aige ar dhúchas a mhuintire agus go gcuirfeadh an coláiste Gaeilge i gConmara fáilte roimh mhuintir McConaughey.

“Is léir an meas atá aige ar a ghaol sinsearachta le cultúr agus teanga na hÉireann agus cuirfear fáilte chroíúil roimhe go Conamara má tá sé ag iarraidh go mbeadh meas agus tuiscint ag a chlann ar an teanga,” a dúirt urlabhraí ó Choláiste Chiaráin.

Is as an mBrasáil do bhean McConaughey agus dar leis go bhfuil an t-ádh lena gclann ó thaobh an dúchais de.

“Irish-Brazilian, how great is that? Connected to two of the most vibrant, colourful, exciting cultures on the planet.

“Both very different, yet with so many similarities. It’s beautiful. It’s a gift.”

Thug an t-aisteoir as Texas samhradh ina chónaí i mBaile Átha Cliath in 2001 agus é ag obair ar an scannán Reign of Fire, agus chuaigh an tréimhse sin i bhfeidhm go mór air.

Bhraith sé gur ‘ag teacht abhaile’ a bhí sé fad is a bhí sé in Éirinn, a dúirt sé.

 

Fág freagra ar 'Súil ag Gaelchultúr Matthew McConaughey a chlárú do chúrsa Gaeilge ar líne'