Súil ag Ciarán Ó Fátharta as Conamara ar Chluichí Oilimpeacha Thóiceo 2020

28 bliain d’aois atá Ciarán Ó Fátharta, arb as an gCnocán Glas ó dhúchas dó, agus níor thug sé faoin reathaíocht go dtí cúpla bliain ó shin

Súil ag Ciarán Ó Fátharta as Conamara ar Chluichí Oilimpeacha Thóiceo 2020

Coicís ó shin agus é sa mbaile ar saoire, bhí sé ag greadadh timpeall na mbóithríní thart ar a cheantar dúchais sa Spidéal. Seachtain dár gcionn agus é ar ais i mbun a chuid oibre sa Nua-Shéalainn, bhuaigh sé maratón Christchurch agus an té ba ghaire dó ceathrú uaire chun deireadh air.

Anois le cúnamh Dé sula sroichfidh sé ceann scríbe, tá súil ag Ciarán Ó Fátharta go mbeidh veist ghlas na hÉireann á caitheamh aige agus é ag baint deannaigh as na sráideanna ag Cluichí Oilimpeacha Tóiceo 2020.

28 bliain d’aois atá Ciarán arb as an gCnocán Glas ó dhúchas dó agus nár thug faoin reathaíocht go dtí cúpla bliain ó shin nuair a bhí roinnt dá chuid cairde ina bun mar chaitheamh aimsire. In 2013 rith sé Maratón Chonamara nuair a chaith sé beagán le cois trí huaire an chloig ar na bóithre timpeall an Líonáin agus Loch Eidhneach.

Scéal le n-aithris an gaisce atá déanta ó shin aige, ní hamháin ó thaobh lúthchleasaíochta de ach ó thaobh a cheirde mar chef de freisin.

Mar a tharla do na scórtha mílte dá chomhaoisigh le blianta beaga ní raibh ag Ciarán ach a dhul ar imirce agus ba ar an Astráil a thug sé aghaidh i dtús báire.

Faoi dhó ansiúd agus é ag obair in Sydney bhuaigh sé an gradam is airde atá le fáil ag a leathbhádóirí ansiúd – an NSW Gold Table Award.

Dhá bhliain ó shin d’aistrigh sé go Auckland, áit a bhfuair sé post an phríomhchef sa TriBeCa Restaurant, ceann de na cinn is cáiliúla sa gcathair sin agus a bhfuil cáil air mar gheall ar a bhiachlár 11 cúrsa.

Ina measc siúd ar bhain fear an Spidéil an t-ocras dóibh bhí Príomh-Aire na tíre ag an am, John Key.

Thug an Fáthartach cuairt ar an mbaile sular athraigh sé tír agus chuir ionadh ar chuid de na reathaithe ab fhearr in iarthar na hÉireann nuair a bhuaigh sé maratón i bPort Omna agus é 25 nóiméad níos scioptha ná mar a bhí sé i gConamara.

Ach is ó lonnaigh sé sa Nua-Shéalainn a léirigh Ciarán an cumas a fhágann an seans ann go bhfeicfidh muid i dTóiceo é agus a fhágann go bhfuil sé ag tabhairt faoin sprioc sin i ndáiríre anois.

Mar is dual do chef, ba mhinic seachtain oibre 60 uair air sa TriBeca agus dá bharr d’athraigh an Fáthartach chuig bialann eile, áit nach raibh an t-ualach oibre chomh trom sin, ar mhaithe le tuilleadh ama a bheith aige don traenáil.

Is beag seachtain nach ritheann sé 200km, ag brath ar ndóigh ar chomh gar agus a bheadh sé do dháta an rása agus pé brí faoi bheith ag cur boilg ar a chuid custaiméirí, is beatha thar a bheith sláintiúil amháin a itheann sé féin, neart gráin, glasraí, an t-uafás sicín (suas le 9 n-uaire sa tseachtain) agus ‘smoothies’.

Tá sé dádh air go bhfuil sé ina mhianach a bheith tanaí, caite – 5’9” (150cm) ar airde agus 9½ cloch (61k) atá sé.

Sa dá bhliain atá caite ag Ciarán Ó Fátharta sa NuaShéalainn tá sé mharatón buaite aige ansiúd, chríochnaigh sé sa dara háit i bpéire, sa tríú  háit, sa cheathrú agus sa chúigiú háit i gcinn eile.

Ach ba i Márta na bliana seo caite in Taranaki, 150 míle ó dheas ó Auckland, a rinne sé an t-éacht ba mhó a facthas uaidh go dtí seo.

1,300 troigh os cionn leibhéal na farraige, ag geataí Egmont National Park, ar thaobh an bholcáin shuanaigh as a dtagann ainm an cheantair a thosaíonn an rása agus tá sé ar cheann de na háiteacha is deise sa tír.

Bliain roimhe sin chríochnaigh Ciarán sa tríú háit sa rása céanna, ach an babhta seo rinne sé slad ar a chéilí comhraic nuair a chríochnaigh sé an cúrsa in imeacht dhá uair 21 nóiméad agus 58 soicind – leathuair níos scioptha ná an té ba ghaire dó agus i bhfoisceacht trí nóiméad den am a bhain cáilíocht amach do reathaithe an mharatóin i gCluichí Oilimpeacha Rio an bhliain seo caite.

D’fhág an doineann nach raibh sé baileach chomh scioptha céanna (2.24.08) nuair a thaispeáin sé na sála do os cionn 4,000 iomaitheoir eile in Christchurch Dé Domhnaigh seo caite, ach is beag a bhaineann sé mhian an cháilíocht chun na Seapáine a bhaint amach.

Go bhfaighe sé an deis sin.

FOCAL SCOIR: Díbhse ar mó suim libh an chócaireacht a bhíonn ar siúl ag Ciarán Ó Fátharta ná a chuid reathaíochta, seo sampla mbíodh ar na plátaí sa TriBeCa :

1ú Cúrsa: Quinoa, halloumi, pickled shiitake, spiced almonds, black sesame, tahini.

2ú Cúrsa : Scallops, peas, lemon, charred broccolini, olive crumb, pork wafer.

3ú Cúrsa: Fish, bitter greens, onion soubise, wasabi, gazpacho, crispy kale.

4ú Cúrsa : Kaffir lime flan, whipped goat’s cheese, orange gel, pumpkin seed crumble.

5ú Cúrsa: Duck, black garlic, beetroot, baby fennel, red wine & thyme jus, thyme shards.

6ú Cúrsa : Roasted Lamb Rump, trio of Jerusalem artichokes, puy lentils, pickled carrot & sweet harrisa labneh (GF).

7ú Cúrsa: Beef, celeriac, pickled onion, shallot crisps, truffle jus.

8ú Cúrsa: Cheese, lavosh, relish, honeycomb.

9ú Cúrsa: Raspberry Chiboust, vanilla mascarpone, milk biscuit, burnt meringue, raspberry ice cream.

10ú Cúrsa : Dark chocolate pave, brandy snaps, cocoa crumb, Kahlua ice cream, espresso foam.

11ú Cúrsa: House made Truffles

Fág freagra ar 'Súil ag Ciarán Ó Fátharta as Conamara ar Chluichí Oilimpeacha Thóiceo 2020'