Súil ag baile beag sa Nua-Shéalainn a bheith ar an gcéad ‘bhaile dátheangach’ sa tír

Tá súil ag muintir Otaki i dtuaisceart na Nua-Shéalainne ‘stádas dátheangach’ a bhaint amach don Bhéarla agus teanga dhúchais na tíre, an Mhaorais

Súil ag baile beag sa Nua-Shéalainn a bheith ar an gcéad ‘bhaile dátheangach’ sa tír

Tá Otaki, baile beag in Oileán Thuaidh na Nua-Shéalainne, ag iarraidh stádas oifigiúil dátheangach a bhaint amach agus teanga dhúchais na tíre, an Mhaorais, á cur chun cinn ann.

Tá stádas oifigiúil ag an Maorais agus ag an mBéarla sa Nua-Shéalainn cheana féin ach tá stádas faoi leith á lorg in Otaki, a bhfuil tuairim is 6,000 duine ina gcónaí ann.

Tá iarrachtaí ar bun comharthaíocht dhátheangach a chrochadh sa bhaile agus tá iarrtha ar ghnólachtaí ann seirbhísí dátheangacha a sholáthar — go mór mór ar bhillí agus ar admhálacha. Tá tacaíocht tugtha ag K Gurunathan, Méara Cheantar Cósta Kapiti, an ceantar ina bhfuil Otaki suite, don rún agus súil aige go meallfaidh an stádas níos mó daoine chuig an mbaile agus chuig Ceantar Cósta Kapiti trí chéile.

Bhásaigh an cainteoir dúchais deiridh in Otaki tuairim is dhá scór bliain ó shin agus i dtaighde a rinne an tOllamh Whatarangi Winiata ó Ollscoil Victoria, fuarthas amach nach raibh aon chainteoir cumasach Maoraise faoi bhun 30 bliain d’aois sa bhaile. Is cainteoirí Maoraise iad os cionn leath na ndaoine atá ina gcónaí in Otaki anois — idir an pobal Maorach agus daoine nach den chine dúchais sin iad.

Is iad an Páirtí Maorach agus Te Puni Kokiri, eagraíocht a chuireann comhairle ar Rialtas na Nua-Shéalainne maidir le cúrsaí na Maorach, a chuir an rún chun cinn go ndéanfaí ‘baile dátheangach’ d’Otaki. Tá Comhairle Cheantar Cósta Kapiti ag fiosrú na bhféidearthachtaí maidir leis an stádas dátheangach a bhaint amach i láthair na huaire.

Tá dhá scoil lán-Mhaoraise in Otaki anois agus tá dhá shruth Maoraise i scoileanna eile sa bhaile freisin. Tá institiúid tríú leibhéal a chuireann cúrsaí ar fáil sa teanga lonnaithe sa bhaile. Dúirt Stiúrthóir Oideachais na hinstitiúide sin, Hohaia Collier go raibh an teanga anois “fréamhaithe” in oideachas na ndaltaí agus go bhfuil sí á labhairt go forleathan ag siopadóirí agus ar shráideanna an bhaile.

“Tá siad compordach á cloisteáil anois agus tá siad compordach á húsáid le freagraí a thabhairt. Chonaic muid go raibh ról againn i mbonn a chur faoin teanga arís anseo agus ardú meanman é go bhfuil an pobal toilteanach an teanga a labhairt,” a dúirt Collier.

Dúirt Shane Saville, búistéir atá lonnaithe sa bhaile, gur mhaith leis go ndéanfaí tuilleadh taighde faoi sula dtabharfaí aon pholasaí dátheangachais isteach in Otaki. Thriail Saville comharthaíocht dhátheangach a chur suas, as a stuaim féin, cúpla bliain ó shin ach bhain sé anuas arís í nuair a rinneadh gearáin leis.

“Bhí comharthaí i Maorais agam agus labhraíodh an fhoireann Maorais le custaiméirí a raibh seirbhís i Maorais uathu ach rinneadh gearáin faoi sin. Tá gach cultúr difriúil agus tá a nósanna féin ag gach treibh. Tháinig roinnt daoine isteach ó Aukland agus bhí siad maslaithe ag an litriú a bhí againn ar na comharthaí.

“Bhí [an chomharthaíocht] go maith d’Otaki ach níor mhaith liom droch-cháil a tharraingt ar mo ghnó-sa. Ba cheart tuilleadh taighde a dhéanamh faoi,” a dúirt sé.

Fógraíodh Gaillimh ina bhaile dátheangach anuraidh, an chéad bhaile in Éirinn a bhfuil an stádas sin aige. Tá an Chomhairle Cathrach ag obair i gcomhar leis an eagraíocht Gaillimh le Gaeilge agus eagraíochtaí eile teanga sa chathair le feidhm a thabhairt don stádas sin.

Fág freagra ar 'Súil ag baile beag sa Nua-Shéalainn a bheith ar an gcéad ‘bhaile dátheangach’ sa tír'