Súil ag Ardeaspag le níos mó Aifreann i nGaeilge ar fud na hÉireann

Deir Ardeaspag Ard Mhacha Eamon Martin gur cheart níos mó aifreann i nGaeilge a bheith ann ar fud na hÉireann

Súil ag Ardeaspag le níos mó Aifreann i nGaeilge ar fud na hÉireann

Alan Mac Eochagáin, Easpag nua dheoise Ráth Bhoth

Tá ráite ag Ardeaspag Ard Mhacha Eamon Martin gur cheart níos mó aifreann i nGaeilge a bheith ann ar fud na hÉireann.

Bhí an tArdeaspag Martin ag caint inné i Leitir Ceannain ag oirniú Alan Mhic Eochagáin mar easpag ar dheoise Ráth Bhoth. Dúirt an tArdeaspag gur chun leas na teanga san Eaglais a bheadh an tEaspag nua.

“Agus sinn ag súil le seoladh an aistriúcháin Ghaeilge ar an leabhar Aifrinn níos déanaí i mbliana – togra a raibh dlúthbhaint ag an Easpag Ó Buidhe [réamtheachtaí Uí Eochagáin] leis – beidh an tuiscint agus an meas atá agat ar an Gaeilge fíorluachmhar. B’údar mór sásaimh domsa dá n-éireodh lena thuilleadh paróistí, agus ní hamháin paróistí atá sa Ghaeltacht, a thuilleadh aifreann Domhnaigh inár dteanga dhúchais a thabhairt isteach ar bhonn rialta,” a dúirt Ardeaspag Ard Mhacha.

Gaeilgeoir líofa é Alan Mac Eochagáin, ar oirníodh mar easpag ar dheoise Ráth Bhoth inné é. Iareagarthóir é ar an iris An Timire agus fear a bhfuil aithne mhór air i nGaeltacht Dhún na nGall.

Bhí an tEaspag nua ina shéiplíneach i roinnt gaelscoileanna i ndeoise an Dúin agus Chonaire agus thug sé seal ina shéiplíneach in Ollscoil Uladh chomh maith.

Tá céim sa Ghaeilge agus MA san aistriúchán Gaeilge i measc na gcáilíochtaí acadúla éagsúla atá aige.

Tá cuid mhór ama caite ag an Easpag nua i nGaeltacht Dhún na nGall agus i Rann na Feirste go háirithe.

Rugadh é i Muileann na Cloiche i gContae Aontroma i 1953 agus ba é an duine ab óige sa chlann ag Brian agus Pauline McGuckian, nach maireann, a raibh seisear clainne ar fad orthu.

Chuaigh leis na hÍosánaigh i 1972.

Chaith sé tréimhsí sna hOileáin Fhilipíneacha agus san India.

Tagann an tEaspag Mac Eochagáin i gcomharbacht ar Philip Ó Buidhe (Boyce) atá ina easpag ar an deoise le 22 bliain. Tá ceantair Ghaeltachta i nDún na nGall i nDeoise Ráth Bhoth.

Is de bhunadh na Gaeltachta, as na Dúnaibh, an Dr Ó Buidhe, atá 77 bliain d’aois.

Fág freagra ar 'Súil ag Ardeaspag le níos mó Aifreann i nGaeilge ar fud na hÉireann'