Súil ag an OPW Sceilg Mhíchíl a oscailt arís an 14 Bealtaine

Tá Oifig na nOibreacha Poiblí sásta nach bhfuil aon chontúirt ann go dtitfeadh ‘mórábhar’ anuas ar bhóithríní an oileáin

Súil ag an OPW Sceilg Mhíchíl a oscailt arís an 14 Bealtaine

Tá “dul chun cinn maith” déanta ag Oifig na nOibreacha Poiblí ar Sceilg Mhíchíl i nGaeltacht Chiarraí maidir leis an damáiste a rinneadh ar an oileán cáiliúil de bharr na maidhme carraige ann níos luaithe an mhí seo.

Cuireadh foireann speisialaithe isteach chuig an oileán an tseachtain seo caite le suirbhéireacht a dhéanamh ar na fánaí agus carraigeacha a bhí i gceist agus cuireadh caoi ar na láithreacha a measadh a bheith contúirteach.

Dúirt an OPW nach bhfuil aon “mhórábhar” ann anois a bheadh ina bhagairt ar Bhóthar an Tí Solais san oileán ach go bhféadfadh go dtitfeadh mionábhar atá “an-tirim” mar gheall ar éin a bheith ag corraí ar na n-aillte. Tá an fhoireann speisialaithe anois imithe den oileán agus a gcuid oibre curtha i gcrích acu.

Tá súil ag an OPW anois go mbeifear in ann Sceilg Mhíchíl a oscailt don phobal an mhí seo chugainn. Tá stádas ag an Sceilg mar Láthair Oidhreachta Domhanda de chuid UNESCO agus cáil mhór uirthi faoi láthair mar gheall ar na scannáin Star Wars a taifeadadh ansin.

Dá dtarlódh sé, áfach, go mbeadh tréimhse fhada báistí ann idir seo agus an dáta oscailte, 14 Bealtaine, d’fhéadfadh go mbeadh “drochthionchar” aige sin ar láithreacha áirithe ar an oileán agus ar chúrsaí sábháilteachta ansin. Dúirt an OPW go mbeidh oibrithe na heagraíochta “ag faire go géar” ar an scéal agus dá mba ghá an dáta oscailte a athrú, go n-eiseofaí gach eolas in am trátha.

“Meabhraíonn an OPW dóibh siúd atá ag cuimhneamh ar chuairt a thabhairt ar an oileán go bhfuil an tOileán fós fíordhainséarach agus nach ceart, i gcás ar bith, d’éinne ach foireann an OPW agus a gconraitheoirí dul isteach ann.

“Nuair is féidir rochtain ag cuairteoirí a oscailt arís, caithfear é sin a bhainistiú go cruinn. Meastar gur féidir é seo a dhéanamh go sábháilte ar bhonn riartha. Mar atá deimhnithe cheana, tá an Mhainistir féin slán gan díobháil agus, seachas bruscar an gheimhridh a ghlanadh, meastar go mbeidh fáil ag cuairteoirí air mar is gnách,” a dúradh i ráiteas a eisíodh tráthnóna.

Rinneadh damáiste don chosán ar Sceilg Mhíchíl nuair a thit carraigeacha anuas i ndiaidh “maidhm charraige shuntasach” san oileán níos túisce i mbliana. Tháinig oibrithe de chuid an OPW ar “carraigeacha, sceallaí agus bruscar eile” ar Bhóthar an Tí Solais an tseachtain seo caite agus iad i mbun oibre cothabhála agus sábháilteachta roimh shéasúr na turasóireachta an mhí seo chugainn.

Thit an smionagar ón maidhm is deireanaí seo cóngarach do na botháin a úsáideann foireann chaomhnaithe an OPW le linn an tsamhraidh. Deir an OPW, nach ndearnadh aon damáiste do na botháin, ach gur thit an smionagar cóngarach go leor dóibh le bheith ina “ábhar imní suntasach”.

Rinneadh go leor dochair anuraidh nuair a sciorr carraigeacha a bhí os cionn Bhóthar an Tí Solais – an príomhbhealach a bhíonn ag cuairteoirí suas chuig an mhainistir cháiliúil. Thit na carraigeacha san fharraige ach bhuail siad an cosán ar a mbealach anuas agus scriosadh an bealach suas chuig an suíomh ársa.

Idir an dá linn, tá 13 ceadúnas bronnta ag an OPW ar bhádóirí chun cuairteoirí a thabhairt isteach chuig an oileán an samhradh seo. Cuireadh 22 iarratas isteach i mbliana agus dúirt an OPW go bhfuil siad sásta go mbeidh na bádóirí a roghnaíodh leis an tseirbhís a chur ar fáil “ábalta seirbhís den scoth a sholáthar do chuairteoirí” nuair a chuirfear tús arís le séasúr na turasóireachta ar an oileán.