Súil ag an nGaeltacht ar Roinn 1 tar éis tamall i measc na n-íochtarán

Tá An Ghaeltacht gafa céim níos cóngaraí do Roinn 1 na sraithe i gCiarraí agus gan ach cluiche amháin le himirt

Súil ag an nGaeltacht ar Roinn 1 tar éis tamall i measc na n-íochtarán

An Ghaeltacht 4-8 Lios Tuathail 1-8

D’fhéadfadh an Ghaeltacht bheith ag filleadh ar Roinn 1 na sraithe i gCiarraí tar éis tamall de bhlianta ar fán sna ranna íochtaracha.

Bhuaigh an Ghaeltacht Roinn 1 na sraithe don gcéad uair riamh sa bhliain 2007 ach thiteadar chomh fada le Roinn 3 le himeacht aimsire. Tá roinnt de na himreoirí a dhein gaisce le Pobalscoil Chorca Dhuibhne idir 2012- 2015 ag teacht in inmhe anois agus cé go raibh dúshlán an-mhór rompu i gcaitheamh an fheachtais le gortuithe, imreoirí ar imirce, imreoirí le foirne Chiarraí agus scrúduithe, tá éirithe leo an dara háit a bhaint amach i dtábla Roinn 2 agus gan ach aon bhabhta amháin fágtha.

Trí cinn d’fhoirne a thagann aníos as Roinn 2 go Roinn 1 gach bliain agus má éiríonn leis an nGaeltacht ina gcluiche deireanach sraithe i gcoinne Spá Chill Airne beidh siad ag filleadh ar Roinn 1 don mbliain 2017. Má éiríonn leis an Spá buachtaint ar an nGaeltacht, áfach, is iad siúd a bheidh ag dul chun cinn. Imreofar an cluiche idir an Ghaeltacht agus Spá i nGallaras nuair a bheidh deireadh imeartha ag foireann sinsir Chiarraí i gcraobh Uile Éireann na bliana 2016.  

Bhuaigh an Ghaeltacht ar Chumann Emmet, Lios Tuathail i nGallaras tráthnóna a bhuíochas do thaispeántas maith dara leath inar éirigh leo trí bháide agus ceithre phointe a aimsiú i gcomparáid leis an dá phointe fhánacha a fuair buachaillí Lios Tuathail.

Cé gur fhág an ghaoth rian láidir ar an imirt, ní raibh sí ina cóir ná ina cúnamh ag ceachtar den dá fhoireann toisc í bheith ag séideadh trasna na páirce ó thaobh na farraige.

Bhí Lios Tuathail chun cinn ag leath-am 1-6 le 1-4 agus an bhearna dhá phointe sin saothraithe go maith acu. Ba iad ab fhearr a thosnaigh le báide sa chéad nóimeat óna bhfear lár páirce, Tom McCarthy. D’éalaigh McCarthy laistiar de chúlaithe na Gaeltachta, ghreamaigh pas tomhaiste Noel Kennelly agus shuncáil an líontán.

Thug Óigí Ó Sé na Gaeltachta freagra pras ar an scór sin sa 7ú nóimeat le báide dá chuid féin tar éis ardobair ó Éanna Ó Conchúir.

Fuair an Ghaeltacht trí cinn de phointí le cur leis sin, ó Ghearóid Mac an tSaoir, Óigí Ó Sé agus Éanna Ó Conchúir chun an scór a fhágaint 1-3 le 1-0 tar éis 20 nóimeataí.

Bhí paiste máistreachta ansan ag Lios Tuathail inar aimsíodar sé phointe, cúig cinn as a chéile, dhá cheann ó Bhrian Murphy, dhá chic saor ó Sam Tarrant agus pointe an duine ó Maurice Whelan agus Cormac Mulvihill.

Ní raibh de fhreagra ag an nGaeltacht ach iarracht iontach ó Chiarán Ó Céilleachair sa 27ú nóimeat a chuaigh thairis an trasnán de dhroim an pholla.

Luigh an Ghaeltacht amach orthu féin ag tús an dara leath agus bhí báide aimsithe ag PJ Mac Láimh laistigh de dhá nóimeat.

Bhí bainisteoir Lios Tuathail, Noel Kennelly tar éis an pháirc a fhágaint faoin dtráth seo agus bhraith a fhoireann uathu go mór é mar sa tréimhse seo ba é Caoimhghín Ó Beaglaoich an t-imreoir ba mhó a d’fhág rian ar an gcluiche le dhá ruathar bhreátha ós na cúil, é ag cruthú pointe do Shéamus Ó Muircheartaigh san 8ú nóimeat agus ag aimsiú an-scór go deo do féin san 13ú nóimeat.

Nocht an réiteoir, Brendan Twiss, cárta dubh d’Eoin Mac Gearailt go gairid ina dhiaidh sin, agus fuair Tarrant pointe ón gcic saor a lean. Faoin am ar tháinig Micheál Breathnach chun páirce, áfach, ba léir go raibh an taoide casta i dtreo na Gaeltachta.

Fuair Breathnach báide neafaiseach san 17ú nóimeat, lean Gearóid Mac an tSaoir le ceann eile tar éis ruathar iontach nóimeat ina dhiaidh agus bhí port Lios Tuathail seinnte – 4-6 le 1-7 anois agus dhá nóimeat déag le himirt.

D’aimsigh Óigí Ó Sé agus Éanna Ó Conchúir ciceanna saora san 21ú agus an 26ú nóimeat agus ní raibh ach aon phointe amháin eile ón imirt i ndán d’fhir Íochtar Chiarraí.

4-8 le 1-8 an scór deiridh, an meath curtha ina stad agus an Ghaeltacht gafa céim níos cóngaraí do Roinn 1, gan ach cluiche amháin le himirt. Tar éis dóibh dhá chluiche a chailliúint sa tsraith le coicíos anuas, táid anois ar 14 pointe sraithe agus iad sa dara háit.

  

Fág freagra ar 'Súil ag an nGaeltacht ar Roinn 1 tar éis tamall i measc na n-íochtarán'