Suas le 185 cluiche CLG le craoladh i nGaeilge ag TG4 agus Raidió na Gaeltachta in aghaidh na bliana

Deir Uachtarán CLG go bhfuil ‘an Ghaeilge lárnach d’fhealsúnacht Chumann Lúthchleas Gael’ agus sciar maith de na cearta teilifíse agus raidió faighte ag na stáisiúin Ghaeilge

Suas le 185 cluiche CLG le craoladh i nGaeilge ag TG4 agus Raidió na Gaeltachta in aghaidh na bliana

Agus cearta craolta teilifíse agus raidió fógartha ag Cumann Lúthchleas Gael tráthnóna, craolfar suas le 185 cluiche ar stáisiúin Ghaeilge agus sciar suntasach de na cearta sin faighte ag TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Ag labhairt dó ar Nuacht a hAon ar Raidió na Gaeltachta níos luaithe inniu, dúirt Uachtarán CLG, Aogán Ó Fearghail, go raibh sé thar a bheith sásta go mbeadh raidhse cluichí á gcraoladh i nGaeilge, go háirithe agus an tábhacht atá leis an teanga don Chumann.

“Tá an Ghaeilge lárnach d’fhealsúnacht Chumann Lúthchleas Gael agus tá mise an-sásta ar fad faoin Ghaeilge sa chóras úr seo….Tá cead ag RnaG aon chluiche ar mian leo a chraoladh agus ní minic a tharlaíonn sé sin. 

“Beidh siad in ann níos mó ná 100 cluiche a chraoladh beo ó aon pháirc sa tír, sna comórtais go léir, mar sin tá ‘open rights’ acu agus is maith an rud é sin.  Is é an fáth go bhfuil sé sin ag tarlú ná go bhfuil muid lán lán taobh thiar de Raidió na Gaeltachta, lán taobh thiar den Ghaeilge agus tá muid ag déanamh beart de réir ár mbriathar,” a mhínigh Ó Fearghail.

Agus é ag labhairt faoi scéal an lae inniu, dúirt Ciarán Ó Fátharta, Eagarthóir Stiúrtha Nuachta RTÉ Raidió na Gaeltachta go raibh aitheantas á thabhairt don stáisiún as ucht an obair a chuireann siad isteach chun CLG a chur chun cinn.

“Is dea-scéal dúinn an méid a d’fhógair Cumann Lúthchleas Gael inniu.  Tá tiomantas léirithe ag an tseirbhís seo do na cluichí Gaelacha le blianta fada anuas, ní hamháin sna comórtais náisiúnta, ach i gcomórtais áitiúla na gclubanna ar fud na tíre, go háirithe sna ceantair Ghaeltachta. 

“Is mór linn an t-aitheantas seo ag leibhéal náisiúnta ón gCeannáras ar an tábhacht atá leis an obair a dhéanann RTÉ Raidió na Gaeltachta i gcur chun cinn na gcluichí agus ar an tseirbhís phoiblí atá i gceist, agus gur féidir linn anois cinnteacht a bheith againn go mbeidh muid in ann leanacht leis an obair sin sna cúig bliana amach romhainn.”

Bhí amhras ann an mbeadh TG4 in ann na cearta uile a bhí acu roimhe seo a choinneáil i margadh atá ag éirí níos iomaíche, go háirithe agus leithéidí Eir Sport agus TV3 anois san iomaíocht, ach d’éirigh leis an stáisiún Gaeilge na cearta a bhí acu a choinneáil.

Craolfaidh TG4 85 cluiche beo agus iarbheo in aghaidh na bliana agus cearta eisiacha faighte acu chun cluichí sraithe an Domhnaigh a thaispeáint. Tá na cearta eisiacha faighte chomh maith acu do chraobhacha idirchontae na mionúr, do na craobhacha Faoi 20 agus Faoi 21, agus do chraobhacha na gclubanna.

D’fháiltigh Ard-Stiúrthoir TG4, Alan Esslemont, roimh an gconradh nua:

“Tá fíor-ríméad orainn go bhfuil na cearta seo faighte againn arís,” a dúirt sé.  “Tá deacháil bainte amach le fada ag clúdach cuimsitheach agus ceannródaíoch TG4 ar na cluichí Gaelacha, d’fhir is do mhná, idir bheo, bhuaicphointí agus Laochra Gael. 

“Cuireann an conradh nua seo bonn níos buaine fós faoin bpáirtíocht idir TG4 agus CLG. Mar chraoltóir neamhspleách seirbhíse poiblí, tuigimid go maith an t-éileamh atá ag an lucht féachana ar chlúdach teilifíse saor go haer ar na cluichí náisiúnta agus freastalóidh muid air le craoltaí teilifíse agus ar an Seinnteoir ar fud na hÉireann.”

Fág freagra ar 'Suas le 185 cluiche CLG le craoladh i nGaeilge ag TG4 agus Raidió na Gaeltachta in aghaidh na bliana'