Suaitheantas nua dátheangach ag póilíní na hAlban

Tá grúpa cainteoirí Gàidhlig ag cur comhairle ar Poileas Alban agus iad ‘ar a ndícheall’ seirbhís mhaith Ghàidhlig a chur ar fáil

Suaitheantas nua dátheangach ag póilíní na hAlban

Tá an suaitheantas nua dátheangach a gealladh sa phlean teanga a sheol Poileas Alban, seirbhís phóilíneachta na hAlban, mí Eanáir tugtha isteach ag an eagraíocht.

Beidh an suaitheantas le feiceáil ar gach comhartha, culaith, feithicil nua agus ar stáiseanóireacht na seirbhíse feasta. Níl sé i gceist ag Poileas Alban fáil réidh le seanchultacha, comharthaí feithiclí ná ábhar stáiseanóireachta ach beidh na suaitheantais nua le feiceáil ar na nithe a cheannófar nuair a thiocfaidh deireadh le saolré an ábhair reatha.

“Seo an chéim is deireanaí agus muid ag dul i dtreo chur i bhfeidhm iomlán an Phlean Gàidhlig. Tá muid ag iarraidh go bhfreastalófaí ar phobail Ghaelacha ar fud na tíre agus go ndéanfar ionadaíocht orthu sa tseirbhís féin.

“Tá sé tábhachtach go dtabharfaimis tacaíocht do theangacha dúchais na hAlban, agus dá réir seirbhís a chur ar fáil do bhaill an phobail a labhraíonn an Ghàidhlig. Beidh muid ag obair sna míonna agus sna blianta amach romhainn le feabhas a chur ar na seirbhísí Gàidhlig, mar a leagtar amach sa phlean,” a dúirt Ard-Chonstábla Cúnta na seirbhíse Andrew Cowie.

Thug sé le fios go bhfuil grúpa cainteoirí Gàidhlig fostaithe ag Poileas Alban agus go bhfuil an dream sin, idir oifigigh agus bhaill foirne eile, ar a ndícheall seirbhís mhaith Ghàidhlig a chur ar fáil.

Chuir Stiúrthóir Pleanála Teanga agus Forbartha Pobal Bhòrd na Gàidhlig, Daibhidh Boag, fáilte roimh na suaitheantais nua.

“Is cloch mhíle thábhachtach í normalú seo na Gàidhlig ag Poileas Alban don teanga. Tá Poileas Alban ag cur go mór leis na hiarrachtaí atá ar siúl ar fud na hAlban próifíl na Gàidhlig a ardú agus tá sé sin déanta acu ar bhealach atá an-éifeachtúil ó thaobh costais de.

“Cuirimid fáilte mhór roimh thiomantas Phoileas Alban don Ghàidhlig trí chéile agus roimh an bhfeiceálacht atá tugtha acu don teanga,” a dúirt sé.

Seoladh Plean cúig bliana Gàidhlig Phoileas Alban. Tá maoiniú beag faighte ag Poileas Alba ó eagraíochtaí seachtracha Gàidhlig chun an costas beag a bhaineann leis an bplean a ghlanadh. Maítear sa Phlean féin go lorgófar tuilleadh maoinithe ó fhoinsí éagsúla amach anseo.

Tá gealltanais déanta sa phlean faoi líon na mball foirne le Gàidhlig, faoi úsáid na teanga in oibríochtaí laethúla na heagraíochta agus sa chumarsáid a dhéantar leis an bpobal agus tá gealltanas eile ann maidir le forbairt chorpas teanga na heagraíochta.

I measc na ngealltanas a thugtar faoi fheiceálacht na Gàidhlig san eagraíocht, deirtear go gcuirfear le líon na mbileog eolais agus foirmeacha a chuirtear ar fáil i nGàidhlig, go gcrochfar comharthaí ‘Fàilte’ i stáisiúin agus go mbeidh comharthaíocht dhátheangach ar fheithiclí, ar litreacha, ar chártaí gnó agus eile.

“Aithníonn Poileas Alba go bhfuil sé tábhachtach go n-úsáidfí an Ghàidhlig taobh amuigh agus taobh istigh den eagraíocht, agus go sonrófaí na hamanna agus na suíomhanna a mbeadh sé feiliúnach nó riachtanach an teanga a úsáid. Aithníonn Poileas Alba a thábhachtaí is atá sé go bhfoghlaimeoidh baill foirne an Ghàidhlig,” a deirtear sa phlean.

Tá sí mar aidhm ag an bplean cur le líon na gcainteoirí Gàidhlig i bPoileas Alba agus deiseanna a thabhairt do bhaill foirne a bhfuil an teanga acu cheana féin í a úsáid ina saol oibre.

Gealltar freisin go gcuirfidh Poileas Alba “fáilte roimh chainteoirí Gàidhlig”. Cuirfear fáilte freisin roimh chomhfhreagras i scríbhinn i nGàidhlig, agus gealltar go bhfreagrófar an comhfhreagras sin sa teanga chéanna. Sainaithneofar na poist a bhfuil an Ghàidhlig riachtanach dóibh, poist na n-oifigeach atá lonnaithe i gceantar ina labhraítear go leor Gàidhlig, mar shampla.

Tá gealltanais eile sa cháipéis ina maítear go ndéanfar iarracht an Ghàidhlig a chur chun cinn ar na meáin shóisialta agus ar shuíomh oifigiúil na seirbhíse póilíneachta.

Baineann an gealltanas deiridh atá i bPlean Gàidhlig Phoileas Alba le corpas na teanga féin.

“Tá forbairt na Gàidhlig i soláthar seirbhísí poiblí ríthábhachtach do thodhchaí na Gàidhlig in Albain. Dá mhéid airde a thugtar air seo is ea is fearr a fhorbrófar téarmaíocht agus réimeanna cainte nua, rud a chabhródh le hábharthacht agus leanúnachas na dtéarmaí sin,” a deirtear sa phlean.

Maítear go n-oibreofar go dlúth le heagraíochtaí Gàidhlig agus le heagraíochtaí eile atá ag cur na teanga chun cinn lena chinntiú go mbíonn leanúnachas ann maidir le téarmaí teicniúla agus go gcloífear leis “an dea-chleachtas is nua” i réimse an aistriúcháin.

Fág freagra ar 'Suaitheantas nua dátheangach ag póilíní na hAlban'