AN TRÁ GHAELTACHTA IS ANSA LIOM: Suaimhneas agus áilleacht ar thrá Inis Sionnaigh

Nuair a shoilsíonn an ghrian ar an trá ar chúl oileán Inis Sionnaigh, amach ó chósta Ghaoth Dobhair, ní bheadh na Seychelle ábalta dhul in iomaíocht leis, a deir iriseoir RTÉ Raidió na Gaeltachta sa chéad alt i sraith ó scríbhneoirí éagsúla ar na tránna Gaeltachta is ansa leo

Trá

Má tá neamh le fáil ar talamh agus é le fáil sa Ghaeltacht, is cinnte go bhfuil sin le brath agat agus gaineamh mín Inis Sionnaigh idir na ladhra agat, lonrach geal agus tú ar foscadh   faoi na beanna ar imeall na trá.

Tá radharcanna ó Inis Oirthir go hÁrainn Mhór os do chomhair amach agus an tAragal ar an taobh eile.

Ceann de na rudaí is deise fá thránna Inis Sionnaigh nó chomh glan is atá siad, uisce álainn le snámh ann amach fhad leis na creaga, áit a mbíonn an bádaí ar ancaire sa bhá agus an dumhach ann breac le magairlí meidhreacha, cuileann na trá agus bláthanna fiáine.

Níl ann ach cónaí amháin ar an Oileán seo, teach Joe Mulligan agus thig siúl thart ar an oileán ar fad, gaineamh bog faoi do chosa, scaineagán i gcorr-áit agus neart cuain bheaga le dhul ag snámh iontu

FullSizeRender

Tá mo theaghlach ag tarraingt ar Inis Sionnaigh ó bhí mise i mo leanbh, agus tá cuid de na cuimhní is fearr ó m’óige ansin ar an trá ar chúl an oileáin, ag rith ar shiúl ón eallach, ag léim de na clocha, ag súgradh fá na méilte gainimh agus ag déanamh barbeque le seanbhonn cairr tráthnóntaí san fhómhar.

Tá suaimhneas agus áilleacht ar an trá seo, is beag duine a bhíonn ann lá breá samhraidh agus cé nach bhfuil an t-oileán mór, thig leat lá a chaitheamh ann fá shult, sínte siar ag coimhéad ar na bádaí ag teacht agus ag imeacht go Gabhla agus Inis Meáin.  Nuair a shoilsíonn an ghrian anseo, ní bheadh na Seychelle ábalta dhul in iomaíocht le hInis Sionnaigh.