Straoiseoga le ‘gruaig rua’ ar an mbealach…

Mhol Unicode an tseachtain seo go ndéanfaí uasdátú ar straoiseoga a ligfeadh do dhaoine straoiseog le gruaig rua a bheith acu den chéad uair

Emoticons rua
Léaráid: Tuairisc.ie

Tá an chosúlacht ar an scéal go mbeidh bealach ar leith ag Éireannaigh a bhfuil gruaig rua orthu chun iad féin a chur in iúl ar na meáin shóisialta má leantar leis an uasdátú is deireanaí atá molta ag Unicode.

Cothrom an ama seo bliain ó shin, thug ‘Banríon na nDaoine Rua’, Laura May Keohnae, lán a tacaíochta d’fheachtas a chuir an eagraíocht Ginger Parrot ar bun.

Tá Ginger Parrot ag éileamh ar an gcomhlacht Apple straoiseoga ‘rua’ a chur le liosta na straoiseog ar chórais oibriúcháin an chomhlachta.

Mhol Unicode an tseachtain seo go ndéanfaí uasdátú ar straoiseoga a ligfeadh do dhaoine dath na gruaige a athrú. D’oibreodh an t-uasdátú seo ar an gcaoi chéanna leis an uasdátú a rinneadh anuraidh nuair a tugadh deis do dhaoine ‘craiceann’ straoiseoga a athrú de réir mar is mian leo ar chórais Apple agus Android.

Scríobhadh i dtuarascáil Unicode gurb iad na dathanna gruaige a bheadh ar fáil ar an leagan nua ná dubh, fionn, donn, liath agus rua. Bheadh ‘maol’ mar rogha freisin. Tá an liosta sin bunaithe ar na dathanna éagsúla gruaige a aithnítear ar an bhfoirm iarratais do phas i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus ar fhoirmeacha oifigiúla eile sa tír sin.

Ní phléitear straoiseoga nua sa cháipéis seo, ach tá plé déanta inti ar na hathruithe a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm ar straoiseoga atá ann cheana féin. An uair dheiridh a rinneadh uasdátú mar seo i bhfeidhm ligeadh cead do dhaoine an straoiseog de bhratach a athrú le go mbeadh a dtír nó réigiún féin le feiceáil ann.

0jVpJdL1
Banríon na nDaoine Rua, Laura May Keohane

I measc na n-athruithe eile atá beartaithe do na straoiseoga an turas seo, tá rogha gnéis agus treorach. Beifear in ann bean rua atá ag rith ar dheis a roghnú, mar shampla, nó fear fionn atá ag rith ar clé.

Ní chuirfear na roghanna seo ar fáil go ceann tamaill ach tá fáilte curtha ag Ginger Parrot roimh an bhfógra ó Unicode.

Tá os cionn 17,000 duine tar éis a n-ainm a chur leis an achainí a thosaigh Ginger Parrot bliain ó shin.

Labhair Tuairisc.ie le ‘Banríon na nDaoine Rua’, a toghadh ag Comhdháil na nDaoine Rua i gCorcaigh anuraidh, faoin scéal agus faoin achainí.

“Ba bhreá liom dá dtabharfadh Apple straoiseog rua isteach. Tá iontas orm go ndearnadh neamhaird ar an tréith fhisiciúil seo ó thosach.

“Toisc nach cine, cineál ná creideamh iad na daoine a bhfuil gruaig rua orthu, ní shamhlaítear an leithcheal leo. Is ionann sinn agus 2% de dhaonra an domhain agus tá aitheantas tuillte againn!” a dúirt an Bhanríon.

Cé gur le teann grinn a bhí Keohane ag caint agus gur achainí sách éadrom í achainí Ginger Parrot i gcomórtas le cuid de na hachainí eile a bhíonn ar Change.org, dúirt sí gur ceart aird a tharraingt ar an gceist ar aon chaoi.

Fág freagra ar 'Straoiseoga le ‘gruaig rua’ ar an mbealach…'