Athruithe móra ar chur chuige TG4 le nochtadh i nGaillimh inniu

Fógrófar roinnt athruithe móra atá le déanamh ag TG4 ag ócáid i gcathair na Gaillimhe inniu

Athruithe móra ar chur chuige TG4 le nochtadh i nGaillimh inniu

Beidh “ócáid thábhachtach chaidrimh” ar siúl ag TG4 inniu i gcathair na Gaillimhe ina dtabharfar eolas faoin straitéis nua clár atá ag an stáisiún Gaeilge.

Tá leasuithe suntasacha beartaithe ag Ard-Stiúrthóir nua an stáisiúin, Alan Esslemont, ar obair na seirbhíse agus tá cuid mhór de na cláir a léirítí i mBaile na hAbhann le soláthar feasta ag comhlachtaí neamhspleácha seachas ag TG4 féin.

Casfaidh Esslemont le comhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha in Óstán an Radisson inniu, áit a bhfógrófar “líon suntasach mórthograí coimisiúnaithe” i measc rudaí eile. Tuigtear go mbeidh deis á tabhairt do na comhlachtaí sin smaointe agus pleananna gnó a chur i láthair i ndiaidh na hócáide inniu.

Bhí an tArd-Stiúrthóir i mbun cainte le RTÉ agus le dreamanna eile faoin straitéis atá beartaithe aige le cúpla seachtain anuas.

Tá tuairimíocht ann go mbeidh béim á cur ar chonarthaí ar a dtugtar ‘output deals’ ina mbíonn margadh déanta le comhlachtaí aonair faoi sholáthar substainteach clár thar thréimhse blianta.

Táthar ag súil go ndeimhneofar inniu go bhfuil sé i gceist ag an tseirbhís teilifíse tarraingt siar cuid mhór ó bheith ag déanamh clár iad féin agus an obair sin a thairiscint ar conradh don earnáil phríobháideach. Bhí cláir ar nós Comhrá, Róisín, Béaloideas Beo agus Seó Spóirt i measc na gclár a bhíodh á léiriú ag TG4 féin i stiúideo Bhaile na hAbhann go dtí seo.

Tá tús curtha le comhoibriú níos dlúithe a fhorbairt idir rannóga inmheánacha TG4 féin, ina measc an rannóg coimisiúnaithe agus an rannóg ceannacháin. Leagfar ballaí idir na hoifigí sin le go mbeidh an fhoireann iontu ag obair as lámha a chéile i spás oscailte.

Táthar ag súil freisin le soiléiriú a fháil inniu faoina bhfuil i ndán do na cláir chúrsaí reatha Nuacht TG4 agus 7 Lá a chraoltar ó stiúideonna Bhaile na hAbhann. Moladh go ndéanfaí Nuacht TG4 a chraoladh ón stiúideo mór ina mbíodh cláir intí na seirbhíse á léiriú go dtí seo. D’fhéadfadh ceangal níos láidre a bheith idir an nuacht agus 7 Lá feasta freisin.

I mí Dheireadh Fómhair a thosaigh Alan Esslemont i mbun oibre mar Ardstiúrthóir ar TG4, nuair a ceapadh é mar chomharba ar Phól Ó Gallchóir, a bhí i mbun na seirbhíse ar feadh 16 bliain. D’oibrigh Esslemont roimhe sin le BBC Alba, TG4, agus Telegael.

In agallamh a rinne sé le Páidí Ó Lionáird ar eagrán speisialta den chlár 7 Lá a craoladh mar chuid de chomóradh 20 bliain TG4 i dtús na Samhna, dúirt Esslemont go raibh “dhá lucht féachana” ag TG4 agus go gcaithfí iarracht a dhéanamh freastal ar an dá phobal éagsúla sin. Dúirt sé go bhfuil “croílucht féachana” ann, is iad sin an pobal a bhfuil an Ghaeilge “mar ghnáth-theanga labhartha acu”, agus go bhfuil “mórphobal féachana na tíre” ann chomh maith.

Fág freagra ar 'Athruithe móra ar chur chuige TG4 le nochtadh i nGaillimh inniu'