Stormont ‘held to ransom’ ag poblachtaigh atá ag úsaid na Gaeilge ar mhaithe le polaitíocht — Foster

Thagair ceannaire an DUP don Ghaeilge agus don easpa dul chun cinn i Stormont i ráiteas a d’eisigh sí faoi Lá na nOráisteach inné

Stormont ‘held to ransom’ ag poblachtaigh atá ag úsaid na Gaeilge ar mhaithe le polaitíocht — Foster

Tá feidhmeannas Stormont “i ngreim” ag poblachtaigh atá ag úsáid na Gaeilge ar mhaithe le leas fánach polaitíochta, dar le Arlene Foster.

Thagair Arlene Foster don Ghaeilge i ráiteas a chuir sí amach inné maidir leis an Dara Lá Déag agus tinte cnámh.

I ráiteas faoi thábhacht an traidisiúin Oráistigh ó thuaidh, dúirt ceannaire an DUP go raibh sí ag an mhórshiúl Oráisteach i Ros Neamhlach, i nDún na nGall, agus dúirt sí gur ‘eiseamláir iontach’ a bhí san ócáid den taithí atá aici féin agus ag cuid mhór daoine eile ar an Dara Lá Déag.

Dúirt sí nach raibh sí ag iarraidh go ndéanfadh cultúr ar bith beag is fiú de cheann eile nó go mbeadh an lámh in uachtar ag cultúr amháin ar chultúr eile.

Mhaígh sí gur cuid luachmhar den tsochaí sa Tuaisceart í an Ghaeilge agus gurbh éigean meas a léiriú di ‘ach nár mhór an meas céanna a léiriú ar chultúir agus ar thraidisiúin eile’.

“Many in the Orange tradition recognise the importance that the Irish language plays in the lives of some people in Northern Ireland.

“It is deeply unfortunate that devolution has been held to ransom by republicans using the Irish language for narrow political advantage,” a dúirt Foster.

Ag tagairt dá cultúr féin, dúirt Foster go raibh an tOrd Oráisteach mar “part of the fabric of our society”.

Dúirt sí go raibh na tinte cnámh mar chuid thábhachtach den chultúr Aontachtach le fada an lá agus bhí moladh aici do lucht a gcáinte: “dial down the rhetoric”.

Ní dhearna sí aon tagairt do na conspóidí éagsúla a tháinig chun cinn le cúpla lá anuas faoi na tinte cnámh a lasadh aréir.

Bhí fógraí frithnáisiúnacha agus ciníocha ar chuid de na tinte céanna.

I measc na bhfógraí sin, bhí bratach ar thine chnámh in Avoniel Leisure Centre a raibh teachtaireacht faoin imreoir sacair Scott Sinclair, a imríonn do Celtic, ag rá ‘Scott Sinclair likes bananas’.

Baineadh anuas an bhratach nuair a cáineadh an teachtaireacht chiníoch ar na meáin shóisialta.

Cháin an PSNI an ráiteas freisin mar “choir fuatha” agus dúirt go gcinnteoidís go bhféadfadh “gach duine maireachtáil gan faitíos ná leithcheal”.

Bhí íomhánna de pholaiteoirí ó Shinn Féin agus an Alliance Party ar thinte eile, íomhá d’iarcheannaire Shinn Féin ó thuaidh, Martin McGuinness, nach maireann, ina measc.

Fuair Comhairle Chathair Bhéal Feirste urghaire cúirte le cosc a chur ar thógáil cheithre thine chnámh i mBéal Feirste an tseachtain seo caite, an ceann in Avoniel Leisure Centre ina measc.

Fág freagra ar 'Stormont ‘held to ransom’ ag poblachtaigh atá ag úsaid na Gaeilge ar mhaithe le polaitíocht — Foster'

  • Harriet P.

    Is maith an cur amach atá ag Foster ar “ransom” agus £1,000,000,000 bainte ón bPáirtí Caomhach aici!

  • Seán Mac Gearailt

    D’fhéadfaí a mhaíomh fosta go bhfuil “Stormont held to ransom” ag an DUP ar mhaithe le polaitíocht. Maíonn siad go bhfuil meas acu ar an nGaeilge 7rl ach fós tá siad chomh stuacach le dream ar bith eile.