Stop curtha le feachtas bailithe airgid chun cainteoir óg Gaeilge a dhíbirt as Albain

Chuir duine anaithnid leathanach tiomsaithe airgid ar bun le ticéid eitleáin chun na hAstráile a cheannach do mhuintir Brain,  teaghlach a throid go láidir anuraidh le fanacht in Albain

Tá leathanach bainte dá shuíomh ag Just Giving, suíomh tiomsaithe airgid, a cruthaíodh le hairgead a bhailiú le teaghlach Gaeltachta in Albain a chur “abhaile” chun na hAstráile, bliain i ndiaidh dóibh cead a fháil fanacht sa tír.

Tá muintir Brain, arb as an Astráil ó dhúchas iad, ag cur fúthu le sé bliana in Inbhir Pheofharain. Is cainteoir Gáidhlig é Lachlan Brain (7), mac Kathryn agus Gregg. Tháinig siad go hAlbain den chéad uair sa bhliain 2001 ar saoire. D’fhill siad ar feadh cúpla seachtain ceithre bliana ina dhiaidh sin agus chaith siad na blianta idir 2005 agus 2011 ag socrú víosaí agus iad i mbun iarrachtaí lonnú in Albain.

Chuir duine, a lig air féin gurbh é Stuart Campbell, eagarthóir na hirise Wings Over Scotland, leathanach tiomsaithe airgid ar bun le ticéid eitleáin chun na hAstráile a cheannach don teaghlach óg.

Cothrom an ama seo anuraidh, tháinig an scéala go raibh cead ag muintir Brain fanacht in Albain tar éis cás fada cúirte. Bronnadh víosa ‘Céim 2’ ar Kathryn Brain mar gheall ar an bpost a tairgeadh di leis an gcomhlacht Macdonald Hotels and Resorts.

Tharraing an cás go leor airde sna meáin in Albain, go mór mór mar gheall ar na hiarrachtaí a bhí déanta ag an teaghlach a bheith ‘níos Albanaí ná na hAlbanaigh féin’ agus iad á lonnú féin san áit.

D’úsáid muintir Brain féin an suíomh Just Giving leis an £12,000 a theastaíonn uathu le costais dlí agus táillí víosa a ghlanadh a bhailiú.

Thug an leathanach bréige a baineadh anuas an tseachtain “spongers” agus “SNP poster family” ar an teaghlach.

Dúirt Gregg Brain leis an nuachtán The National go bhfuil sé “ag déanamh a dhíchill” an t-airgead a thuilleamh agus é ag obair mar thiománaí trucaile ach nach bhféadfaí an t-airgead a theastaíonn uathu a thuilleamh sa tréimhse ama atá leagtha síos dóibh ach amháin dá mbeifeá “ag obair mar iompróir drugaí sa Cholóim”.

Dúirt sé gur chuma leis dá scaipfí pictiúr bréige ar líne de leathanach bailithe airgid ach go ndeachthas “thar fóir” nuair a cruthaíodh leathanach ceart ar an suíomh.

“If the people who set up the page had just put a meme of a crowd funding page to send us back I would’ve thought ‘just another troll’, but when they actually set it up I thought it was a big step too far. I think there’s something missing inside some of these people and they’re more deserving of pity than anger, but I was struggling a bit to see the funny side of it,” a dúirt sé.

Thug urlabhraí de chuid Just Giving le fios nach ndearnadh aon ghearán oifigiúil faoin leathanach ach gur baineadh anuas é toisc gur “sháraigh sé téarmaí úsáide” an tsuímh.

Fág freagra ar 'Stop curtha le feachtas bailithe airgid chun cainteoir óg Gaeilge a dhíbirt as Albain'