‘Stop, a Mhamaí, stop. Casfaidh mé dhuit arís é, is bí ag éisteacht go cúramach an uair seo’

AG TÓGÁIL CLAINNE: Mheas ár gcolúnaí go raibh a ABCanna ar eolas aici, ach bhí dul amú uirthi

Kanye_West_5
‘Seans gur remix nó athmheasc a bhí ann nach raibh cloiste agam cheana; Aibitír 2, ft. Kanye West, b’fhéidir’

‘Ní shin é an chaoi a dtéann sé,’ a dúirt mé. Níl mórán amhrán ar eolas agam ach bhí na liricí uilig don cheann áirithe seo agam is bhí mé ag iarraidh mo shaineolas a roinnt léi. Thosaigh mé ag canadh; ‘téann sé mar seo – A, B, C, D, E, F, G…’

Bhí sruth maith fúm agus mé ag déanamh ar lár an amhráin le brí is le fonn nuair a lig sí osna beag aisti. ‘Stop a Mhamaí, stop. Ní shin é.’ Bhreathnaigh sí orm amhail is go raibh sí ar a míle dícheall foighid a choinneáil liom, ach nach raibh sé éasca.

‘Casfaidh mise duit é,’ a dúirt sí agus tharraing anáil mhór dhomhain is thosaigh ag casadh in ard a gutha:  ‘A, B, C, D, Q, R, S, X, K, P.’

Bhí tocht chomh mór sin ina glór agus an oiread roiceannaí ina baithis go mba dhóigh leat gur istigh ag comórtas Chorn Uí Riada a bhí mé agus Amhrán Mhuínse nó a leithéid á aithris go bríomhar. Ansin, stop sí ar feadh meandair ar mhaithe leis ‘an éifeacht dhramatúil’ sular chuir ballchríoch leis; ‘Y agus Z. Anois tá a fhios a’m mo ABCDs, gabhfaidh muid amach ag spraoi.’

Alphabet_song

Ní raibh an leagan seo ag teacht leis an leagan a d’fhoghlaim mé fhéin fadó. Seans gur remix nó athmheasc a bhí ann nach raibh cloiste agam cheana; Aibitír 2, ft. Kanye West, b’fhéidir.

Thóg mise an leagan den amhrán atá a’m fhéin ó m’athair ach tá sé cloiste agam ó shin ag daoine eile.

Chríochnaigh sí an t-amhrán, bhreathnaigh orm agus chonaic mé trua ina súile. ‘An bhfuil a fhios a’t anois é, a Mhamaí?’ a d’fhiafraigh sí díom i nglór réidh agus bhraith mé nach raibh mórán muiníne aici as m’fhreagra.

Bhí mé i sáinn. Chaithfinn a bheith an-chúramach le mo chuid moltaí le go mbeadh glacadh éigin leo. B’fhéidir gurbh fhearr gan tada a rá ach mo leagan féin a chasadh arís go bhfeicfinn cén chaoi a n-éireodh leis.

‘Ceapaim go bhfuil sé agam anois,’ a dúirt mé agus thosaigh mé ag canadh; ‘A, B, C, D, E, F, G,’ Ní raibh mé gaibhte rófhada nuair a lig sí osna eile aisti. Osna a bhí beagán níos airde ná an ceann a chuaigh roimhe, caithfear a rá. Ba léir nár mheas sí gur scoláire rómhaith a bhí ionam.

‘Stop, a Mhamaí, stop,’ a dúirt sí. ‘Casfaidh mé dhuit arís é, is bí ag éisteacht go cúramach an uair seo.’

Fág freagra ar '‘Stop, a Mhamaí, stop. Casfaidh mé dhuit arís é, is bí ag éisteacht go cúramach an uair seo’'

  • Eoin P.

    Tá na haltanna seo go haoibhinn ar fad. Scéalta fíorshimplí ar bhealach ach inste go gleoite ag an scéalaí. Go hálainn!