Stiúrthóir na Gaeilge ceaptha i Roinn na Gaeltachta

Aodhán Mac Cormaic atá ceaptha mar chomharba ar Mháire Killoran i bpost an státseirbhísigh is sinsearaí a bhíonn ag plé go buan le polasaí teanga an Stáit

Stiúrthóir na Gaeilge ceaptha i Roinn na Gaeltachta

Tá Aodhán Mac Cormaic ceaptha mar Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, post an státseirbhísigh is sinsearaí a bhíonn ag plé go buan le polasaí teanga an Stáit.

Baile Átha Cliathach ó dhúchas é Mac Cormaic atá ag cur faoi i gCois Fharraige i gConamara ó 1997. Tá sé ina Phríomh-Oifigeach Cúnta i Roinn na Gaeltachta agus é ag plé leis an reachtaíocht teanga, leis an nGaeilge sa saol digiteach agus leis an nGaeilge san Aontas Eorpach le tamall anuas.

Tá sé pósta le Bridie Ní Churraoin, as an Trá Bháin, atá ag obair i Roinn na Gaeltachta sna Forbacha chomh maith, agus tá iníon amháin acu.

Rinne Mac Cormaic a chuid staidéir sa London School of Economics, in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, mar ar bhain sé Céim Dhochtúireachta amach sa Rialachas in 2015.

Tá suim mhór aige i gcúrsaí CLG agus iar-iománaí idirchondae le Baile Átha Cliath é.

Ba í mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite a chéadtuairiscíodh go raibh Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, Máire Killoran, ag éirí as a cúram chun tabhairt faoi phost i Lucsamburg mar Stiúrthóir ar an Ionad Aistriúcháin do Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh.

D’fhógair Aire na Gaeltachta Seán Kyne i mí Iúil go raibh cead faighte ar deireadh ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe an post a líonadh agus fógraíodh an folúntas go poiblí i mí Mheán Fómhair.

Le trí mhí anuas, níl ach príomhoifigeach amháin sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta ag plé go lánaimseartha le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

 

 

 

Fág freagra ar 'Stiúrthóir na Gaeilge ceaptha i Roinn na Gaeltachta'

  • Seán Mag Leannáin

    Comhghairdeas leis. Tá mé ag ceapadh go mbeidh a sháith le déanamh aige. Nílim in éad leis!