‘Bhí John Delaney an-tógtha le ‘Oró ‘Sé do Bheatha Abhaile’ agus luaigh muid amhrán Euro 2016 leis…’

Labhair Tuairisc.ie le príomhamhránaí Seo Linn, Stiofán Ó Fearail, faoin amhrán nua ‘The Irish Roar’ atá roghnaithe ag an FAI mar amhrán oifigiúil na hÉireann do Chraobhchomórtas na hEorpa

seo-linn-f

Fógraíodh ag an deireadh seachtaine gurb é an t-amhrán ‘The Irish Roar’ leis an mbanna ceoil Seo Linn a roghnaíodh le bheith ina amhrán oifigiúil na hÉireann do Euro 2016, a imreofar an mhí seo chugainn sa bhFrainc.

Thapaigh Seo Linn an deis an t-amhrán a scríobh agus a chur faoi bhráid an FAI níos túisce i mbliana i ndiaidh dóibh aithne a chur ar John Delaney, príomhfheidhmeannach an FAI i ndiaidh na ceolchoirme ‘Centenary’ in Amharclann na Canála Móire i mBaile Átha Cliath.

“Chas muid le John Delaney an oíche sin agus thaitin ár dtaispeántas go mór leis. Chas muid arís leis ag gig charthanachta a rinne muid d’Fhondúireacht John Giles, agus arís bhí sé an-tógtha leis an seit agus go háirithe le ‘Oró ‘Sé do Bheatha Abhaile’. Luaigh muid leis go mbeadh spéis againn amhrán Euro 2016 a scríobh.

“Dúirt sé linn an uair sin go raibh an t-uafás iarratas faighte acu cheana féin ach go bhféadfadh muid amhrán dár gcuid féin a chaitheamh isteach freisin agus go ndéanfaí é a mheas in éineacht le gach amhrán eile a fuair siad,” a dúirt Stiofán Ó Fearail, príomhamhránaí an bhanna.

“Shuigh muid síos ansin agus bhreac muid go leor rudaí síos ag an tús, rudaí ar mhaith linn a bheith mar chuid den amhrán nua seo. Bhí go leor leor dréachtaí ann sular tháinig muid ar cheann a thaitin linn agus a d’fhéadfadh muid a fhorbairt ina amhrán ceart. Bhí os cionn deich ndréacht ann roimhe sin, cheapfainn.

“Faoi dheireadh tháinig muid ar leagan amach, ar churfá agus ar véarsaí a raibh muid sásta leo agus a chuir ‘tic’ le gach bosca d’amhrán mar seo. Bhí muid ag rá linn féin ‘céard leis ar mhaith le daoine éisteacht? cén cineál duine a bheadh ag dul anonn go dtí na cluichí agus céard a bheadh siad ag canadh agus iad sna staideanna?’.

“Bhí muid ag iarraidh curfá agus cineál roisc nó doird a bheith ann, agus tá ár leagan féin de ‘Oró ‘Sé do Bheatha Abhaile’ ann cheana féin. Cheap muid go mbeadh sé thar barr dá mbeadh an t-amhrán sin á chasadh ag muintir na hÉireann, agus iad ag tacú leis an bhfoireann. Tháinig an rif ó Keith [Ó Briain, amhránaí agus giotáraí], bhí sé ina chónaí sa bhFrainc mar a tharlaíonn sé nuair a scríobh sé é sin. Chaith muid tamall ag pleidhcíocht leis na smaointe sin uilig,” a dúirt sé.

Ba iad an lucht leanúna féin ba thábhachtaí don bhanna agus iad ag dul i mbun pinn, a dúirt Ó Fearail, agus bhí Seo Linn ag iarraidh “ómós a léiriú do lucht leanúna na hÉireann”.

“An rud is mó a tháinig amach le linn Euro 2012 ná go raibh muintir na hÉireann thar barr ó thaobh craice, ceoil agus tacaíochta de, fiú agus muid ag cailleadh na gcluichí ar fud na mball. Nuair a bhí muid ag scríobh ‘The Irish Roar’, bhreathnaigh muid ar fhíseán ón gcomórtas sin, bhí Éire ag imirt in aghaidh na Spáinne agus chaill muid 4 – 0 ach mar sin féin chan na hÉireannaigh uilig a bhí i Gdansk ‘The Fields of Athenry’ agus bhí muintir na Spáinne ag bualadh bos.

“Chuaigh sé sin i bhfeidhm go mór orainne, agus ar an domhan mór ag an am, agus arís nuair a bhreathnaigh muid ar an bhfíseán. Tá muintir na hÉireann an-mhaith ag tabhairt tacaíochta don fhoireann, fiú nuair nach bhfuil muid ag cruthú chomh maith sin ar an bpáirc! Mar sin bhí sé an-tábhachtach go léireofaí ómós dóibh san amhrán,” a dúirt sé.

Tá trí véarsa in ‘The Irish Roar’ agus scéal ar leith le hinsint ag gach aon cheann acu, dar le hÓ Fearail.

“Ceann de na rudaí is mó a bhíonn i gceist agus muid ag tabhairt aghaidh ar rudaí mar sin, ar ‘an chéad dúshlán eile’,go mbíonn muid ag breathnú siar ar bhuanna móra a tháinig roimhe sin. Thosaigh muid le Italia 90 mar sin, agus muid ag caint ar na daoine a bhí amuigh roimh an bhfoireann nuair a tháinig siad abhaile agus na cluichí móra a imríodh 26 bliain ó shin, buaiceanna ’90 agus ’94.

“Luaigh muid Corn an Domhain sa bhliain 2002 nuair a chuaigh muid go dtí an tSeapáin agus ansin faoi 2012 sa bPolainn sa dara véarsa. Chuir muid píosa beag dána isteach faoi Thierry Henry freisin don chraic. Sa tríú véarsa tá muid ag breathnú chun cinn ar chomórtas na bliana seo agus ar na himreoirí iontacha atá anois againn agus muid réidh le dul!”

Ní do lucht leanta na hÉireann agus do na himreoirí a d’imir fadó amháin a dtugtar ómós san amhrán nua ach do dhuine de laochra móra spóirt na hÉireann freisin, cé nár imir sé riamh don tír – an craoltóir Bill O’Herlihy, a bhásaigh cothrom an ama seo anuraidh.

“Ag an deireadh uilig chaith muid isteach na focail dheireanacha a dúirt Bill O’Herlihy ar RTÉ sular éirigh sé as, mar chomhartha ómóis don fhear é féin. Bhraith muid go raibh orainn é sin a dhéanamh mar gurbh é seo an chéad mhórchomórtas ag Éirinn nach mbeadh Bill ag breathnú air. Bhí an FAI féin an-sásta leis an gcríoch sin.”

Dúirt Ó Fearail go raibh Seo Linn “ar mhuin na muice” nuair a fuair siad an scéala ón FAI go rabhthas tar éis ‘The Irish Roar’ a roghnú mar amhrán oifigiúil an chomórtais. Dúirt sé freisin go bhfuil baill éagsúla den bhanna ag súil le bheith in ann dul anonn chun na Fraince le breathnú ar Éirinn ag imirt an mhí seo chugainn ach go bhfuil an oiread sin oibre le déanamh acu faoi láthair go mb’fhéidir go mbeadh siad ag tacú leis an bhfoireann ón mbaile.

Tá leagan Gaeilge den amhrán le cur amach an tseachtain seo chugainn. Eiseofar ‘The Irish Roar’ go hoifigiúil Dé hAoine, nuair a chasfaidh Seo Linn beo é don slua a bheidh bailithe i mBóthar Lansdúin don chluiche in aghaidh na hÍsiltíre. Beidh fáil ansin ar an amhrán ar iTunes, Spotify agus i siopaí ar fud na hÉireann.

Fág freagra ar '‘Bhí John Delaney an-tógtha le ‘Oró ‘Sé do Bheatha Abhaile’ agus luaigh muid amhrán Euro 2016 leis…’'