Star Wars – na seanfhondúirí ar ais ar a seanléim

Tá The Force Awakens i bhfad níos fearr ná na réamhscannáin ach tá aistear fós le déanamh má tá sé le bheith inchurtha leis an gcnuasach bunaidh

Star-Wars-7-Character-Guide-Finn-Rey

The Force Awakens
Stiúrthóir: J.J. Abrams
Cliar: Harrison Ford, Mark Hamill, Carrie Fisher, Adam Driver, Daisy Ridley, John Boyega, Oscar Isaac, Andy Serkis, Domhnall Gleeson, Anthony Daniels, Max von Sydow, Gwendoline Christie.

Na seanfhondúirí ar ais ar a seanléim agus agus an aisling fágtha le huacht ag an gcéad ghlúin eile de charachtair, aisteoirí agus lucht féachana. Is scannán eachtraíochta ar an seandéanamh atá i saothar an cheardaí JJ Abrams, leis an gcantam ceart d’aicsean, greann, carachtair chaithiseacha agus scéal simplí, suimiúil. É sin ar fad agus seatanna de Sceilg Mhichíl a bhainfeadh d’anáil díot.

Is feiniméan domhínithe é an cnuasach Star Wars. In ainneoin go bhfuil nach mór daichead bliain gafa tharainn ó chuir an chéad ghála an lucht féachana faoi dhraíocht, tá an iliomad daoine ar fud na cruinne fós gafa leis an domhan agus na carachtair a gineadh i scioból samhlaíochta George Lucas.

Tá ráitis agus nithe ón gcnuasach neadaithe sa chultúr coiteann: an ráiteas míchruinn sin faoi atharthacht Luke, gleo an chlaíomh solais agus an bhladráil faoin bhfórsa. D’fhéadfaí a mhaíomh gurb é Star Wars a thug an uirlis troda is suaithinsí riamh dúinn (an claíomh solais), an bithiúnach is suimiúla riamh (Darth Varder), an oide múinte is geanúla riamh(Yoda), an spásárthach is suntasaí (The Millenium Falcon), agus duine de na gaiscígh is caithisí riamh (Hans Solo). Sin ar fad gan trácht ar choincheap an Jedi, an fhórsa, Luke Skywalker, Princess Leia, Obi-Wan Kenobi agus go leor carachtar, suíomhanna agus nithe eile nach iad.

Bhí uisce le fiacla nuair a fógraíodh na réamhscannáin agus cé ná rabhadar gan a maitheasaí, tugadh íde na muc agus na madraí dóibh, ar Jar Jar Binks bocht go háirithe. B’shin deich mbliana ó shin, agus tá  na cearta ag Disney anois agus iad ar a ndícheall borradh a chur faoin arrachtach arís eile le ceithre scannán ar na bioráin. Bheadh dulagais thar na bearta ar an té a roghnófaí le dul ar an stiúir agus bhí mórán, mé féin san áireamh, an-mhuiníneach go ndéanfadh JJ Abrams an t-aicsean, go mórmhór i ndiaidh a ghaisce le Star Wars.

Tá eachtraí an scannáin seo suite 30 bliain i ndiaidh The Return of the Jedi agus cogaíocht fós sa tsiúl. Is í Rey (Ridley) príomhcharachtar an scéil agus carachtar í sa mhúnla céanna le Anakin agus Luke Skywalker.

Téann sí i mbun comhghuaillíochta le Finn (Boyega), Stormtrooper a bhfuil droim láimhe tugtha aige leis an gculaith bhán, le droid beag, a bhfuil eolas tábhachtach aige, a thabhairt ar ais chuig na reibiliúnaithe. Fan na slí, tagann na seanlaochra ar fad os ár gcomhair R2-D2 agus C3 PO san áireamh.

Gan amhras, is geall le carachtar ann féin é an droid beag BB- 8 agus tá a fhios agat go maith go bhfuil lucht na siopa breagán ag cuimilt a mbos dá chéile le teann áthais leis na pinginí a dhéanfaidh siad as an neach úd. Ina dteannta siúd ar fad tá an píolóta cumasach, deisbhéalach Poe (Isaac) agus Ginearál le Domhnall Gleeson againn.

Is turas siar bóithrín na smaointe atá anseo gan aon agó agus go leor tagairtí á ndéanamh don chnuasach bunaidh. Bhí maoithneachas agus ardú croí thar na bearta ag baint leis an gcéad radharc de Hans Solo agus Chewbacca. Ag an am céanna, áfach, tá iomairí nua á rómhar agus cloch mhíle sroichte sa tslí is go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil carachtar lárnach curtha de dhroim seoil.

Níl an táirge gan lochtanna, áfach. Tá blas eipeasóideach ar chúrsaí ar uairibh agus ní dhéantar comthéacs an domhain úir seo a chruthú ná a mhíniú chun mo shástachta. Cé gur bithiúnach cumasach é Kylo Ren (Driver), ní haon Darth Vader é agus ní rabhas chomh tógtha sin le carachtar Finn.

Is ar Sceilg Mhichíl atá clabhsúr tábhachtach an scannáin agus tá cuma dhraíochtúil ar an oileán. Bhí sé foirfe don radharc, a chomartha sin nach raibh aon mhaisiúcháin ann.

I bhfad níos fearr ná na réamhscannáin ach aistear fós le déanamh má tá sé le bheith inchurtha leis an gcnuasach bunaidh.

Tosach maith, ach is ina thosach atáimid.

Fág freagra ar 'Star Wars – na seanfhondúirí ar ais ar a seanléim'

  • Tuigim

    Cé as a tháinig Rey?
    Sin an cheist.
    Is breá liom an Yoda nua.
    Ag dul sa treo ceart.
    Cumhacht na mban abú!
    Agus ar ndóigh, an Sceilg foirfe.
    Rudaí eile nach féidir liom a rá.
    Is fiú féachaint air. Dáiríre.