4 chluiche idir Man Utd is Arsenal – fathaigh an Choirn FA

Tá Manchester United agus Arsenal a fhéachaint le chéile arís anocht sa Chorn FA. Breathnaíonn Tuairisc.ie siar ar na cluichí cáiliúla eile a d’imir siad sa chomórtas

Seo é an ochtú uair a bheidh Arsene Wenger i gceannais ar Arsenal i gcoinne Utd sa Chorn FA.
Seo é an t-ochtú uair a bheidh Arsene Wenger i gceannais ar Arsenal i gcoinne Utd sa Chorn FA.

Gan amhras, is é an cluiche idir Manchester United agus Arsenal anocht an cluiche is mó a raibh daoine ag feitheamh leis i mbabhta 6 den Chorn FA. Is iad seo na foirne is rathúla i stair an chomórtais, an corn crochta acu 11 uair an taobh.

Nuair atá gréim chomh daingean ar an dá taobh ar an gcorn, ní haon iontas é go bhfuil cluichí speisialta imeartha eatarthu sa chomórtas. Roimh an gcluiche anocht, is fiú breathnú siar ar chuid de na cinn nach ndéanfar dearmad orthu.

1979 – Cluiche Ceannais

Arsenal 3-2 Man Utd

An críoch is drámatúla a bhí i gcluiche ceannais Chorn an FA riamh, seans. Agus an cluiche ag teacht chun deiridh, bhí Arsenal 2-0 chun cinn, a bhuíochas le cúil ó Brian Talbot agus ón Éireannach Frank Stapleton, fear a bhuaigh dhá Chorn FA le Utd tar éis dó Arsenal a fhágáil.

Ansin, gan ach cúig nóiméad fágtha, d’aimsigh Gordon McQueen agus Sammy McIlroy dhá chúl sciobtha chun Utd a tharraingt ar comhscór.

Díreach nuair a bhreathnaigh sé go mbeadh am breise ag teastáil, chuir Liam Brady tús le hionsaí amháin eile agus nuair a seoladh an liathróid isteach sa chearnóg, bhí Alan Sunderland san áit cheart chun cúl a aimsiú agus an corn a bhuachan d’Arsenal.

 

1999 – Athimirt Cluiche Leathcheannais

Man Utd 2-1 Arsenal

Ag an tráth seo den séasúr, bhí an dá fhoireann fós in iomaíocht lena chéile sa tsraith agus sa Chorn FA. Chríochnaigh an chéad chluiche sa bhabhta leathcheannais ar comhscór agus chas an dá fhoireann le chéile arís i Villa Park agus turas chuig Wembley i ndán do na buateoirí.

Chuir Dennis Bergkamp Arsenal chun cinn ach d’fhreagair United le cúl ó David Beckham.

Thosaigh cúrsaí ag dul in olcas do United nuair a cuireadh Roy Keane den pháirc sa dara leath. Nuair a bhuaigh Arsenal cic pionóis sa nóiméad deireanach, bhreathnaigh sé go raibh rás Utd rite.

Shábháil Schmeichel iarracht Bergkamp, áfach, agus thug sé sin an deis do Ryan Giggs a mharc a fhágáil ar an gcluiche, ar shéasúr Utd agus ar stair an chomórtais. Fuair Giggs seilbh na liathróide ina leath féin agus, bhuel, tá a fhios agaibh féin céard a tharla ansin…

 

2003 – Babhta 5

Man Utd 0-2 Arsenal

Ní dhéanfar dearmad go deo ar a chúl iontach i ’99, ach cuimhneofar chomh maith ar an seans iontach a chuir Giggs amú sa chluiche seo. Is mó seans áfach go gcuimneofar amach anseo ar an gcluiche seo mar gheall ar ar tharla nuair a séideadh an fheadóg dheireanach.

Nuair a bhuail Arsenal iad, chaill Ferguson an bloc lena imreoirí agus le David Beckham go háirithe. Bhí Ferguson tinn den rírá uile a bhain le saol Beckham ag an am agus is léir go raibh fonn diamhair air an méid sin a chur in iúl don Sasanach.

Agus an fhoireann fós sa seomra feistis tar éis an chluiche, tharraing Ferguson cic ar bhróg peile a bhí ar an urlár agus bhuail sé Beckham díreach san aghaidh. Bhí an pictiúr den ghearradh sna páipéir uile an lá dar gcionn agus faoin am go raibh an samhradh tagtha, bhí Beckham ar a bhealach chuig Real Madrid.

2005 – Cluiche Ceannais

Arsenal 0-0 Man Utd (Bhuaigh Arsenal le ciceanna pionóis)

Bhí ceithre chluiche imeartha idir an dá thaobh faoin am ar chasadar ar chéile sa chorn. Bhuaigh Arsenal an chéad chluiche eatarthu, an Community Shield, ach chaill siad an trí chluiche eile. Ba chosúil go mbeadh an bua ag Utd sa chluiche seo chomh maith mar is iad a bhí go mór in uachtar i rith na 90 nóiméad.

Faraor do chriú Ferguson, ní raibh siad in ann an cúl cinniúnach a fháil, fiú agus an lámh in uachtar acu in am breise. Ar deireadh, bhí ciceanna pionóis ann, an chéad uair a tharla sé sin ó tháinig ann don chomórtas.

Cé gur aimsigh Ruud Van Nistelrooy an chéad cheann do Utd, theip ar Paul Scholes lena iarracht agus thug sé sin an deis do Arsenal an beart a dhéanamh. Lena bhuille deireanach do Arsenal, sula ndeachaigh sé chuig Juventus, scóráil an captaen Patrick Vieira chun an corn a bhuachan d’fhoireann Arsene Wenger.

 

Fág freagra ar '4 chluiche idir Man Utd is Arsenal – fathaigh an Choirn FA'

  • Colm Mac Fhionnghaile

    An ceann deireanach, an cluiche a chríochnaigh ar chomhscór, cinn des na cluichí is measa a bhfaca mé! Go bhfóire Dé bhí sé leadránach ha!