Stair agus seafóid – whataboutery na linne seo

Rud ar bith a rinne an dream eile roimhe seo, is urchar sa chath polaitiúil é ar féidir é a scaoileadh leo am ar bith. Ach an fiú é? Seo a leanas plé nár chualathas ariamh, ach ró-mhinic a chloistear a mhacasamhail i nDáil Eireann agus lasmuigh de. Níl fíorainm tugtha ar fhaitíos go náireofaí na 'cainteoirí'.

Is minic a osclaítear geataí na staire i nDáil Éireann. Pictiúr: Photocall Ireland
Is minic a osclaítear geataí na staire i nDáil Éireann. Pictiúr: Photocall Ireland

 

X (Teachta Dála ó Fhianna Fáil): Cuirfidh polasaí nua seo an rialtais isteach ar mhórán, toisc go…

Y (Teachta Dála Rialtais): Nach mór mínáireach an muineál atá ort, tar éis a ndearna sibhse nuair a bhí sibh i mbun rialtais. B’fhearr duit a bheith tostach, in áit a bheith ag…

X: Ar mhiste leat éisteacht leis an gceist? In áit a bheith ag teacht romham…

Y: Mar a bhí mé ag rá, b’fhearr duit a bheith tostach, in áit a bheith ag clamhsán faoin obair dhian a bhí orainn a dhéanamh ar theacht i gcumhacht dúinn chun an dochar a rinne sibhse a leigheas, gan trácht ar…

X: Tá dearmad déanta agat ar an gcaiteachas dochreidte a bhí á shíormholadh agaibhse nuair a bhí sibhse ar an taobh seo den…

Y: Céard faoi na fiacha a d’fhág sibh i bhur ndiaidh, agus an phraiseach a rinne sibh a d’fhág an tír bancbhriste?

X: Nach agat atá an chuimhne bhearnach! Cá bhfuil  an ré nua sa chóras slainte a gheall sibh?

Y:  Cé a chuir fios ar an IMF nuair nach raibh aon rogha agaibh ach?

X:  Is léir don saol nach mian libh ceist a bhaineann le bhur dtréimhse rialtais féin a fhreagairt, toisc go…

Agus mar sin de. Dála an scéil, a léitheoir uasail, má shíleann tú go bhfuil áibhéil sna línte thuas, ní call duit ach

(a) breathnú ar a ndeirtear agus ceisteanna na gceannairí á bhfreagairt nó riar na hoibré á phlé sa Dáil gach lá

(b) éisteacht le gnáthchlár cúrsaí reatha ina mbíonn ionadaithe an Rialtais agus an fhreasúra i mbun díospóireachta.

Anois, níl locht ar bith ar chorrthagairt stairiúil do ghealluintí nár comhlíonadh nó don dochar a rinne beartais rialtais roimhe seo. Gan amhras, teastaíonn mionchíoradh ar chur i bhfeidhm gach polasaí, mar a dhéanann baill an choiste um Chuntais Phoiblí mar shampla.

Ach níl aon chosúlacht idir plé fiúntach dá leithéid agus an cluiche béal-leadóige a chloistear scaití i nDáil Éireann.

Cháin aire rialtais nach maireann, Conor Cruise O’Brien, meon ar ar thug sé ‘WHATABOUTERY’ sna 1970í.

Bhí sé ag tagairt don chineál freagra a thug daoine a bhí róbháúil (dar leis) le feachtas an IRA i dTuaisceart Éireann.

Aon uair a d’iarrfaí orthu uafás poblachtánach a cháineadh, tharraingeoidís anuas uafás éigin ar an taobh eile.

Oireann ‘whataboutery’ na linne seo do pholaiteoirí, ar bhinsí an rialtais nó ar na binsí thall, ar mian leo plé dáiríre ar fhadhb shuntasach a sheachaint.

Ní leas an phobail ach a mhalairt a dhéanann plé dá leithéid. Níl na meáin gan locht ach oiread, tharla gur leasc linn ráiméis a chur ar an aer nó i gcló.

Ils n’ont rien appris, ni rien oublié — níl dada foghlamtha acu, níl dada dearmadta acu a dúirt an taidhleoir Francach Talleyrand fadó.

Is iad na Bourbons, ritheaglach na tíre, a thug air a ghearán a dhéanamh.

Cuireadh deireadh le réimeas na Bourbons sa bhFrainc breis agus 150 bliain ó shin. Ní gá a thuilleadh a rá.

Is láithreoir é Cathal Mac Coille ar ‘Morning Ireland ar RTE.

Fág freagra ar 'Stair agus seafóid – whataboutery na linne seo'

  • Séamas Mac Coitir

    Is é an ola ar mo chroí a bheith ag éisteacht le Cathal Mac Coille i gcónaí agus é ag cur síos agus ag cíoradh cúrsaí polaitíochta gan fuacht gan faitíos. Tá sé in ann fíricí polaitíochta a mheas go cruinn
    beacht, agus tá sé in ann barúil a thabhairt beag beann ar aon pháirtí ar leith. Go bhfága Dia os cionn a bhuille é, agus fad saoil dó! S. Mac Coitir.