Stailc aonair Uí Riada

Ní bheidh baill tofa eile Shinn Féin ag glacadh páirte i ‘stailc teanga’ an Fheisire Liadh Ní Riada ach tabharfar tacaíocht di

Pic Liadh Ní Riada

Ní bheidh baill thofa eile Shinn Féin ag glacadh páirte i ‘stailc teanga’ an Fheisire Liadh Ní Riada.

D’fhógair an Feisire Ní Riada Dé Máirt ag Comhdháil Idirnaisiúnta ar Chearta Teanga Chonradh na Gaeilge go gcuirfidh sí suas stailc teanga mar chomhartha agóide i coinne mhaolú na Gaeilge san Aontas Eorpach. Gaeilge amháin a labhróidh sí le linn Sheachtain na Gaeilge.

D’iarr Tuairisc.ie ar bhaill eile Shinn Féin, idir Theachtaí Dála, Sheanadóirí agus Fheisirí Eorpa, cé acu an raibh nó nach raibh sé i gceist acu an stailc chéanna a chur suas.

Thug an páirtí freagra i scríbhinn thar ceann na mball tofa do Tuairisc.ie inar míníodh go mbeidh siad ag tacú le Ní Riada ach nach fios acu go fóill cén chaoi a thabharfaidh siad an tacaíocht sin di.

“Beidh Teachtaí agus Seanadóirí Shinn Féin i dTeach Laighean ag féachaint ar shlite éagsúla chun tacú le Liadh.

“Tá Sinn Féin fíorbhródúil as an úsáid a bhainimid as an nGaeilge sna forais oifigiúla stáit. Beidh plean á fhoilsiú againn an tseachtain seo chugainn le ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge agus beidh ár dtogra chun tacú le Stailc Teanga Liadh san áireamh,”  a dúradh.

Thug roinnt ball eile le fios i bhfreagraí aonair go dtacaíonn siad le rún an Riadaigh ach níor dheimhnigh siad go labhróidís an Ghaeilge agus sin amháin agus iad i mbun oibre le linn Sheachtain na Gaeilge.

“Tá mé ag obair le Conradh na Gaeilge ar réimse imeachtaí sa Dáil a bheas i nGaeilge ar Chéadaoin 11 Márta, ina measc Ceisteanna na gCeannairí. Tá an páirtí go hinmheánach chun an Ghaeilge a chur chun cinn le linn Sheachtain na Gaeilge agus ina diaidh,” a dúirt Aengus Ó Snodaigh TD.

Dúirt urlabhraí an Teachta Dála Caoimhghín Ó Caoláin go mbaineann an Teachta úsáid as an teanga go rialta.

“Baineann an Teachta Ó Caoláin úsáid an an nGaeilge go rialta ina chuid óráidí, ina chuid oibre ar choiste sláinte na Dála agus i ngnáthobair an Teachta,” a dúradh.

Dúirt urlabhraí an Fheisire Martina Anderson go bhfuil sí go mór ar son na Gaeilge cé nach bhfuil Gaeilge ar a toil aici.

“Martina has been very active on the Irish language in the Eurpean Parliament particularly in relation to the derogation. As the only Sinn Féin FPE prior to the last election she spoke in plenary on a number of occasions to raise awareness on it.

“She also met with EP President Martin Schulz with other Irish FPE to push for full Irish language coverage of the EP website which was subsequently achieved. However, Martina is not a fluent Irish speaker like Liadh an therefore will not be on the strike. That said Martina is fully supportive of Liadh’s position as are all the Sinn Féin FPE,” a dúirt an t-urlabhraí.

Cuirfear tús ‘le stailc’ Liadha Uí Riada ar an 1 Márta.

Fág freagra ar 'Stailc aonair Uí Riada'

  • Iasan Ó Riabhaigh

    Ach an bhfuil aon slí eile chun tacú le seo?
    Mar shampla,bhfuil achainí nó rud den chineál seo le fáil in áit ar bith?