‘Stádas dátheangach’ fógartha do Chathair na Gaillimhe

Deir Gaillimh le Gaeilge gur ‘deich mbliana d’obair le gnólachtaí agus eagrais na cathrach’ is cúis le fógra Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus gur chun leas na Gaeilge sa chathair a rachaidh sí

Quay_Street,_Gaillimh-Galway_City_-_geograph.org.uk_-_1249982

Tá socruithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe ‘stádas dátheangach’ a bhronnadh ar chathair na Gaillimhe Lá Fhéile Pádraig.

Nuair a chuirfear an stádas i bhfeidhm go hoifigiúil i mí an Mhárta, ceapfar coiste stiúrtha chun tógáil ar an stádas. Tá an t-eagras Gaillimh le Gaeilge, a bhí taobh thiar den rún ar ghlac an Chomhairle leis, ag súil go mbeidh ionadaithe ar an gcoiste sin ón gComhairle Cathrach, ó na heagrais uile Ghaeilge atá sa chathair, agus ó earnálacha an ghnó, an oideachais agus an chultúir.

Tá Gaillimh le Gaeilge ag súil freisin go gcuirfí i bhfeidhm ‘creatlach gníomhaíochtaí’ atá luaite leis an rún a ritheadh sa Chomhairle Cathrach le deireanas.

“Bheadh muid ag súil le cúpla rud; an príomhcheann ná coinníoll éigin a bheith ann ó thaobh cúrsaí pleanála go mbeadh dualgas ar dhaoine a thiocfadh isteach sa chathair agus óstán, bialann nó gnólacht eile á cur ar bun acu, an Ghaeilge a chur mar chuid den chomharthaíocht acu.

“Ba mhór an cuidiú é nuair a socraíodh go mbeadh ainmneacha Gaeilge ar na heastáit nua tithíochta, agus táthar ag súil an polasaí sin a leathnú anois go dtí na bóithre agus na páirceanna gnó freisin. Tá áiteacha sa chathair atá sa Ghaeltacht oifigiúil,” a dúirt Bríd Ní Chonghóile ó Ghaillimh le Gaeilge.

Táthar ag súil freisin go mbeidh Oifigeach Gaeilge ag obair i gComhairle Cathrach na Gaillimhe le breathnú i ndiaidh cúrsaí Gaeilge sa chathair. Dúirt Ní Chonghóile go mbeadh sé “an-deacair cathair dhátheangach” a fhorbairt gan a leithéid de ról a bheith san údarás áitiúil.

Mhínigh sí do Tuairisc.ie go bhfuil Gaillimh le Gaeilge ag obair chuige seo le deich mbliana anuas. Bhí an obair ag dul ar aghaidh go sásúil le linn na tréimhse sin, a dúirt sí, ach bhí deiseanna á gcailleadh ag an eagraíocht mar bhí go leor comhlachtaí móra ag teacht isteach sa chathair agus gan aon dualgas teanga orthu.

“Bhí gá le rud éigin oifigiúil a d’aithneodh an obair mhór a bhí déanta cheana féin. Bhí an obair uilig a rinneadh le deich mbliana anuas ag dul i dtreo na físe sin agus tá muid ag súil gur todhchaí dhátheangach atá amach roimh an gcathair anois.

“Tá go leor deiseanna tagtha chun cinn i mbliana, tá comóradh 1916 ann agus tá Gaillimh 2020 ag obair leo, agus is deiseanna iad sin ar féidir iad a thapú agus a thabhairt ar aghaidh céim eile. Tá na rudaí céanna nach mór ag na cathracha eile atá san iomaíocht le bheith mar Chathair Chultúir, ó thaobh amharclann, cultúir agus ealaíon de, ach níl an teanga acu mar atá againne i nGaillimh,” a dúirt Ní Chonghóile.

Luaigh sí freisin go mbeidh an Chomhairle Cathrach ag déanamh obair mhór ar son na teanga taobh istigh den chomhairle féin agus go mbeadh gach fógra agus seirbhís ar fáil uaithi go dátheangach agus go mbeadh sí “níos diongbháilte” maidir le chun cinn na Gaeilge.

An samhradh seo caite bhí an Chomhairle á fiosrú ag an gCoimisinéir Teanga toisc go raibh ag teip uirthi coda dá Scéim Teanga a chur i bhfeidhm. D’iarr an Coimisinéir tuarascáil i scríbhinn ón gcomhairle faoin gceist. D’éiligh an Comhairleoir Catherine Connolly an t-am sin go bhfostódh an Chomhairle Oifigeach Gaeilge.  

Fág freagra ar '‘Stádas dátheangach’ fógartha do Chathair na Gaillimhe'

  • Liam

    I ndáiríre más cathair dátheangach a bheas i gceist an bhfuil aon comharsanacht lán gaeilge ann, stáisiún raidió, cúpla café a fhreastalaíonn ort trí Ghaeilge títhe tábharine mar an gcéana, cumainn sport, sé sin rudaí atá ar fáil i fíor chathair dátheangach ar nós Béal Feirste áit gur féidir leat do shaol a chaitheamh ag labhairt Gaeilge más mian leat.

  • padraig

    ba cheart liosta de na háiteanna sin ‘gnó trí a chur I dtoll a chéile ….más ann dóbh.

  • dudley mckeown

    Seafóid