Séasúr na ngeansaithe móra chugainn arís agus pleananna le déanamh

Cuireadh ar a súile dár gcolúnaí le déanaí gur am ‘iontach’ den bhliain é an fómhair le tabhairt faoi rud ar bith a bhí curtha ar an méar fhada agat...

Séasúr na ngeansaithe móra chugainn arís agus pleananna le déanamh

Tá an fómhar linn sa deireadh agus é in am na geansaithe móra a tharraingt ar ais ó na leamhain, is iad a chaitheamh os cionn pébrí céard a bhí á chaitheamh agat ar feadh an tsamhraidh. Srathú a thugtar air sin is tá sé an-fhaiseanta.

Seans gur cheap tú nach raibh á dhéanamh agat ach geansaí a chaitheamh agat ort féin mar go raibh an mothú imithe as do chuid méaracha leis an bhfuacht, ach níorbh ea. I ngan fhios duit féin, seans, ag srathú do chuid éadaí a bhí tú.

Caithfidh tú a bheith cúramach, áfach, gan é a mheascadh suas le srathrú, is a bheith ag caitheamh chuile chineál pluid agus cóta trasna ar do dhroim, mar a dhéantaí le cléibh mhóna ar asal, mar shampla, is ag imeacht anonn is anall agus na cosa ag lúbadh fút.

B’fhéidir gurb é sin an áit a ndeachaigh mé fhéin amú agus mé ag tabhairt faoi shrathú éadaí don fhómhair. ’Séard ba cheart dom a bheith déanta agam in áit a bheith ag caitheamh trí cinn de gheansaithe, veist theirmeach, scaif agus cóta os a chionn sin arís ná baill éadaigh éadroma a mheaitseáil is iad a chaitheamh ina sraitheanna deasa os cionn a chéile.

Tá a fhios agat go bhfuil tú ag dul amú in áit éicint nuair a théann tú ag cur hata ort féin is go bhfaigheann tú amach go bhfuil hata ort cheana féin is go raibh dearmad déanta agat air.

Ar ndóigh, tá níos mó i gceist leis an bhfómhar ná srathú cliste éadach, cloisim gurb é an fómhar an t-am is fearr den bhliain le tabhairt faoi thogra nua i do shaol.

Bliain nua bheag atá sa bhfómhar ar bhealach agus tugann sé deis don té nár éirigh rómhaith lena chuid dea-rún ag tús na bliana, iarracht eile a dhéanamh cuma éicint a chur air féin. Bhí dearmad glan déanta agam féin ar mo chuid dea-rún, dearmad in aon turas má bhím ionraic. Agus ós rud é go bhfuil mé ag insint na fírinne, bhí sé chomh maith agam a rá nach raibh mairg orm.

Go dtí an lá cheana nuair a cuireadh ar mo shúile dom gur am ‘iontach’ den bhliain é an fómhair le tabhairt faoi rud ar bith a bhí curtha ar an méar fhada agat. Nó, i bhfocail eile, má tá do choinsias srathraithe ag plean éicint, tá am fós agat lena fhuascailt.

Tugann beirt scríbhneoirí, Brian P. Moran agus Michael Lennington an coincheap níos faide arís ina leabhar The Twelve Week Year ina molann siad an bhliain uilig a bhriseadh suas ina tréimhsí dhá sheachtain dhéag agus ‘bliain nua’ a dhéanamh as chuile cheann acu.

Deir siad go mbíonn an chuid is mó daoine agus eagraíochtaí ag díriú ar phleananna bliana agus go bhfuil sé ró-éasca a bheith ag cur rudaí ar an méar fhada.

Tuigim an rud atá i gceist acu, ach tá sé sách dona plean amháin a bhriseadh in aghaidh na bliana, ach ceithre cinn? Sin é an uair a mbeifeá srathraithe, is tá a fhios ag chuile dhuine nach bhfuil aon mhaith ansin.

Fág freagra ar 'Séasúr na ngeansaithe móra chugainn arís agus pleananna le déanamh'