An tsraith seo tuillte ag Tiobraid Árann

Foghlaimeoidh na foirne ar fad cuid mhaith fúthu féin an Domhnach seo ach seans gurb iad na Corcaígh agus na Tiobradaigh a thabharfaidh an lá leo

Padraic Maher agus foireann Tiobrad Árann. Pictiúr: ©INPHO/Donall Farmer
Padraic Maher agus foireann Thiobrad Árann. Pictiúr: ©INPHO/Donall Farmer

Beimid ag triall ar Pháirc Uí Nualláin an Domhnach beag seo agus sinn ag súil go mbeidh cuma an tSamhraidh ar na coimhlintí. Caithfidh go mbeidh dhá chluiche shuimiúil ann. Sa chéad cheann, tá Baile Átha Cliath ag fáil deis díoltas a bhaint amach don léasadh a fuaireadar ó Chorcaigh i bPáirc an Chrócaigh cúpla seachtain ó shin, agus níl aon fhocal eile ann le cur síos ar ar tharla dóibh seachas ‘léasadh’. Ghéilleadar 34 cúilín sa chluiche sin agus bhí cuma na hainnise orthu ó thosach deireadh. Ní fada roimhe sin a thugadar féin léasadh do Thiobraid Árann agus Cill Chainnigh.

Mar sin, tháinig an drochthaispéantas i gcoinne Chorcaí aniar aduaidh orainn. An cheist ná ‘cé acu Baile Átha Cliath’ a fheicfimid ar an nDomhnach?

Bhí cuma mhaorga ar fhir Jimmy Barry Murphy an oíche chéanna. Ach thit an tóin astu ar fad go luath ina dhiaidh sin i gcoinne Thiobraid Árann nuair a scóráladh dosaen cúilíní ina gcoinne sa cheathrú deireanach.

Mar sin an féidir aon tátal a bhaint as taispéantais an dá fhoireann go dtí seo?

Bhuel, is féidir a rá  nach raibh ceachtar den dá fhoireann seasmhach ina gcuid imeartha i mbliana.

Bhí na cluichí eathartu le cúpla bliain anuas an-oscailte agus má bhíonn sé amhlaidh ar an nDomhnach, buafaidh Corcaigh.

I mo thuairimse, caithfidh Baile Átha Cliath tosú le cosantóir breise agus b’fhéidir é a chur idir lár páirce agus an líne leathchúil. Nó b’fhéidir córas cosantach ar nós an cheanna atá á úsáid ag Port Láirge le cúpla cluiche anuas a chur i bhfeidhm. Níl Páirc Uí Nualáin chomh leathan le Páirc an Chrócaigh agus oirfidh an méid sin do Bhaile Átha Cliath.

Bunaithe ar an gcluiche deireanach eatarthu, ba cheart go mbuafadh Corcaigh.

Bunaithe ar na cluichí ceathrú ceannais, is fearr atá Baile Átha Cliath ag imirt ná Corcaigh i láthair na huaire. Foghlaimeoidh an dá fhoireann cuid mhaith ón gcluiche seo agus beidh cluiche eile mar chreach ag an mbuaiteoir.

B’fhéidir go rachaidh sé chuig am breise sara mbeidh buaiteoir ann.

Mar a scríobh mé an tseachtain seo caite, tá mé an-tógtha le himreoirí agus cur chuige Phort Láirge i láthair na huaire.

An Domhnach seo foghlaimeoidh siad níos mó fúthu féin. Tá Tiobraid Árann gan dornán imreoirí den chúigear déag is fearr sa chontae. Ach fós beidh siad láidir.

Bhí Port Láirge go diail ar fad sa dá chluiche dheireanacha. Tá borradh iontach fúthu faoi láthair. Cinnte, tá seans réasúnta acu ar an nDomhnach.

Ach más ann do chothrom na Féinne san iománaíocht ag an leibhéal seo, tá an tsraith seo tuillte ag Tiobrad Árann. Ná dein dearmad gur chailleadar an dá chomórtas dheireanacha gan trácht ar Chorn Mhic Cárthaigh anuraidh.

‘Sea, tá cuma na bagartha orthu le tamall. Gan dabht, ní bheidh imreoiri na nDéise ag tabhairt aon aird air sin. Ní dóigh go bhfuileadar chomh haltrúíoch sin.  

Bheadh iontas orm mura mbeadh an lá leis na Tiobradaigh.

Fág freagra ar 'An tsraith seo tuillte ag Tiobraid Árann'