SRAITH PICTIÚR: Cuairt an Uachtaráin

Sraith Pictiúr na hArdteiste (SP 19). Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith

Físeán

Bileog Oibre

Bileog Oibre

Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, scríobh agus ag caint

  • Féach ar bhosca 1 san fhíseán thuas agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.

  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).   

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán?

  • Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí

  • Féach ar bhoscaí 2 agus 3 san fhíseán.
  • Thíos tá cur síos ar bhoscaí 2 agus 3. Déan iarracht na bearnaí a líonadh.

  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist arís leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 3 – cuir in ord

Thíos tá cur síos ar bhoscaí 4 agus 5 ón bhfíseán, ach níl na habairtí san ord ceart. An féidir leat iad a chur san ord ceart?

  • Déan do fhreagra a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 4 agus 5. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 4- bí ag scríobh agus ag caint

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6 san fhíseán.
  • Tá roinnt focal/nathanna sa liosta thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie nó www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 5 – bí ag léamh

Léigh an cur síos thíos ar an tSraith Pictiúr.

Gníomhaíocht 6 – bí ag éisteacht

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an tSraith Pictiúr.
  • Ag an am céanna, más maith leat, breathnaigh ar théacs an fhíseáin, atá ag bun an leathanaigh seo.

Gníomhaíocht 7 – ciorcal comhrá

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh), déan cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine in aice leat. Ansin déanfaidh sé sin cur síos ar na trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtnéirí difriúla.

  • Cuir roinnt de na ceisteanna, atá ag bun an leathanaigh seo, faoi ‘Ceisteanna don Idirghníomhaíocht’, ar a chéile.

  • Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 8 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an tSraith Pictiúr.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 9 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.

  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.

  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte, cuardaigh é ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 10 – céard fút féin?

  • Tabhair cuntas ar chuairt a thug duine éigin cáiliúil ar do scoil. Déan scéal a cheapadh más gá.
  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.

  • Cuardaigh focail agus briathra nua ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga:

    Tabhair cuntas, tabhair sonraí na cuairte, tabhair tréithe an duine, cuir buíochas in iúl, abair céard a thaitin libh faoin gcuairt.

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.

  • Arís is féidir tú féin a thaifead.

 


Cuairt an Uachtaráin

(Téacs an fhíseáin)

1)Ag tús na scoilbhliana bhí cruinniú ag comhairle na ndaltaí.
Bhíodh cruinnithe acu chuile Mháirt ag ceathrú tar éis a haon.
Phléigh siad an obair a bheadh idir lámha acu i rith na bliana.
Shocraigh siad cuireadh a thabhairt don Uachtarán cuairt a thabhairt ar an scoil.
Chuir cathaoirleach na comhairle ceist ar an bpríomhoide faoi.

2) Cúpla seachtain ina dhiaidh sin, fuair siad litir ó oifig an Uachtaráin.
Is iad a bhí ar bís ag oscailt na litreach.
Ba dhóbair gur thit siad i laige nuair a chonaic siad céard a bhí inti.
Bhí an tUachtarán tar éis glacadh lena gcuireadh.

3) Socraíodh go dtabharfadh an tUachtarán cuairt ar an scoil ar an seachtú lá déag de mhí Eanáir.
Bhí múinteoirí, tuismitheoirí agus scoláirí ag obair as lámha a chéile le cinntiú go mbeadh chuile shórt in ord agus in eagar don ócáid.
Bhí togha gach bia agus rogha gach dí acu don ócáid.
Ní raibh barr cleite isteach ná bun cleite amach.

4) Tháinig lá na cinniúna sa deireadh thiar.
Bhí sé ag stealladh báistí agus b’éigean don phríomhoide dul chuig carr an Uachtaráin le scath fearthainne.
Bhí gach duine ar bís.
Chuir an príomhoide fáilte ghroíúil roimh an Uachtarán.

5. Tugadh an tUachtarán chuig halla na scoile.
Thug cathaoirleach chomhairle na ndaltaí óráid os comhair an tslua.
Chuir sí fáilte roimh an Uachtarán agus labhair sí faoin scoil.
Ina dhiaidh sin, thug an tUachtarán óraid den chéad scoth uaidh.

6) Bhí taispeántas ceoil agus rince ann ina dhiadh sin.
Is dóigh liom gur bhain an tUachtarán an-taitneamh as.
Bhain na scoláirí an-taitneamh as imeachtaí an lae.

Ceisteanna:

  • Cén sórt aimsire atá ann i mBosca 4?

  • Cén t-am atá luaite i mBosca 1?

  • Cén dáta atá luaite i mBosca 3?

Fág freagra ar 'SRAITH PICTIÚR: Cuairt an Uachtaráin'