SRAITH PICTIÚR: Turas go dtí Comórtas Leadóige Wimbledon

Sraith Pictiúr na hArdteiste. Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith

Físeán

Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, scríobh agus ag caint

  • Féach ar bhosca 1 san fhíseán thuas agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.

  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).   

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán?

  • Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí

  • Féach ar bhoscaí 2 agus 3 san fhíseán.
  • Thíos tá cur síos ar bhoscaí 2 agus 3. Déan iarracht na bearnaí a líonadh.

  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist arís leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 3 – cuir in ord

Thíos tá cur síos ar bhoscaí 4 agus 5 ón bhfíseán, ach níl na habairtí san ord ceart. An féidir leat iad a chur san ord ceart?

  • Déan do fhreagra a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 4 agus 5. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 4- bí ag scríobh agus ag caint

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6 san fhíseán.
  • Tá roinnt focal/nathanna sa liosta thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie nó www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 5 – bí ag léamh

Léigh an cur síos thíos ar an tSraith Pictiúr.

Gníomhaíocht 6 – bí ag éisteacht

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an tSraith Pictiúr.
  • Ag an am céanna, más maith leat, breathnaigh ar théacs an fhíseáin, atá ag bun an leathanaigh seo.

Gníomhaíocht 7 – ciorcal comhrá

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh), déan cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine in aice leat. Ansin déanfaidh sé sin cur síos ar na trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtnéirí difriúla.

  • Cuir roinnt de na ceisteanna, atá ag bun an leathanaigh seo, faoi ‘Ceisteanna don Idirghníomhaíocht’, ar a chéile.

  • Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 8 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an tSraith Pictiúr.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 9 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.

  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.

  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte, cuardaigh é ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 10 – céard fút féin?

  • Scríobh comhrá a bheadh idir tú féin agus do chara agus sibh ag i láthair ag ócáid mhór spóirt
  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga:
    Bíodh sceitimíní oraibh, cuir taitneamh agus pléisiúr in iúl, déan cur síos ar an imeacht féin.
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.
  • Arís is féidir leat tú féin a thaifeadadh.

Turas go dtí Comórtas Leadóige Wimbledon

(Téacs an fhíseáin)

1) Anuraidh tháinig scrúduithe an tsamhraidh chun críche i dtosach mhí an Mheithimh
Lig na scoláirí ar fad osna faoisimh.
Chuaigh Seán, Liam agus Pádraig ag imirt leadóige lena scíth a ligean.
Dúirt Liam gur bhuaigh sé ticéad do chomórtas leadóige Wimbledon.
Bheartaigh siad aghaidh a thabhairt ar Londain.

2) Coicís ina dhiaidh sin thug siad aghaidh ar Londain. Shroich siad an t-aerfort go moch ar maidin.
Chláraigh siad na málaí agus fuair siad a bpasanna bordála.
Bhí tuismitheoirí Liam ina dteannta.
Dúirt siad leo taitneamh a bhaint as an turas agus téacs a sheoladh gach lá.

3) Shroich siad ceann scríbe dhá uair an chloig ina dhiaidh sin
Bhí óstán den chéad scoth curtha in áirithe acu.
Bhí radharc acu ar dhroichead Londan.
Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch.
Thaitin an biachlár go mór leo agus cheap siad go raibh an seomra an-chompordach

4) An lá dár gcionn chuaigh siad ar thuras bus timpeall na cathrach.
Bhain siad lán na súl as na hiontais a bhí le feiceáil.
Bhí siad an-tógtha le Big Ben agus súil Londan.
Bhí an áit dubh le daoine.
Thaitin an turas go mór leo.

5) San iarnóin thug siad aghaidh ar Wimbledon.
Bhí áthas an domhain orthu gur éirigh leo bualadh lena laochra leadóige.
Fuair Liam síniú ó Nadal agus fuair an bheirt eile síniú ó Djokovic.
Bhí a gcroíthe ag preabadh ina dtintreach.

6) Bhí cúirt láir Wimbledon plódaithe.
Bhí comhrac an bhradáin idir an bheirt imreoirí.
Thug Djokovic an lá leis sa deireadh.
D’aontaigh na buachaillí go raibh an t-ádh dearg leo cluiche mar é a fheiceáil. Bhí turas den scoth acu agus bhí brón orthu ag dul abhaile.

Ceisteanna don Idirghníomhaíocht:

  • Cad iad na scrúduithe atá ar siúl?
  • Cén spórt atá na buachaillí a imirt (bosca 1)?
  • Cén aerlíne atá i gceist (bosca 2)?
  • Cén sórt aimsire atá ann i mbosca 3?
  • Cé leis a bhfuil siad ag caint i mbosca 5?