SRAITH PICTIÚR: Buntáistí Móra na hIdirbhliana

Sraith Pictiúr na hArdteiste. Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith

SRAITH PICTIÚR: Buntáistí Móra na hIdirbhliana

Físeán

Bileog Oibre

Bileog Oibre

Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, scríobh agus ag caint

  • Féach ar bhosca 1 san fhíseán thuas agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.

  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).   

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán?

  • Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí

  • Féach ar bhoscaí 2 agus 3 san fhíseán.
  • Thíos tá cur síos ar bhoscaí 2 agus 3. Déan iarracht na bearnaí a líonadh.

  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist arís leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 3 – cuir in ord

Thíos tá cur síos ar bhoscaí 4 agus 5 ón bhfíseán, ach níl na habairtí san ord ceart. An féidir leat iad a chur san ord ceart?

  • Déan do fhreagra a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 4 agus 5. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 4- bí ag scríobh agus ag caint

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6 san fhíseán.
  • Tá roinnt focal/nathanna sa liosta thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie nó www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 5 – bí ag léamh

Léigh an cur síos thíos ar an tSraith Pictiúr.

Gníomhaíocht 6 – bí ag éisteacht

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an tSraith Pictiúr.
  • Ag an am céanna, más maith leat, breathnaigh ar théacs an fhíseáin, atá ag bun an leathanaigh seo.

Gníomhaíocht 7 – ciorcal comhrá

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh), déan cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine in aice leat. Ansin déanfaidh sé sin cur síos ar na trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtnéirí difriúla.

  • Cuir roinnt de na ceisteanna, atá ag bun an leathanaigh seo, faoi ‘Ceisteanna don Idirghníomhaíocht’, ar a chéile.

  • Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 8 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an tSraith Pictiúr.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 9 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.

  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.

  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte, cuardaigh é ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 10 – céard fút féin?

  • An ndearna tú féin an Idirbhliain? Ar thaitin sé leat? Déan cur síos ar an mbliain.

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.

  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga:

    Déan seasamh a thógáil, déan cur síos, abair gur thaitin/nár thaitin rud leat agus tabhair cúiseanna, cuir easaontas  agus éiginnteacht in iúl, tabhair moltaí.

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.

  • Arís is féidir tú féin a thaifead.

 


Buntáistí Móra na hIdirbhliana

(Téacs an fhíseáin)

1) Ag tús na scoilbhliana labhair an príomhoide leis na daltaí faoi bhuntáistí na hidirbhliana.
Luaigh sí na scileanna a dtiocfadh* feabhas orthu i rith na bliana, scileanna ar nós…
Bhí an seomra chomh ciúin le reilig.
Bhí gach mac máthar ag tnúth go mór leis an idirbhliain.

2) I ndeireadh mhí na Samhna thugadar turas ar ionad eachtraíochta ar feadh deireadh seachtaine.
Dheineadar go leor imeachtaí éagsúla cosúil le rámhaíocht, dreapadóireacht, cadhcáil agus boghdóireacht.
Bhí deireadh seachtaine den chéad scoth acu.
Bhíodar tuirseach, traochta, tnáite ag a dheireadh.

3) Léirigh siad ceoldráma** i mí Feabhra.
Dheineadar obair na gcapall roimh ré.
“Cleachtadh a dhéanann máistreacht,” a dúirt an múinteoir leo.
Bhí an halla dubh le daoine gach oíche.
Ar an oíche dheireanach, dúradar nach ndéanfaidís dearmad go deo ar an gcúpla lá sin.

4) Bhí go leor aoichainteoirí acu i rith na bliana.
I mí na Márta*** tugadh cur i láthair dóibh faoi shábháilteacht ar an mbóthar.
Labhair an fear faoi na cúiseanna atá le timpistí bóthair.
Chuir cuid de na pictiúirí alltacht ar na scoláirí ach d’aontaíodar ar fad gur cur i láthair fiúntach a bhí ann.

5) I mí Bealtaine thugadar cuairt ar Dháil Éireann.
Bhí an áit lán go béal le daoine mar bhí ábhar tábhachtach á phlé an lá sin.
Thug Enda Kenny óráid den chéad scoth uaidh.
Dhein sé tagairt do scoláirí na hidirbhliana a bhí ar cuairt.
Bhí sceitimíní ar na scoláirí.

6) Ba é an turas scoile thar lear buaicphointe na bliana, áfach.
Bhíodar ag tnúth leis an turas ó thús na bliana.
Bhaineadar an-taitneamh**** as an turas, an chuairt ar an Nou Camp go háirithe.
Ní raibh pingin rua acu ag teacht abhaile.
Ag deireadh na scoilbhliana, chuireadar a dtuairimí ar phár.
Mheasadar go raibh an idirbhliain tairbheach, spreagúil agus fiúntach.

*‘go dtiocfadh’ a chloistear anseo. Is minic ‘go’ le cloisteáil i nGaeilge na Mumhan san áit a mbeadh ‘a’ sa scríobh.

** ‘Ceoldhráma’ a chloistear anseo. Níl cead é seo a scríobh toisc go bhfuil DeNTaLS i gceist, ach uaireanta ní bhactar le DeNTaLS sa chaint bheo i nGaeltacht na Mumhan ná i nGaeltacht Chonamara.

*** Tá ‘Márta’ baininscneach ó dheas

**** ‘Ana-thaithneamh a chloistear anseo, an leagan Muimhneach de ‘an-taitneamh’.

Ceisteanna:

  • Cén chluiche a bhí ar siúl sa Nou Camp?

  • Cén cheoldráma a léirigh siad?

  • Cén ábhar a bhí á phlé acu?

Fág freagra ar 'SRAITH PICTIÚR: Buntáistí Móra na hIdirbhliana'

  • Eoghan Ó Tuile

    Tá botún ann in alt 5, líne 5.
    Scoláirí na* hidirbhliana