SRAITH PICTIÚR: Sláinte na nÓg – Seachtain na Sláinte

Sraith Pictiúr na hArdteiste (SP 12). Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith

Físeán

Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, scríobh agus ag caint

  • Féach ar bhosca 1 san fhíseán thuas agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.

  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).   

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán?

  • Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí

  • Féach ar bhoscaí 2 agus 3 san fhíseán.
  • Thíos tá cur síos ar bhoscaí 2 agus 3. Déan iarracht na bearnaí a líonadh.

  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist arís leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 3 – cuir in ord

Thíos tá cur síos ar bhoscaí 4 agus 5 ón bhfíseán, ach níl na habairtí san ord ceart. An féidir leat iad a chur san ord ceart?

  • Déan do fhreagra a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 4 agus 5. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 4- bí ag scríobh agus ag caint

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6 san fhíseán.
  • Tá roinnt focal/nathanna sa liosta thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie nó www.teanglann.ie.

 

Screen Shot 2016-11-02 at 12.49.37

Gníomhaíocht 5 – bí ag léamh

Léigh an cur síos thíos ar an tSraith Pictiúr.

Gníomhaíocht 6 – bí ag éisteacht

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an tSraith Pictiúr.
  • Ag an am céanna, más maith leat, breathnaigh ar théacs an fhíseáin, atá ag bun an leathanaigh seo.

Gníomhaíocht 7 – ciorcal comhrá

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh), déan cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine in aice leat. Ansin déanfaidh sé sin cur síos ar na trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtnéirí difriúla.

  • Cuir roinnt de na ceisteanna, atá ag bun an leathanaigh seo, faoi ‘Ceisteanna don Idirghníomhaíocht’, ar a chéile.

  • Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 8 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an tSraith Pictiúr.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 9 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.

  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.

  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte, cuardaigh é ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 10 – céard fút féin?

  • Tá tú ag labhairt leis an bpríomhoide faoi sheachtain sláinte a eagrú sa scoil. Scríobh an comhrá a bheadh eadraibh. 
  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga:
    Déan tuairimí a nochtadh, bíodh ceisteanna ag an bpríomhoide, tabhair soiléiriú, déan rudaí a iarraidh ar an bpríomhoide, bíodh comhairle á tabhairt.
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.
  • Arís is féidir tú féin a thaifeadadh.

 


Sláinte na nÓg – Seachtain na Sláinte

(Téacs an fhíseáin)

1) An mhí seo caite d’eagraigh Coiste na dTuismitheoirí seachtain sláinte i gColáiste Eoin.
Rinne an príomhoide fógra faoi an mhaidin sin ar an ngléas idirchumarsáide.
Bhí na scoláirí ag tnúth go mór leis.
Bhí na múinteoirí ag súil go mbainfeadh siad taitneamh agus tairbhe as.

2) Eagraíodh cluiche sacair idir na scoláirí agus na múinteoirí don Mháirt.
Bhí comhrac an bhradáin eatarthu.
Thug na scoláirí an lá leo sa deireadh.
Fad is a bhí an cluiche ar siúl bhí seisiúin ióga ar siúl i halla na scoile.

3) Ar an gCéadaoin bhí seisiún eolais faoi bhia folláin.
Bhí sé tugtha faoi deara ag múinteoirí go raibh go leor daltaí ag ithe bia nach raibh folláin.
An lá sin bhí ceaintín na scoile lán go doras le torthaí, arán donn agus iógart.
Bhí scuaine mhór, fhada ann ag am lóin.

4) Reáchtáladh siúlóid urraithe ar an Déardaoin.
Ghlac slua maith daoine páirt ann.
Shiúil siad timpeall an bhaile mhóir.
Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch.
Bhí siad tuirseach, traochta, tnáite ina dhiaidh.

5) Maidin Dé hAoine labhair an gairmthreoraí le scoláirí bhliain 6.
Thosaigh sí ag caint faoi fhadhbanna daoine óga, brú scrúduithe ach go háirithe.
Mhol sí dóibh labhairt le duine éigin má bhí fadhb acu.
Thug na scoláirí cluas le héisteacht di.

6) Tháinig deireadh le seachtain na sláinte tar éis lóin ar an Aoine.
Chuaigh an príomhoide ar an ngléas idirchumarsáide le buíochas a ghabháil le gach duine a ghlac páirt.
Dúirt sí go raibh seachtain den scoth acu agus gur éirigh go geal leis na himeachtaí ar fad.

Ceisteanna don Idirghníomhaíocht:

  • Cén t-am é i mbosca 1?
  • Cé atá ag labhairt i mbosca 1?
  • Luaigh bia amháin atá luaite i mbosca 3?
  • Cén sórt aimsire atá ann i mbosca 4?
  • Cén t-am é i mbosca 6?